Leathanach XXX?
Buntéacs
bhí crathán léinn aige
Téacs caighdeánach
bhí crothán léinn aige
Béarla
he had a modicum of education
Téamaí
Oideachas
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 4
Buntéacs
breast é mar Bhéarla!
Téacs caighdeánach
breast é mar Bhéarla!
Béarla
to hell with English!
Téamaí
Oideachas, Cúinsí sóisialta, Beannachtaí agus mallachtaí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 5
Buntéacs
díoghbháil a’ léighinn
Téacs caighdeánach
díobháil an léinn
Béarla
a lack of learning
Téamaí
Oideachas, Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 6
Buntéacs
bhí sé ‘n-aon chorr i measg na scoláirí
Téacs caighdeánach
bhí sé ina éan chorr i measc na scoláirí
Béarla
he was the odd one out among the students
Téamaí
Oideachas, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Mothúcháin
Leathanach 7
Buntéacs
a’ tnúth d’inntleachta leat
Téacs caighdeánach
ag tnúth d’intleachta leat
Béarla
envious of your intelligence
Téamaí
Oideachas, Tréithe daonna, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 7
Buntéacs
shaoil sé an dubh-rud do’n léigheann
Téacs caighdeánach
shíl sé an dúrud den léann
Béarla
he thought the world of education
Téamaí
Mothúcháin, Oideachas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 10
Buntéacs
shílfeá nach mbéadh cáipís ar bith air as a leithéid sin a theagasg
Téacs caighdeánach
shílfeá nach mbeadh cáipéis ar bith air as a leithéid sin a theagasc
Béarla
you wouldn’t think he'd be reprimanded, penalised for teaching something like that
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Dlí - ceartas - pionós, Oideachas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 12
Buntéacs
na páistí … a chur i dtréas ar an Athair Shíorruidhe
Téacs caighdeánach
na páistí… a chur i dtréas ar an Athair Shíoraí
Béarla
to drive the children to rebel against God
Téamaí
Oideachas, Reiligiún agus creideamh, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 18
Buntéacs
nach bhfuil fhios agat nach dtig sagart a dheánamh ar iasgaireacht
Téacs caighdeánach
nach bhfuil a fhios agat nach dtig sagart a dhéanamh ar iascaireacht
Béarla
fishing would not provide the funds required to produce a priest
Téamaí
Oideachas, Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Talmhaíocht, Ainmhithe agus plandaí, Obair agus ceardaíocht, Reiligiún agus creideamh, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 19
Buntéacs
gríosáil den t-slait
Téacs caighdeánach
greasáil den tslat
Béarla
a trouncing with the cane
Téamaí
Oideachas, Iompar agus caidrimh, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 30
Buntéacs
agra chinn
Téacs caighdeánach
eagna chinn
Béarla
intelligence
Téamaí
Oideachas, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 30
Buntéacs
bhí sé i muinighin a’ chuidighte a bhéarfadh duine eile de na sgoláirí dó
Téacs caighdeánach
bhí sé i muinín an chuidithe a bhéarfadh duine eile de na scoláirí dó
Béarla
he was depending on the help one of the other students would give him
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Oideachas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 32/3
Buntéacs
3. léigheann a bhí a’ déanamh dochair is díobhála dó
Téacs caighdeánach
léann a bhí ag déanamh dochair agus díobhála dó
Béarla
an education that was harmful and injurious to him
Téamaí
Mothúcháin, Oideachas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 32
Buntéacs
léigheann a bhí a’ déanamh dochair is díobhála dó
Téacs caighdeánach
léann a bhí ag déanamh dochair agus díobhála dó
Béarla
an education that was harmful and injurious to him
Téamaí
Mothúcháin, Oideachas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 34
Buntéacs
crathán beag léighinn
Téacs caighdeánach
crothán beag léinn
Béarla
a little learning
Téamaí
Oideachas
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 37
Buntéacs
bhí na deilíní seo ar bhárr a dteangtha aca
Téacs caighdeánach
bhí na deilíní seo ar bharr a dteanga acu
Béarla
they knew these rigmaroles, rhymes, off by heart
Téamaí
Ceol agus filíocht, Oideachas
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 40
Buntéacs
nach raibh an-bharraíocht spéise aige riamh i staidéar
Téacs caighdeánach
nach raibh an-bharraíocht spéise aige riamh i staidéar
Béarla
… that he was never too interested in studying
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Oideachas, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 40
Buntéacs
nuair a bhí an maighistir ‘á mo chlamhairt
Téacs caighdeánach
nuair a bhí an máistir do mo sclamhadh
Béarla
when the master was getting stuck into me
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Oideachas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 49
Buntéacs
a’ goirstin orainn ‘un ranga
Téacs caighdeánach
ag gairm orainn chun ranga
Béarla
calling/summoning us to class
Téamaí
Obair agus ceardaíocht, Oideachas
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 51
Buntéacs
d’amharc an t-ollamh go tromghnúiseach air
Téacs caighdeánach
d’amharc an t-ollamh go tromghnúiseach air
Béarla
the professor gave him a dark look
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Oideachas
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 52
Buntéacs
go bhfuair mé tormas ar fhear a rabh céim Ollsgoile aige
Téacs caighdeánach
… go bhfuair mé tormas ar fhear a raibh céim ollscoile aige
Béarla
… that I found fault with a man who had a university degree
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Obair agus ceardaíocht, Oideachas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 59
Buntéacs
an rud nach bhfuil sa nádúir ag duine ní chuirfear ann le foghluim é
Téacs caighdeánach
an rud nach bhfuil sa nádúr ag duine ní chuirfear ann le foghlaim é
Béarla
what is not in one’s nature cannot be acquired through learning
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Oideachas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 64/5
Buntéacs
Nárbh’ é an anairidhe é dar leo. Ag imtheacht gan rath i ndiaidh a’ méid a bhí caithte ag a mhuinntir leis a’ tabhairt foghluim coláiste dó!
Téacs caighdeánach
Nárbh é an anairí é dar leo. Ag imeacht gan rath i ndiaidh an méid a bhí caite ag a mhuintir leis ag tabhairt foghlaim coláiste dó!
Béarla
Wasn’t he the ungrateful one. Going to the dogs after what his folks spent giving him a college education
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Mothúcháin, Oideachas, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 65
Buntéacs
agus í ina banaltra dhéanta
Téacs caighdeánach
agus í ina banaltra dhéanta
Béarla
and she a fully qualified nurse
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Obair agus ceardaíocht, Oideachas
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 72
Buntéacs
gan a ghabháil fríthe
Téacs caighdeánach
gan a ghabháil fríthi
Béarla
without erring, losing the thread (in a recitation etc.)
Téamaí
Oideachas, Caithimh aimsire - cluichí - spóirt, Ceol agus filíocht
Leathanach 85
Buntéacs
liarlóg de pháipéar shalach
Téacs caighdeánach
liarlóg de pháipéar shalach
Béarla
a sheet of dirty paper
Téamaí
Obair agus ceardaíocht, Oideachas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 90
Buntéacs
ní raibh sé i bhfad ann gur thóg an mhór-chuid de’n aos léighinn ceann corr dó
Téacs caighdeánach
ní raibh sé i bhfad ann gur thóg an mhórchuid den aos léinn ceann corr dó
Béarla
he wasn’t long there before the majority of the students singled him out and treated him badly
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Oideachas
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 96
Buntéacs
cor-shúgán de rud gan inntleacht
Téacs caighdeánach
corr shúgáin de rud gan intleacht
Béarla
spineless, unintelligent person
Téamaí
Oideachas, Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Tréithe daonna
Leathanach 104
Buntéacs
ba í an Ghaedhilg a’ dual a b’fhuide siar ar a gcoigeáil
Téacs caighdeánach
ba í an Ghaeilge an dual a b’fhaide siar ar a gcoigeal
Béarla
Irish was the least of their worries
Téamaí
Oideachas, Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 110/1
Buntéacs
ar sgéal cómh cosgarthach agus léigh mé riamh
Téacs caighdeánach
ar scéal chomh coscrach agus léigh mé riamh
Béarla
one of the most distressing stories I have ever read
Téamaí
Oideachas, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 138
Buntéacs
bhí siad leis ina ndeilín
Téacs caighdeánach
bhí siad leis ina ndeilín
Béarla
he repeated them in parrot fashion
Téamaí
Oideachas, Iompar agus caidrimh, Ceol agus filíocht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 147
Buntéacs
ní truimide an inchinn an fhoghluim
Téacs caighdeánach
ní troimide an inchinn an fhoghlaim
Béarla
learning is no burden
Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Gaois - comhairle - eolas, Oideachas
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 157
Buntéacs
‘dhéanfa mise teanga díbh
Téacs caighdeánach
déanfaidh mise teanga daoibh
Béarla
I will act as interpreter for you
Téamaí
Taisteal agus imirce, Oideachas, Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht
Leathanach 165
Buntéacs
gur a’ tnúth mo chuid léighinn is Béarla a bhí siad liom
Téacs caighdeánach
… gur ag tnúth mo chuid léinn agus Béarla a bhí siad liom
Béarla
… that they were envious of my learning and English
Téamaí
Oideachas, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 171
Buntéacs
slúistí
Téacs caighdeánach
slúistí
Béarla
layabouts, idlers,
Téamaí
Oideachas, Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Tréithe daonna, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 172
Buntéacs
rinne an t-iomradh sin do shúile duit
Téacs caighdeánach
rinne an t-iomramh sin do shúile duit
Béarla
that rowing taught you a lesson
Téamaí
Taisteal agus imirce, Oideachas, Iompar agus caidrimh, Farraige, Seoltóireacht agus bádóireacht
Leathanach 172
Buntéacs
nach rabh aca acht cunamar gránda
Téacs caighdeánach
nach raibh acu ach conamar gránna
Béarla
who only had an smattering (of English)
Téamaí
Oideachas, Cúinsí sóisialta
Leathanach 179
Buntéacs
deilín
Téacs caighdeánach
deilín
Béarla
rigmarole, to repeat sth in a sing-song fashion
Téamaí
Oideachas, Ceol agus filíocht
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 186
Buntéacs
murabh bhfuil ionnat ó nádúir, ní fhuil a oiread foghluime ar a’ domhan is dhéanfadh fidileóir díot
Téacs caighdeánach
mura bhfuil ionat ó nádúr, níl a oiread foghlama ar an domhan is a dhéanfadh fidléir díot
Béarla
if it dosn’t come naturally to you, all the learning in the world won’t make a fiddler out of you
Téamaí
Oideachas, Caithimh aimsire - cluichí - spóirt, Tréithe daonna, Ceol agus filíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 187
Buntéacs
fuasgladh na ceiste
Téacs caighdeánach
fuascailt na ceiste
Béarla
the answer to the question
Téamaí
Oideachas, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 188
Buntéacs
crathán maith léighinn
Téacs caighdeánach
crothán maith léinn
Béarla
a decent amount of education
Téamaí
Oideachas
Leathanach 261
Buntéacs
cé gur fhaibhir a’ páipéar in m’intinn féin
Téacs caighdeánach
cé gur fhabhraigh an páipéar i m’intinn féin
Béarla
although the paper sprang from my own thoughts
Téamaí
Oideachas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 273
Buntéacs
acht mar a deireadh na sean-daoine tuigidh fear léighinn leath-fhocal
Téacs caighdeánach
ach mar a deireadh na seandaoine tuigeann fear léinn leathfhocal
Béarla
as the old people used to say, a word is enough to the wise
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Oideachas
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 278
Buntéacs
sin mar chuir Róise an dlaoidheog mhullaigh ar a cuid Béarla i nGlasgó
Téacs caighdeánach
sin mar a chuir Róise an dlaóg mhullaigh ar a cuid Béarla i nGlaschú
Béarla
that’s how Róise polished up her English in Glasgow
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Obair agus ceardaíocht, Oideachas, Taisteal agus imirce