Saibhreas Mháire

Bean Ruadh De Dhálach

Leathanach 5

Buntéacs
tá sé creidte go diongbhálta aige

Téacs caighdeánach
tá sé creidte go diongbháilte aige

Béarla
he earnestly believes it

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 7

Buntéacs
cé gurbh éadóigh

Téacs caighdeánach
cé gurbh éadóigh

Béarla
although it would be unlikely, improbable

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 8

Buntéacs
dubhlaidheacht geimhridh

Téacs caighdeánach
dúlaíocht gheimhridh

Béarla
the depths of winter

Téamaí
Aimsir agus am

Gnéithe teanga
Meafar, Nath, Samhail

Leathanach 8

Buntéacs
ar na gaobhair

Téacs caighdeánach
ar na gaobhair

Béarla
about, in the vicinity

Téamaí
Tíreolaíocht – tírdhreach – áit

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 8

Buntéacs
Domhnach is dálach

Téacs caighdeánach
Domhnach is dálach

Béarla
day in, day out

Téamaí
Aimsir agus am, Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 8

Buntéacs
i n-aghaidh dola

Téacs caighdeánach
in aghaidh dula

Béarla
unnatural, against the grain

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 8

Buntéacs
a’ spágáil

Téacs caighdeánach
ag spágáil

Béarla
trudging

Téamaí
Tréithe daonna, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Samhail, Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 8

Buntéacs
Mur’ phós féin níor dá h-aindeoin a bhí sí i n-aontumha.

Téacs caighdeánach
murar phós féin níor dá hainneoin a bhí sí in aontumha

Béarla
it’s not that she didn’t want to marry

Téamaí
Grá – cleamhnas – rómánsaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 9

Buntéacs
ar shráideog chocháin

Téacs caighdeánach
ar shráideog chocháin

Béarla
on a straw mattress

Téamaí
Teach agus baile

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 9

Buntéacs
a’ cur sean-mhálaí leis a’ chómhlaidh ag iarraidh cuid de’n tsiorradh sin a choinneáil amuigh

Téacs caighdeánach
ag cur seanmhálaí leis an chomhla ag iarraidh cuid den tsiorradh sin a choinneáil amuigh

Béarla
putting old sacks against the door to keep out some of that draft

Téamaí
Teach agus baile

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 9

Buntéacs
mar adubhairt fear na h-eagna bláth gach géag dá dtig a’ cur leis a’ fhréimh ó dtáinig

Téacs caighdeánach
mar a dúirt fear na heagna bláth gach géag dá dtig ag cur leis an fhréamh óna dtáinig

Béarla
as the wise man said, like father like son

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 10

Buntéacs
is cosamhail gur fíor go sgiordann éan as gach ealt

Téacs caighdeánach
is cosúil gur fíor go sciurdann éan as gach ealta

Béarla
it appears there’s always an exception to the rule, always an odd-man out

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Seanfhocal, Nath

Leathanach 11

Buntéacs
ar thaobh na dtaobhann

Téacs caighdeánach
ar thaobh na dtaobhanna

Béarla
on both sides (of the family)

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 11

Buntéacs
áit nár dhúthcha díthe a bheith

Téacs caighdeánach
áit nár dhú di a bheith

Béarla
a place she shouldn’t be, an unnatural environment for her

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 11

Buntéacs
… go mb’fhéidir go bhfuil éifeacht i ndán díthe

Téacs caighdeánach
… go mb’fhéidir go bhfuil éifeacht i ndán di

Béarla
… that maybe she is destined for some notable achievement

Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 12

Buntéacs
tá dóigh bheag anásta ar na créatúir

Téacs caighdeánach
tá dóigh bheag anásta ar na créatúir

Béarla
(the infants) are in needy circumstances

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Airgead – maoin – gnó, Bia agus deoch, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 12

Buntéacs
bhí dreach colgach uirthi

Téacs caighdeánach
bhí dreach colgach uirthi

Béarla
she had a prickly, bristling look

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 13

Buntéacs
dul i gcionn a’tsaoghail

Téacs caighdeánach
dul i gceann an tsaoil

Béarla
to start out in married life

Téamaí
Aimsir agus am, Cúinsí pearsanta, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Nath, Samhail

Leathanach 13

Buntéacs
tá an baile faoi chrann smola

Téacs caighdeánach
tá an baile faoi chrann smola

Béarla
the town(land) is blighted, cursed

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí sóisialta, Cúinsí pearsanta, Dlí - ceartas - pionós, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún

Gnéithe teanga
Samhail, Nath

Leathanach 13

Buntéacs
siubhail leat isteach

Téacs caighdeánach
siúil leat isteach

Béarla
come on in

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 13

Buntéacs
abhróg

Téacs caighdeánach
grabhróg

Béarla
a crumb

Téamaí
Bia agus deoch

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 13/14

Buntéacs
go leigidh an Rí do shláinte dhuit

Téacs caighdeánach
go lige an Rí do shláinte duit

Béarla
may God grant you health

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Bás – beatha – sláinte, Beannachtaí agus mallachtaí, Reiligiún agus creideamh

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 14

Buntéacs
léaródh dóchais

Téacs caighdeánach
léaró dóchais

Béarla
a glimmer, gleam of hope

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 14

Buntéacs
teacht i n-éifeacht

Téacs caighdeánach
teacht in éifeacht

Béarla
to grow up, mature; succeed in life

Téamaí
Aimsir agus am, Bás – beatha – sláinte, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 14

Buntéacs
a’ tsúil ghradamach thug sí ar a‘ naoidheanán

Téacs caighdeánach
an tsúil ghradamach a thug sí ar an naíonán

Béarla
the tender, loving look she gave the child

Téamaí
Mothúcháin, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 14

Buntéacs
beidh sí beo bocht i n-a díomhanas

Téacs caighdeánach
beidh sí beo bocht ina díomhaointeas

Béarla
she'll live in poverty if unmarried

Téamaí
Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 14

Buntéacs
gan de spré aicí acht …

Téacs caighdeánach
gan de spré aicí ach …

Béarla
having only ... for a dowry, with nothing to her name

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Cúinsí sóisialta, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 16

Buntéacs
bhí Mághnus bán ina chónaí sa doras ag Siúgaidh

Téacs caighdeánach
bhí Mághnus bán ina chónaí sa doras ag Siúgaidh

Béarla
M. bán lived next door to S. (right beside S.)

Téamaí
Teach agus baile

Gnéithe teanga
Meafar

Leathanach 17

Buntéacs
beidh aithreachas uirthí

Téacs caighdeánach
beidh aithreachas uirthi

Béarla
she’ll regret it

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 17

Buntéacs
tá meas as cuimse aici ar a’ bheirt sin

Téacs caighdeánach
tá meas as cuimse aici ar an bheirt sin

Béarla
she has immense respect for those two

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 17

Buntéacs
chuaidh an bheirt ‘un drabhláis

Téacs caighdeánach
chuaigh an bheirt chun drabhláis

Béarla
the pair of them took to the drink, went to the dogs

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Bia agus deoch, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Aimsir agus am

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 18

Buntéacs
… nach mbeadh mo leanbh saoghalach

Téacs caighdeánach
… nach mbeadh mo leanbh saolach

Béarla
… that my child wouldn’t live long

Téamaí
Aimsir agus am, Bás – beatha – sláinte, Tréithe daonna, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 18

Buntéacs
bhí sé amuigh ar Mhághnus …

Téacs caighdeánach
bhí sé amuigh ar Mhághnus …

Béarla
M. was known renowned for ...

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Meafar

Leathanach 19

Buntéacs
bhí mórtas a chinidh ann

Téacs caighdeánach
bhí mórtas a chine ann

Béarla
he had the pride of his kinfolk

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Teaghlach – muintir – pobal, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 20

Buntéacs
oidhche na dála

Téacs caighdeánach
oíche na dála

Béarla
the night of the match-making, betrothal

Téamaí
Grá – cleamhnas – rómánsaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 20

Buntéacs
a’ gabháil san aois leanbuidhe

Téacs caighdeánach
ag gabháil san aois leanbaí

Béarla
beginning to dote, become senile

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Aois

Gnéithe teanga
Sofhriotal

Leathanach 20

Buntéacs
a’ sgéal a bhí eadar chamánaibh

Téacs caighdeánach
an scéal a bhí idir chamáin

Béarla
the issue under discussion

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Meafar

Leathanach 20

Buntéacs
leigeadh do’n tseanduine sgileadh leis

Téacs caighdeánach
ligeadh don tseanduine scileadh leis

Béarla
the old boy was allowed to waffle on

Téamaí
Aimsir agus am, Aois, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 21

Buntéacs
ní thug cabhlach na Spáinne iarraidh forlámhas Éireann a ghabháil gan ór

Téacs caighdeánach
ní thug cabhlach na Spáinne iarraidh forlámhas Éireann a ghabháil gan ór

Béarla
The Spanish Navy didn’t attempt to assume control of Ireland without gold

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Béaloideas agus seanchas, Farraige, Iompar agus caidrimh, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 21

Buntéacs
sa chruth is

Téacs caighdeánach
sa chruth is

Béarla
in such a way that, in order that to

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 21

Buntéacs
… go dtug sí an rún ‘un na cille léithe

Téacs caighdeánach
… go dtug sí an rún chun na cille léi

Béarla
… that she took the secret to the grave with her

Téamaí
Aimsir agus am, Aois, Bás – beatha – sláinte, Iompar agus caidrimh, Reiligiún agus creideamh

Gnéithe teanga
Meafar, Samhail

Leathanach 22

Buntéacs
sgéal a chuaidh ar seachrán

Téacs caighdeánach
scéal a chuaigh ar seachrán

Béarla
a story that got out of hand, became embellished

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Meafar, Nath, Samhail

Leathanach 22

Buntéacs
rud a chur as riocht

Téacs caighdeánach
rud a chur as riocht

Béarla
to distort (sth)

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 23

Buntéacs
sgéal gáibhtheach

Téacs caighdeánach
scéal gáifeach

Béarla
a sensational, outlandish story

Téamaí
Béaloideas agus seanchas, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 23

Buntéacs
an “mhuc dhubh”

Téacs caighdeánach
an “mhuc dhubh”

Béarla
the train

Téamaí
Taisteal agus imirce

Gnéithe teanga
Meafar, Samhail

Leathanach 24

Buntéacs
a’ rud atá i n-aice le do thoil

Téacs caighdeánach
an rud atá in aice le do thoil

Béarla
that which you wish for

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Samhail, Nath

Leathanach 26

Buntéacs
gasracha leathaigh

Téacs caighdeánach
gais leathaigh

Béarla
stalks, stems of seaweed

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 28

Buntéacs
is mór a’ gar sin

Téacs caighdeánach
is mór an gar sin

Béarla
that is very fortunate, that's a good thing, just as well

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 30

Buntéacs
bodalán

Téacs caighdeánach
bodalach

Béarla
a big ungainly young person

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Aois, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 32

Buntéacs
blaosgacha ruacán

Téacs caighdeánach
blaoscanna ruacan

Béarla
cockle shells

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 34

Buntéacs
ní fhuil mise comh leamh sin agat

Téacs caighdeánach
níl mise chomh leamh sin agat

Béarla
you won’t find me that gullible

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 37

Buntéacs
chuaidh a’ dá rud i n-aimhréidhtigh

Téacs caighdeánach
chuaigh an dá rud in aimhréidh

Béarla
the two things became muddled, confused

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 38

Buntéacs
lupadán leinbh

Téacs caighdeánach
lapadán linbh

Béarla
a child barely able to toddle

Téamaí
Aois, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Teaghlach – muintir – pobal

Leathanach 41

Buntéacs
a’ sluaisdreadh preátaí

Téacs caighdeánach
ag sluaistriú prátaí

Béarla
shoveling potatoes

Téamaí
Bia agus deoch, Obair agus ceardaíocht, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 42

Buntéacs
ar cáirde

Téacs caighdeánach
ar cairde

Béarla
on credit

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 42

Buntéacs
lucht gaimbín

Téacs caighdeánach
lucht gaimbín

Béarla
money lenders, credit providers (with high interest rates)

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 42

Buntéacs
an chómhla a tharraingt amach i n-a ndiaidh

Téacs caighdeánach
an chomhla a tharraingt amach ina ndiaidh

Béarla
to pull the door after them

Téamaí
Teach agus baile

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 44

Buntéacs
ag tógáil cian de dhuine

Téacs caighdeánach
ag tógáil cian de dhuine

Béarla
raising sb’s spirits

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 45

Buntéacs
táille tairbh

Téacs caighdeánach
táille tairbh

Béarla
a fee for services of a bull

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Sofhriotal

Leathanach 48

Buntéacs
thoisigh sé a ghiollacht a bhéile

Téacs caighdeánach
thosaigh sé a ghiollacht a bhéile

Béarla
he began to prepare his meal

Téamaí
Bia agus deoch, Teach agus baile

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 50

Buntéacs
cloiche dóirlinge

Téacs caighdeánach
clocha duirlinge

Béarla
pebbles

Téamaí
Tíreolaíocht – tírdhreach – áit, Farraige

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 52

Buntéacs
ba chóir go mbeadh crathán céille agat

Téacs caighdeánach
ba chóir go mbeadh crothán céille agat

Béarla
you should have a bit of sense

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 52

Buntéacs
dóirlín

Téacs caighdeánach
duirling

Béarla
a stony beach

Téamaí
Tíreolaíocht – tírdhreach – áit, Farraige

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 53

Buntéacs
dalla mullóg a chur ar pháistí

Téacs caighdeánach
dallamullóg a chur ar pháistí

Béarla
to hoodwink other children

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 55

Buntéacs
ní raibh siad ag apughadh ach go fadálach

Téacs caighdeánach
ní raibh siad ag aibiú ach go fadálach

Béarla
they were slow to ripen

Téamaí
Bia agus deoch, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 55

Buntéacs
níor mhaith léithe a gabháil ina mhuinighin go sáruigheadh uirthí

Téacs caighdeánach
níor mhaith léi dul ina mhuinín go sáródh uirthi

Béarla
she didn’t want to rely on it until all else failed

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 55

Buntéacs
a’ sgolgarnaigh

Téacs caighdeánach
ag scolgarnaigh

Béarla
cackling

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 56

Buntéacs
brachán buidhe

Téacs caighdeánach
brachán buí

Béarla
gruel made from maize ( an inferior form of corn)

Téamaí
Bia agus deoch, Stair

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 56

Buntéacs
Ní fhuil siad mórán níos mó ná uibheacha clochráin

Téacs caighdeánach
Níl siad mórán níos mó ná uibheacha clochráin

Béarla
they are not much bigger than a stonechat’s eggs, they are miniscule

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí

Gnéithe teanga
Meafar, Samhail

Leathanach 57

Buntéacs
ár n-anás a reic ar fud na tíre

Téacs caighdeánach
ár n-anás a reic ar fud na tíre

Béarla
to broadcast our poverty throughout the country

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 58

Buntéacs
a’ maoidheamh as an chothughadh a bhí aige

Téacs caighdeánach
ag maíomh as an chothú a bhí aige

Béarla
boasting about the food he had

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Bia agus deoch, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 58

Buntéacs
nach minic tháinig mé as tráigh fheamanaighe agus féar gortach orm

Téacs caighdeánach
nach minic a tháinig mé as trá feamainne agus féar gortach orm

Béarla
haven’t I often came home from harvesting seaweed overcome with hunger

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Bás – beatha – sláinte, Cúinsí sóisialta, Farraige, Obair agus ceardaíocht, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 58

Buntéacs
sa ráithe dheireannaigh

Téacs caighdeánach
sa ráithe dheireanach

Béarla
in the final period of pregnancy

Téamaí
Aimsir agus am, Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 62

Buntéacs
gan béal gan teangaidh

Téacs caighdeánach
gan bhéal gan teanga

Béarla
unable to communicate (without English)

Téamaí
Tréithe daonna, Cúinsí sóisialta

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar

Leathanach 64

Buntéacs
cróchnáid

Téacs caighdeánach
crócharnaid

Béarla
phantom cortege seen in vision

Téamaí
An t-osnádúr, Béaloideas agus seanchas, Reiligiún agus creideamh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch, Focal aonair

Leathanach 64

Buntéacs
a teilgeadh ‘un báis

Téacs caighdeánach
a teilgeadh chun báis

Béarla
who was condemned to death

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Dlí - ceartas - pionós, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 65

Buntéacs
tháinig sí go fáilthidhe orm

Téacs caighdeánach
tháinig sí go fáilí orm

Béarla
it crept up on me (old age)

Téamaí
Aimsir agus am, Bás – beatha – sláinte, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 67

Buntéacs
caidé b’úghdar de

Téacs caighdeánach
cad é ab údar dó

Béarla
what instigated, caused it

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 70

Buntéacs
ion-bhuana

Téacs caighdeánach
inbhainte

Béarla
ready to be reaped, ripe

Téamaí
Aimsir agus am, Ainmhithe agus plandaí, Bia agus deoch, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 70

Buntéacs
níorb’ fhéidir faobhar a choinneáil air

Téacs caighdeánach
níorbh fhéidir faobhar a choinneáil air

Béarla
it couldn’t be kept sharp

Téamaí
Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 71

Buntéacs
ionlaogh

Téacs caighdeánach
ionlao

Béarla
in calf (pregnant)

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 73

Buntéacs
ag cealgadh an leinbh

Téacs caighdeánach
ag cealgadh an linbh

Béarla
lulling the child (soothing)

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Iompar agus caidrimh, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 75

Buntéacs
bhéarfadh sé caoi díthe le suidhe agus a sgís a ligean

Téacs caighdeánach
bhéarfadh sé caoi di le suí agus a scíth a ligean

Béarla
it would give her the opportunity to sit and rest

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 76

Buntéacs
acht mar adeireadh na sean-daoine is cuma fá mhion-rudaí fad is atá an tsláinte ag duine

Téacs caighdeánach
ach mar a deireadh na seandaoine is cuma fá mhionrudaí fad is atá an tsláinte ag duine

Béarla
as the old people used to say, little things don’t matter as long as you have your health

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Bás – beatha – sláinte, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 76

Buntéacs
tháinig mearbhallán i n-a ceann

Téacs caighdeánach
tháinig mearbhlán ina ceann

Béarla
she became dizzy, light-headed

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 76

Buntéacs
d’fhág sí an corrán síos ar a’ chonnlaigh

Téacs caighdeánach
d’fhág sí an corrán síos ar an choinleach

Béarla
she set the reaping hook down on the stubble

Téamaí
Obair agus ceardaíocht, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 77

Buntéacs
fuasgailteach

Téacs caighdeánach
fuascailteach

Béarla
helpful in times of distress

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 77

Buntéacs
meas bacaigh (a thabhairt ar dhuine)

Téacs caighdeánach
meas bacaigh (a thabhairt ar dhuine)

Béarla
to treat someone like a beggar

Téamaí
Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 77

Buntéacs
balláin úr-shaillte

Téacs caighdeánach
balláin úrshaillte

Béarla
fresh salted ballan wrasse. (fish)

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Bia agus deoch

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 78

Buntéacs
tolgán tobann

Téacs caighdeánach
tolgán tobann

Béarla
a sudden attack of illness

Téamaí
Bás – beatha – sláinte

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 81

Buntéacs
a bheith ar a’ neamh-acarra

Téacs caighdeánach
a bheith ar an neamhacra

Béarla
to be independent, in easy circumstances

Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar

Leathanach 81

Buntéacs
a gruag i n-a líbíní anuas le n-a leicne

Téacs caighdeánach
a gruaig ina líbíní anuas lena leicne

Béarla
her hair dripping wet down over her cheeks

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 81

Buntéacs
ba mhór léithe a rabhthas a chur sa mhála

Téacs caighdeánach
ba mhór léi a rabhthas a chur sa mhála

Béarla
she thought the amount being put in the bag was excessive

Téamaí
Airgead – maoin – gnó

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 81

Buntéacs
go mbeadh a máthair ag éileamh uirthi

Téacs caighdeánach
go mbeadh a máthair ag éileamh uirthi

Béarla
that her mother would give out, complain to her

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 82

Buntéacs
i ndiaidh a’ bascadh reatha atá faighte agat

Téacs caighdeánach
i ndiaidh an bascadh reatha atá faighte agat

Béarla
after the trauma you have experienced, having run the galntlet

Téamaí
Cúinsí pearsanta, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 83

Buntéacs
ceilidh bród boichtíneacht

Téacs caighdeánach
ceileann bród bochtaineacht

Béarla
pride conceals poverty

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta

Gnéithe teanga
Seanfhocal, Nath

Leathanach 84

Buntéacs
a’ déanamh mortais

Téacs caighdeánach
ag déanamh mortais

Béarla
boasting

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 86

Buntéacs
ruadhóg a’ spaga

Téacs caighdeánach
ruóg an spaga

Béarla
purse-string

Téamaí
Airgead – maoin – gnó

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 87

Buntéacs
bhí an t-ádh orm i ndiaidh go ndeachaidh tús a’ tséasúir ‘un sioparnaighe orm

Téacs caighdeánach
bhí an t-ádh orm, i ndiaidh go ndeachaigh tús an tséasúir chun siobarnaí orm

Béarla
I was lucky considering the start of the season was a mess

Téamaí
Aimsir agus am, Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 88

Buntéacs
claon beag ró-mhór

Téacs caighdeánach
claon beag rómhór

Béarla
a tad too big

Téamaí
Éadaí, Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 89

Buntéacs
go míle maire tú is go gcaithe tú iad

Téacs caighdeánach
go míle maire tú is go gcaithe tú iad

Béarla
health to wear (your new clothes)

Téamaí
Aimsir agus am, Bás – beatha – sláinte, Beannachtaí agus mallachtaí, Gaois - comhairle - eolas, Éadaí, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 90

Buntéacs
eitealóg ghirsighe

Téacs caighdeánach
eitleog ghirsí

Béarla
a flighty girl

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 90

Buntéacs
a’ nathán a bhí againn féin is ag ár muinntir romhainn - teach bocht a’ teach nach gcluintear tormán na mbróg fá’n doras ann.

Téacs caighdeánach
an nathán a bhí againn féin is ag ár muintir romhainn - teach bocht an teach nach gcluintear tormán na mbróg fán doras ann.

Béarla
a house without the sound of shoes is a poor house (A house without a man is a poor house)

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Gaois - comhairle - eolas, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Teach agus baile, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 91

Buntéacs
tá grabhar beag airgid ghil fágtha agam

Téacs caighdeánach
tá grabhar beag airgead geal fágtha agam

Béarla
I still have a few (silver) coins

Téamaí
Airgead – maoin – gnó

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 94

Buntéacs
bhí tú i gcomhnuidhe ar thoiseacht na meithle i n-aimsir géibhinn

Téacs caighdeánach
bhí tú i gcónaí ar thosach na meithle in aimsir ghéibhinn

Béarla
you were always to the fore in times of hardship

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Obair agus ceardaíocht, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 94-5

Buntéacs
5. Dá dtarradh gaoth sgoithfeadh an coirce.

Téacs caighdeánach
Dá dtiocfadh gaoth scoithfeadh an coirce.

Béarla
If it get’s windy it will cause the oats to shed the grain.

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Bia agus deoch, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 96

Buntéacs
aimsir thaodach

Téacs caighdeánach
aimsir thaghdach

Béarla
changeable weather

Téamaí
Aimsir agus am

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar

Leathanach 96

Buntéacs
ar aon bhárr amháin creatha

Téacs caighdeánach
ar aon bharr amháin creatha

Béarla
shaking from head to foot

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 96

Buntéacs
mar bheadh sí á cunnáil

Téacs caighdeánach
mar a bheadh sí á conáil

Béarla
as if she was perishing with cold

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Aimsir agus am

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 97

Buntéacs
sean-bhean chaithte ruicneach

Téacs caighdeánach
seanbhean chaite rocach

Béarla
a withered, wrinkled old woman

Téamaí
Tréithe daonna, Aois, Bás – beatha – sláinte, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 97

Buntéacs
tionntódh sreibhe

Téacs caighdeánach
tiontú sreibhe

Béarla
(condition in women after giving birth leading to) milk fever

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 99

Buntéacs
colbha na leabtha

Téacs caighdeánach
colbha na leapa

Béarla
the bedside

Téamaí
Teach agus baile

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 104

Buntéacs
a’ tarraingt a chuid féasóige thríd a ghlaic

Téacs caighdeánach
ag tarraingt a chuid féasóige trína ghlac

Béarla
drawing his beard through his hand

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Iompar agus caidrimh, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 107

Buntéacs
d’imir sé an dáimh sin linn

Téacs caighdeánach
d’imir sé an dáimh sin linn

Béarla
he treated us as kinfolk, with fellow affection

Téamaí
Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 110

Buntéacs
fear beag eisbhearta

Téacs caighdeánach
fear beag eisbheartach

Béarla
a feeble little man

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 110

Buntéacs
connlach fhéasóige

Téacs caighdeánach
coinleach féasóige

Béarla
stubble of beard

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Meafar, Samhail

Leathanach 112

Buntéacs
bhí na sála a’ preabadaigh aicí

Téacs caighdeánach
bhí na sála ag preabarnaigh aici

Béarla
she was tapping her heels

Téamaí
Éadaí, Ceol agus filíocht, Caithimh aimsire – cluichí – spóirt

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 113

Buntéacs
dreach faitcheach uasgánta uirthí

Téacs caighdeánach
dreach faiteach uascánta uirthi

Béarla
she had a timid, bewildered look

Téamaí
Tréithe daonna, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 114

Buntéacs
an raibh cleachtadh ar bith ar bhleaghan aicí

Téacs caighdeánach
an raibh cleachtadh ar bith ar bhleán aici

Béarla
had she any experience of milking

Téamaí
Bia agus deoch, Obair agus ceardaíocht, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 114

Buntéacs
furchaidhe

Téacs caighdeánach
fuireachair

Béarla
watchful vigilant

Téamaí
Tréithe daonna, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 117

Buntéacs
ealach na gconnlach

Téacs caighdeánach
gealach na gcoinleach

Béarla
the harvest moon

Téamaí
Aimsir agus am, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Nath, Samhail

Leathanach 120/1

Buntéacs
1. claoidhte ag an ocras

Téacs caighdeánach
cloíte ag an ocras

Béarla
weakened by hunger

Téamaí
Mothúcháin, Bás – beatha – sláinte, Bia agus deoch

Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Meafar

Leathanach 121

Buntéacs
a h-ocras a chosg

Téacs caighdeánach
a hocras a chosc

Béarla
to allay her hunger

Téamaí
Mothúcháin, Bás – beatha – sláinte, Bia agus deoch

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 122

Buntéacs
tuistiún

Téacs caighdeánach
toistiún

Béarla
a fourpenny piece

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Stair

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 123

Buntéacs
sgeiteadh beag slaghdáin

Téacs caighdeánach
sceiteadh beag slaghdáin

Béarla
a little bit of a cold

Téamaí
Bás – beatha – sláinte

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 124

Buntéacs
dreach fuar feannach

Téacs caighdeánach
dreach fuar feannach

Béarla
a bleak cold appearance

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar

Leathanach 125

Buntéacs
bhí cuma uasgánta chiotach air

Téacs caighdeánach
bhí cuma uascánta chiotach air

Béarla
he looked sheepish and awkward

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 125

Buntéacs
laghach dáimheamhail

Téacs caighdeánach
lách dáimhiúil

Béarla
kind and affectionate

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 125

Buntéacs
grusach giorraisg

Téacs caighdeánach
grusach giorraisc

Béarla
gruff and snappy

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 125

Buntéacs
aghaidh chaoin-déanta

Téacs caighdeánach
aghaidh chaoindéanta

Béarla
a fine, delicate face

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 125

Buntéacs
d’éirigh sé musach garbh

Téacs caighdeánach
d’éirigh sé mosach garbh

Béarla
he became shaggy and dishevelled

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 126

Buntéacs
an dóigh le bó a cheannsughadh

Téacs caighdeánach
an dóigh le bó a cheansú

Béarla
the way to calm, tame a cow

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Obair agus ceardaíocht, Talmhaíocht

Leathanach 127

Buntéacs
mar bheadh cránaidhe fir ann

Téacs caighdeánach
mar a bheadh cránaí fir ann

Béarla
like a big lump of a man

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 130

Buntéacs
is trom cearc i bhfad

Téacs caighdeánach
is trom cearc i bhfad

Béarla
a hen is heavy if carried far (no matter how light the burden it becomes heavy over time)

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Ainmhithe agus plandaí, Taisteal agus imirce, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 130

Buntéacs
bheadh do dhá sgiathán síos leat

Téacs caighdeánach
bheadh do dhá sciathán síos leat

Béarla
the two arms would be hanging off you

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Iompar agus caidrimh, Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 131

Buntéacs
tá sí ris

Téacs caighdeánach
tá sí ris

Béarla
it is (has come) into view

Téamaí
Tíreolaíocht – tírdhreach – áit, Farraige

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 134

Buntéacs
ní fhanann muir le fear sotail

Téacs caighdeánach
ní fhanann muir le fear sotail

Béarla
time and tide wait for no man

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Aimsir agus am, Farraige, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 135

Buntéacs
Seachnadh gach aon duine an droch-chuideachta

Téacs caighdeánach
Seachnaíodh gach aon duine an droch-chuideachta

Béarla
Let everyone avoid bad company

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Sofhriotal

Leathanach 135

Buntéacs
draothadh gáire

Téacs caighdeánach
draothadh gáire

Béarla
a faint smile, wry smile

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 136

Buntéacs
(é a dhéanamh) fá chroidhe mhór mhaith

Téacs caighdeánach
(é a dhéanamh) fá chroí mhór mhaith

Béarla
(to do it) with plenty of good will, readily

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 136

Buntéacs
ba mhaith an airidh uirthí é

Téacs caighdeánach
ba mhaith an airí uirthi é

Béarla
it served her right, she deserved it

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 136

Buntéacs
cailleach a’ ghiodail!

Téacs caighdeánach
cailleach an ghiodail!

Béarla
the flighty lass!

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 141

Buntéacs
tú féin is do chúig phunta sgallta

Téacs caighdeánach
tú féin agus do chúig phunt scallta

Béarla
you and your miserable five pounds

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 142

Buntéacs
ní thiocfainn leat ar a’dearcadh sin

Téacs caighdeánach
ní thiocfainn leat ar an dearcadh sin

Béarla
I wouldn’t agree with your opinion (on that)

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 143

Buntéacs
a gnás féin ag gach tír agus ag gach dúithche

Téacs caighdeánach
a gnás féin ag gach tír agus ag gach dúiche

Béarla
when in Rome do as the Romans do, each to their own

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Taisteal agus imirce, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 144

Buntéacs
ní raibh osáin a bhríste a’ teacht acht go leath a mhealltaí air

Téacs caighdeánach
ní raibh osáin a bhríste ag teacht ach go leath a mheallta air

Béarla
his trousers were half way up his calves (they were so short)

Téamaí
Éadaí

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 144

Buntéacs
giobarsach de chluimhreach dhorcha

Téacs caighdeánach
giobarsach de chluimhreach dhorcha

Béarla
dark sparse growth of feathers, plumage

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 146

Buntéacs
i lúb cuideachta

Téacs caighdeánach
i lúb cuideachta

Béarla
in the middle of a gathering (while in the company of others)

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath, Samhail

Leathanach 146

Buntéacs
bhí an círín a’ teacht ar a’ choileach

Téacs caighdeánach
bhí an círín ag teacht ar an choileach

Béarla
the rooster’s hackles were rising, the boy was becoming a man

Téamaí
Aois, Ainmhithe agus plandaí, Aimsir agus am, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Meafar

Leathanach 147

Buntéacs
mur’ dtéigheadh sí ann ar a gcrois

Téacs caighdeánach
mura dtéadh sí ann ar a gcros

Béarla
unless she went against their wishes

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 152

Buntéacs
comh lag le h-éan i mbarrach

Téacs caighdeánach
chomh lag le héan i mbarrach

Béarla
as weak as an ailing chick

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Meafar, Samhail

Leathanach 156

Buntéacs
ní fhuil a fhios agam caidé an tallann mearaidh a bhuail é

Téacs caighdeánach
níl a fhios agam cad é an tallann mearaidh a bhuail é

Béarla
I don’t know what fit of madness came over him

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 159

Buntéacs
a’ caileantóracht na h-aimsire

Téacs caighdeánach
ag caileantóireacht na haimsire

Béarla
forecasting the weather

Téamaí
Aimsir agus am, Béaloideas agus seanchas, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 159

Buntéacs
murab fhuil mise meallta

Téacs caighdeánach
mura bhfuil mise meallta

Béarla
unless I’m mistaken, unless I have got it wrong

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath, Samhail

Leathanach 159

Buntéacs
tá nóiseán ag an stócach sin do Róise s’ againn

Téacs caighdeánach
tá nóisean ag an stócach sin do Róise s’againne

Béarla
that lad fancies our Róise

Téamaí
Grá – cleamhnas – rómánsaíocht

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 161

Buntéacs
a’ ball anbhfann a bhí ann

Téacs caighdeánach
an ball anbhann a bhí ann

Béarla
his weak spot

Téamaí
Tréithe daonna, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 161

Buntéacs
ula mhagaidh a dhéanamh de …

Téacs caighdeánach
eala mhagaidh a dhéanamh de …

Béarla
to make a laughing stock of …

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 161

Buntéacs
ní bhíonn fear náireach éadálach

Téacs caighdeánach
ní bhíonn fear náireach éadálach

Béarla
fortune favours the bold

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Mothúcháin, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 162

Buntéacs
a’ cathamh dartán

Téacs caighdeánach
ag caitheamh dartán

Béarla
throwing small sods of turf

Téamaí
Caithimh aimsire – cluichí – spóirt, Iompar agus caidrimh, Talmhaíocht, Teach agus baile

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 163

Buntéacs
sgiúnach fhéasóige

Téacs caighdeánach
giúnachán féasóige

Béarla
scanty facial hair

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 163

Buntéacs
giobarsach bheag éadtrom

Téacs caighdeánach
giobarsach bheag éadrom

Béarla
a sparse little growth (of moustache)

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 165

Buntéacs
bhí sé mar chonnaic Dia é

Téacs caighdeánach
bhí sé mar a chonaic Dia é

Béarla
he was a pitiful sight

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Bás – beatha – sláinte

Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Meafar

Leathanach 165

Buntéacs
dhá dtrian cuidighthe tús

Téacs caighdeánach
dhá dtrian cuidithe tús

Béarla
getting started is half the battle

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 166

Buntéacs
is mairg nach saothruigheann a’ baile

Téacs caighdeánach
is mairg nach saothraíonn an baile

Béarla
it’s a pity that we can’t earn a living at home

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht, Taisteal agus imirce, Talmhaíocht, Teach agus baile

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 171

Buntéacs
Bhí Murchadh Óg ar a sháimhín suilt

Téacs caighdeánach
Bhí Murchadh Óg ar a sháimhín suilt

Béarla
M.Ó was happy and at ease

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 171

Buntéacs
ba bheag a beinn ar chúl-chainnt

Téacs caighdeánach
ba bheag a beann ar chúlchaint

Béarla
she took little notice of back-biting

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 174

Buntéacs
ní chuala mé éileamh ar bith a bheith aige

Téacs caighdeánach
ni chuala mé éileamh ar bith a bheith aige

Béarla
I never heard he was ailing.

Téamaí
Bás – beatha – sláinte

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 174

Buntéacs
is leor a’ tsiocair is lugha ar bith

Téacs caighdeánach
is leor an tsiocair is lú ar bith

Béarla
the slightest thing is enough reason (to cause the death of an old person)

Téamaí
Bás – beatha – sláinte

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 175

Buntéacs
… gurbh’ iomaí lá ag an uaigh ortha

Téacs caighdeánach
… gurbh iomaí lá ag an uaigh orthu

Béarla
… that you’re a long time dead (so take things easy while you’re alive)

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Aimsir agus am, Gaois - comhairle - eolas, Reiligiún agus creideamh

Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal

Leathanach 177

Buntéacs
ár seoladh ar bhealach ár leasa agus ár seachnadh ar bhealach ár n-aimhlis

Téacs caighdeánach
ár seoladh ar bhealach ár leasa agus ár seachaint ar bhealach ár n-aimhleasa

Béarla
to guide us on the straight and narrow and keep us from going astray

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 178

Buntéacs
bhí an sgéal a’ gabhail i n-aimhréidhtigh air

Téacs caighdeánach
bhí an scéal ag gabhail in aimhréidh air

Béarla
he was getting the story all muddled up

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 179

Buntéacs
gan bheith a’ féacháil le rud a dhéanamh nach raibh i ndáil ná i ndúthchas agam

Téacs caighdeánach
gan a bheith ag féachaint le rud a dhéanamh nach raibh i ndáil ná i ndúchas agam

Béarla
not to try anything that was neither in my nature or upbringing to do

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 180

Buntéacs
an mbéadh sé …. ina sgiath chosanta aici

Téacs caighdeánach
an mbeadh sé... ina sciath chosanta ag duine

Béarla
would he be ... her protective shield

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Samhail, Nath, Meafar

Leathanach 181

Buntéacs
treabhadh sí a h-iomaire féin

Téacs caighdeánach
treabhadh sí a hiomaire féin

Béarla
let her face the task confronting her, go her own way

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar

Leathanach 185

Buntéacs
talamh bán

Téacs caighdeánach
talamh bán

Béarla
fallow land, lea, grass-land

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Obair agus ceardaíocht, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 185

Buntéacs
báithtear máirneálaigh, marbhthar saighdiúirí, agus gheibh mná bás le linn cloinne. ní fhuil neart ar na rudaí sin

Téacs caighdeánach
báitear mairnéalaigh, maraítear saighdiúirí, agus faigheann mná bás le linn clainne. Níl neart ar na rudaí sin

Béarla
Sailors drown, soldiers are killed, women die during childbirth. Those things can’t be helped.

Téamaí
Míleata, Bás – beatha – sláinte, Cúinsí sóisialta, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Sofhriotal, Meafar

Leathanach 187

Buntéacs
… gan fiacail a chur ann

Téacs caighdeánach
… gan fiacail a chur ann

Béarla
… without mincing your words

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 187

Buntéacs
do chroidhe a chur i n-áit chómhnuidhe

Téacs caighdeánach
do chroí a chur in áit chónaithe

Béarla
to set your heart at rest, accept things as they are

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 189

Buntéacs
chonnaic sí an chneadh a bhí ar Ros na bhFeannóg. Agus bhí an ceirín a’ faibhreadh i n-a h-intinn

Téacs caighdeánach
chonaic sí an chneá a bhí ar Ros na bhFeannóg. Agus bhí an ceirín ag fabhrú ina h-intinn

Béarla
she saw what was ailing R na bhF and the remedy was forming in her mind.

Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead – maoin – gnó, Mothúcháin, Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 190

Buntéacs
má théid sé sna stácaí sin

Téacs caighdeánach
má théid sé sna stácaí sin

Béarla
if it comes to the test

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 190

Buntéacs
dá deoin nó dá h-aindeoin

Téacs caighdeánach
dá deoin nó dá hainneoin

Béarla
willingly or unwillingly, whether she likes it or ntr

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 190

Buntéacs
dáigh

Téacs caighdeánach
dáigh

Béarla
stubborn obstinate

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 190

Buntéacs
má tá beann ar a h-anam aici

Téacs caighdeánach
má tá beann ar a hanam aici

Béarla
if she has any regard for her spiritual state

Téamaí
Reiligiún agus creideamh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 190

Buntéacs
dh’aindeoin a díth céille

Téacs caighdeánach
d’ainneoin a díth céille

Béarla
in spite of her foolishness

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Iompar agus caidrimh, Iompar agus caidrimh, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 192

Buntéacs
i gcead dá chóta

Téacs caighdeánach
i gcead dá chóta

Béarla
with all due respect to his cloth (an sagart)

Téamaí
Reiligiún agus creideamh, Cúinsí sóisialta, Éadaí, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Meafar, Nath, Samhail

Leathanach 196

Buntéacs
b’fhearr a chailleadh ná a locadh

Téacs caighdeánach
b’fhearr a chailleadh ná a loiceadh

Béarla
better to lose than to decline the fight

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Míleata

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 203

Buntéacs
mar bheadh sé a’ brath é féin a shuipriughadh san fhairrge

Téacs caighdeánach
mar a bheadh sé ag brath é féin a shoipriú san fharraige

Béarla
as if she was intending to nestle in the sea

Téamaí
Farraige, Seoltóireacht agus bádóireacht, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 203

Buntéacs
thug mé toil as cuimse dó an chéad uair a chuala mé é

Téacs caighdeánach
thug mé toil as cuimse dó an chéad uair a chuala mé é

Béarla
I loved it from the moment I heard it

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 205

Buntéacs
táimid líon meithle ann

Téacs caighdeánach
tá muid líon meithle ann

Béarla
we have a full crew, working party

Téamaí
Obair agus ceardaíocht, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 207

Buntéacs
shín sí leis a’ chéidh

Téacs caighdeánach
shín sí leis an ché

Béarla
she came alongside (the quay)

Téamaí
Farraige, Seoltóireacht agus bádóireacht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 208

Buntéacs
thosaigh sí ar theann a díchill

Téacs caighdeánach
thosaigh sí ar theann a díchill

Béarla
she started doing her very best, she got torn into the work

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 220

Buntéacs
culaith ghorm a choinneóchas a’ stá

Téacs caighdeánach
culaith ghorm a choinneos an stá

Béarla
a blue suit that will stay in good condition

Téamaí
Éadaí

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 221

Buntéacs
tá bealach sleamhain go h-Ifreann!

Téacs caighdeánach
tá bealach sleamhain go hifreann!

Béarla
it’s a slippery slope to hell!

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Reiligiún agus creideamh

Gnéithe teanga
Sofhriotal

Leathanach 221

Buntéacs
ní fhuil sonas ar bith adeir siad comh h-iomlán leis a’ tsonas a bhfuil tú a’ súil leis

Téacs caighdeánach
níl sonas ar bith, a deir siad, chomh hiomlán leis an tsonas a bhfuil tú ag súil leis

Béarla
the only complete happiness is the happiness you expect to have

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 222

Buntéacs
… gur minic a gheibh cos ar shiubhal rud nach bhfaghann cos ‘na cómhnuidhe

Téacs caighdeánach
… gur minic a gheibh cos ar shiúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí

Béarla
… that those who travel often discover more than those who don’t

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Taisteal agus imirce

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 224

Buntéacs
ag imtheacht i mbéal do chinn

Téacs caighdeánach
ag imeacht i mbéal do chinn

Béarla
taking to the road not knowing where one might end up

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Taisteal agus imirce

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 230

Buntéacs
comh slíochtha le rón

Téacs caighdeánach
chomh slíochtha le rón

Béarla
as sleek as a seal

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Meafar

Leathanach 236

Buntéacs
acfainneach i bhfairrge

Téacs caighdeánach
acmhainneach i bhfarraige

Béarla
seaworthy (bád)

Téamaí
Farraige, Obair agus ceardaíocht, Seoltóireacht agus bádóireacht, Taisteal agus imirce

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar

Leathanach 237

Buntéacs
a’ rómhar fiarach

Téacs caighdeánach
ag rómhar fiaraigh

Béarla
digging uncultivated grassland

Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Obair agus ceardaíocht, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 239

Buntéacs
bhí leoirghníomh déanta aicí

Téacs caighdeánach
bhí leorghníomh déanta aici

Béarla
she had made full amends, atoned

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Reiligiún agus creideamh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 241

Buntéacs
ní raibh beinn aicí ar aon ghnás ná ar aon riaghail

Téacs caighdeánach
ní raibh beann aici ar aon ghnás ná ar aon riail

Béarla
she cared nothing for any custom or rule

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh, Dlí - ceartas - pionós

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 242

Buntéacs
a’ tuitim i ndruim dubhach

Téacs caighdeánach
ag titim i ndroim dubhach

Béarla
becoming depressed

Téamaí
Mothúcháin, Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 243

Buntéacs
réidhtigh Tarlach a sgeadamán

Téacs caighdeánach
réitigh Tarlach a sceadamán

Béarla
T. cleared his throat

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 246

Buntéacs
toghadh gach bídh agus rogha gach díghe

Téacs caighdeánach
togha gach bia agus rogha gach dí

Béarla
the choicest of food and drink

Téamaí
Bia agus deoch

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 249

Buntéacs
a’ déanamh barraidheacht allghuis aistí

Téacs caighdeánach
ag déanamh barraíocht olláis aisti

Béarla
glorying in it (the boat) too much

Téamaí
Seoltóireacht agus bádóireacht, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 252

Buntéacs
bhí an fhairrge suaithte cé go raibh sí ag iomchur craicinn

Téacs caighdeánach
bhí an fharraige suaite cé go raibh sí ag iompar craicinn

Béarla
the sea was agitated, even though it was swelling

Téamaí
Tíreolaíocht – tírdhreach – áit

Gnéithe teanga
Nath, Meafar

Leathanach 252

Buntéacs
tá súinte troma istuigh ar a’ tanálacht

Téacs caighdeánach
tá súintí troma istigh ar an tanalacht

Béarla
there are heavy swells in the shallows

Téamaí
Farraige, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 252

Buntéacs
tá an ghaoth daor uirthí

Téacs caighdeánach
tá an ghaoth daor uirthi

Béarla
she’s sailing against the wind

Téamaí
Seoltóireacht agus bádóireacht, Farraige, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar, Nath

Leathanach 256

Buntéacs
bhain sin cuid mhór de’n ghaimh as an sgéal

Téacs caighdeánach
bhain sin cuid mhór den ghoimh as an scéal

Béarla
that took a lot of the sting out of the tale

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 258

Buntéacs
an bhéaróg ghiodalach

Téacs caighdeánach
an mhéaróg ghiodalach

Béarla
saucy, self-conceited girl

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 259

Buntéacs
a’ tabhairt achusáin díthe

Téacs caighdeánach
ag tabhairt achasáin di

Béarla
reproaching her

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 259

Buntéacs
greamannaí fáis

Téacs caighdeánach
greamanna fáis

Béarla
growing pains

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath, Samhail

Leathanach 260

Buntéacs
gaoth bhog a’ t-samhraidh a’ giolmas le n-a “ fuilt chraobh-chasta de’n ór mhéarloisgthe”

Téacs caighdeánach
gaoth bhog an tsamhraidh ag giolamas lena “folt chraobhchasta den ór mhéarloiscthe”

Béarla
the soft summer breeze caressing her “flaming golden tresses”

Téamaí
Aimsir agus am, Ceol agus filíocht, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 261

Buntéacs
ag éirighe cumhaidheamhail

Téacs caighdeánach
ag éirí cumhach

Béarla
becoming nostalgic

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 262

Buntéacs
is iomdha cor sa t-saoghal

Téacs caighdeánach
is iomaí cor sa tsaol

Béarla
life has many twists and turns

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Aimsir agus am, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Samhail, Nath

Leathanach 263

Buntéacs
i bhfad Éireann ní b’fhearr

Téacs caighdeánach
i bhfad Éireann ní b’fhearr

Béarla
much better altogether

Téamaí
Aimsir agus am, Mothúcháin, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 264

Buntéacs
má’s é sin a’ saoghal atá daithte agat duit féin

Téacs caighdeánach
más é sin an saol atá daite agat duit féin

Béarla
if that’s the life you have laid out for yourself

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Aimsir agus am, Aois, Cúinsí pearsanta, Obair agus ceardaíocht

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 264

Buntéacs
ag éirighe ní ba duibheagánaighe agus ní ba diamhraighe a bhí sí gach lá dá raibh a’ teacht

Téacs caighdeánach
ag éirí ní ba dhuibheagánaí agus ní ba dhiamhaire a bhí sí gach lá dá raibh ag teacht

Béarla
she was becoming deeper and more mysterious with every passing day

Téamaí
Tréithe daonna, Aimsir agus am, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 266

Buntéacs
thóg sé é féin le náibhidheacht

Téacs caighdeánach
thóg sé é féin le náibhíocht

Béarla
spent his time, devoted himself to navvying

Téamaí
Obair agus ceardaíocht, Airgead – maoin – gnó, Taisteal agus imirce

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 268

Buntéacs
ó casadh i gcuideachta sinn

Téacs caighdeánach
ó casadh i gcuideachta sinn

Béarla
since we happen to be together

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 270

Buntéacs
na fágálaigh d’fhan sa bhaile

Téacs caighdeánach
na fágálaigh a d’fhan sa bhaile

Béarla
the laggards who stayed at home

Téamaí
Tréithe daonna, Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht, Taisteal agus imirce

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 271

Buntéacs
fuigheall sean-mhallachta

Téacs caighdeánach
fuíoll seanmhallachta

Béarla
remnants of an old curse

Téamaí
An t-osnádúr, Beannachtaí agus mallachtaí, Reiligiún agus creideamh

Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal

Leathanach 272

Buntéacs
sgreabán gortach

Téacs caighdeánach
screabán gortach

Béarla
stony barren land

Téamaí
Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht, Talmhaíocht, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 273

Buntéacs
bhí mórán fear ar a’ bhealach mhór

Téacs caighdeánach
bhí mórán fear ar an bhealach mhór

Béarla
many men were unemployed

Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht, Taisteal agus imirce

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar

Leathanach 274

Buntéacs
ní chualaidh aon duine riamh Eoin Ruadh a’ graostacht

Téacs caighdeánach
ní chuala aon duine riamh Eoin Ruadh ag graostacht

Béarla
no one ever heard bawdy talk from E.R

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 277

Buntéacs
mar adeir a’ sean-fhocal, seachnaidh súil nídh nach bhfeiceann

Téacs caighdeánach
mar adeir a’ sean-fhocal, seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann

Béarla
what the eye sees not the heart craves not, out of sight out of mind

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 278

Buntéacs
sin mar chuir Róise an dlaoidheog mhullaigh ar a cuid Béarla i nGlasgó

Téacs caighdeánach
sin mar a chuir Róise an dlaóg mhullaigh ar a cuid Béarla i nGlaschú

Béarla
that’s how Róise polished up her English in Glasgow

Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Obair agus ceardaíocht, Oideachas, Taisteal agus imirce

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar, Nath

Leathanach 279

Buntéacs
ar ceathramhain aige

Téacs caighdeánach
ar ceathrúin aige

Béarla
lodging, quartered with

Téamaí
Teach agus baile

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 279

Buntéacs
tá súil agam go dtiocfa sibh le chéile

Téacs caighdeánach
tá súil agam go dtiocfaidh sibh le chéile

Béarla
I hope you get on with one another

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath, Samhail

Leathanach 279

Buntéacs
níor chosamhail é le fear a chuirfeadh iaróg ar bun

Téacs caighdeánach
níor chosúil é le fear a chuirfeadh iaróg ar bun

Béarla
he didn’t look like a man who would start a row

Téamaí
Tréithe daonna, Iompar agus caidrimh, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 280

Buntéacs
an rud is measa le duine ’ná a bhás b’fhéidir gurab é a leas é

Téacs caighdeánach
an rud is measa le duine ná a bhás b’fhéidir gurb é a leas é

Béarla
what one regards as a fate worse than death may be a blessing in disguise

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 282

Buntéacs
le corradh le deich mbliandhna fichead

Téacs caighdeánach
le corradh le deich mbliana fichead

Béarla
for (slightly) more than thirty years

Téamaí
Aimsir agus am, Aois

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 284

Buntéacs
eadar sin is tráthas

Téacs caighdeánach
idir sin is tráthas

Béarla
later on, after a while

Téamaí
Aimsir agus am

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 285

Buntéacs
tá siad iongantach dóirte dá chéile

Téacs caighdeánach
tá siad iontach doirte dá chéile

Béarla
they are very fond of each other

Téamaí
Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath, Samhail

Leathanach 286

Buntéacs
as sin a thiocfas

Téacs caighdeánach
as sin a thiocfas

Béarla
that’s how it will start (to improve)

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath, Samhail

Leathanach 287

Buntéacs
ag éirghe ní ba sgiamhaighe a bhí sí

Téacs caighdeánach
ag éirghe ní ba sciamhaí a bhí sí

Béarla
she was becoming more beautiful

Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 288

Buntéacs
a bheith ar mheithil na bpreátaí

Téacs caighdeánach
a bheith ar mheitheal na bprátaí

Béarla
to be part of the group of potato pickers

Téamaí
Obair agus ceardaíocht, Talmhaíocht

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 288

Buntéacs
bróga táirngí

Téacs caighdeánach
bróga tairní

Béarla
hob-nailed boots

Téamaí
Éadaí

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 292

Buntéacs
an dóchas a dhiúrnadh go dtí an gríodán nó ól na dighe seirbhe a thabhairt ar an fhírinne

Téacs caighdeánach
an dóchas a dhiurnú go dtí an gríodán nó ól na dí seirbhe a thabhairt ar an fhírinne

Béarla
to drain the dregs of hope or face the bitter truth

Téamaí
Aimsir agus am, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 293

Buntéacs
sna Faoilligh

Téacs caighdeánach
sna faoilligh

Béarla
in February

Téamaí
Aimsir agus am

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch, Focal aonair, Focal aonair

Leathanach 294

Buntéacs
… go rabh dreach colgach ar an athair

Téacs caighdeánach
… go raibh dreach colgach ar an athair

Béarla
… that the father had was an angry look on his face

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath, Samhail

Leathanach 295

Buntéacs
ó rinne slat cóta díthe

Téacs caighdeánach
ó rinne slat cóta di

Béarla
since she was a small child

Téamaí
Aois

Gnéithe teanga
Meafar, Samhail, Nath

Leathanach 295

Buntéacs
‘sí a chuir a’ lasóg sa bharrach

Téacs caighdeánach
is í a chuir an lasóg sa bharrach

Béarla
it was she who lit the flame, inflamed passions

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Samhail

Leathanach 296

Buntéacs
tá tréataí i n-a mhuineál go fóill

Téacs caighdeánach
tá tréataí ina mhuineál go fóill

Béarla
there are still weals in his neck

Téamaí
Bás – beatha – sláinte

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 300

Buntéacs
ná bíodh cotadh ar bith ort

Téacs caighdeánach
ná bíodh cotadh ar bit ort

Béarla
don’t be at all shy

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 300

Buntéacs
lasadh a bhaint as cailín óg i lúb cruinnighthe

Téacs caighdeánach
lasadh a bhaint as cailín óg i lúb chruinnithe

Béarla
to make a young girl blush in company

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 301

Buntéacs
go raibh sí pósta is leanbh le cealgadh aicí

Téacs caighdeánach
go raibh sí pósta agus leanbh le cealgadh aici

Béarla
that she was married with a child to care for

Téamaí
Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 305

Buntéacs
bhí bun ar an aimsir

Téacs caighdeánach
bhí bun ar an aimsir

Béarla
the weather had settled

Téamaí
Aimsir agus am

Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Meafar

Leathanach 305

Buntéacs
bhí sí i gcómhnuidhe ‹á chur ó dhoras

Téacs caighdeánach
bhí sí i gcónaí á chur ó dhoras

Béarla
she was always making excuses to him, avoiding the issue with him

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 307

Buntéacs
dá mbeinn ar nós na réidhe ionnat

Téacs caighdeánach
dá mbeinn ar nós na réidhe ionat

Béarla
if I were indifferent to you

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 308

Buntéacs
ná bí i n-a dhiaidh orm

Téacs caighdeánach
ná bí ina dhiaidh orm

Béarla
don’t blame, criticise me over it

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 309

Buntéacs
gurab ionann is bréag cuid den fhírinne a cheilt ar uairibh

Téacs caighdeánach
gurb ionann is bréag cuid den fhírinne a cheilt ar uairibh

Béarla
concealing the truth is sometimes the same as telling a lie

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 309

Buntéacs
bídh cead cainnte ag fear chaillte na h-imeartha

Téacs caighdeánach
bíonn cead cainte ag fear chaillte na himeartha

Béarla
the loser of a contest may talk as much as he pleases (whereas the winner has no need to say anything)

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 309

Buntéacs
is olc a’ margadh bhriseas beirt

Téacs caighdeánach
is olc an margadh a bhriseas beirt

Béarla
it’s a poor bargain which ruins both parties

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Airgead – maoin – gnó, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 310

Buntéacs
ar neamh-chead do’n té ler ab olc

Téacs caighdeánach
ar neamhchead don té lenar olc

Béarla
in defiance of all opposition, no matter whom it offends

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 311

Buntéacs
ba é seo báire na fola

Téacs caighdeánach
ba é seo báire na fola

Béarla
this was the crucial test

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Gaois - comhairle - eolas

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 312

Buntéacs
chuir sí an baile ‘un sioparnaighe

Téacs caighdeánach
chuir sí an baile chun siobarnaí

Béarla
she has the town in a fix, confused

Téamaí
Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 313

Buntéacs
bheadh a cinneamhaint coimhlíonta aicí

Téacs caighdeánach
bheadh a cinniúint comhlíonta aici

Béarla
her destiny would have been fulfilled

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 313

Buntéacs
bliadhain mhaith agus neamh-thurach i n-a diaidh

Téacs caighdeánach
bliain mhaith agus neamhthurach ina diaidh

Béarla
good riddance to her

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 314

Buntéacs
saoghal is sonas mo leinbh féin atá an ar na díslibh

Téacs caighdeánach
saol agus sonas mo linbh féin atá ar na díslí

Béarla
the life and happiness of my child is at stake

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Le plé, Iompar agus caidrimh, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Meafar

Leathanach 315

Buntéacs
is glas na cnuic i bhfad uainn

Téacs caighdeánach
is glas na cnoic i bhfad uainn

Béarla
far away hills are green

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Taisteal agus imirce, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Seanfhocal

Leathanach 316

Buntéacs
a’ gabháil i gcionn a’ t-saoghail

Téacs caighdeánach
ag gabháil i gceann an tsaoil

Béarla
starting out in married life

Téamaí
Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 316

Buntéacs
nuair a cuireadh an fhéacháil orm

Téacs caighdeánach
nuair a cuireadh an fhéachaint orm

Béarla
when I was put to the test

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 317

Buntéacs
mo leanbh... a chur thar a dhóigh

Téacs caighdeánach
mo leanbh… a chur thar a dhóigh

Béarla
to upset my child's normal behaviour, to cause a change in my child's personality

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Tréithe daonna, Teaghlach – muintir – pobal

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 318

Buntéacs
caithfidh duine an t-iomaire atá roimhe a threabhadh

Téacs caighdeánach
caithfidh duine an t-iomaire atá roimhe a threabhadh

Béarla
a person has to find his own way through life’s path

Téamaí
Aimsir agus am, Aois, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Meafar

Leathanach 318

Buntéacs
comh righin le gad agus comh daingean le carraig

Téacs caighdeánach
chomh righin le gad agus chomh daingean le carraig

Béarla
as tough as twine and as solid as a rock

Téamaí
Mothúcháin

Gnéithe teanga
Meafar

Leathanach 319

Buntéacs
saoghal corrach cointinneach

Téacs caighdeánach
saol corrach cointinneach

Béarla
an uneasy contentious life

Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 319

Buntéacs
turas i n-asgaidh

Téacs caighdeánach
turas in aisce

Béarla
a wasted journey

Téamaí
Taisteal agus imirce, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 319

Buntéacs
súgán gan chasadh

Téacs caighdeánach
súgán gan chasadh

Béarla
a spineless person

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar

Leathanach 320

Buntéacs
dá dtéigheadh aicí Murchadh Óg a mhealladh

Téacs caighdeánach
dá dtéadh aici Murchadh Óg a mhealladh

Béarla
if she could succeed in coaxing, seducing M.Ó

Téamaí
Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 323

Buntéacs
an tseibhte dhéidheanach

Téacs caighdeánach
an tseift dhéanach

Béarla
the last resort, last throw of the dice

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Samhail, Nath

Leathanach 325

Buntéacs
streabhóg

Téacs caighdeánach
streabhóg

Béarla
an impudent little girl

Téamaí
Tréithe daonna

Gnéithe teanga
Focal aonair

Leathanach 328

Buntéacs
nár bheo dó a bheo gan í

Téacs caighdeánach
nár bheo dó a bheo gan í

Béarla
life was not worth living without her

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 330

Buntéacs
bhí an dísle caithte

Téacs caighdeánach
bhí an dísle caite

Béarla
the die was cast

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath, Samhail

Leathanach 332

Buntéacs
imeacht as maoidheamh

Téacs caighdeánach
imeacht as maíomh

Béarla
to bring disgrace upon yourself (and your family)

Téamaí
Teaghlach – muintir – pobal, Mothúcháin, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 332

Buntéacs
fuair sí fios na fírinne

Téacs caighdeánach
fuair sí fios na fírinne

Béarla
she discovered the truth

Téamaí
Mothúcháin, Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 333

Buntéacs
píochán i n-a ghlór

Téacs caighdeánach
píochán ina ghlór

Béarla
hoarse

Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Corp - baill agus cuma fhisiciúil

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Leathanach 334

Buntéacs
tá sé ar teaghrán aicí

Téacs caighdeánach
tá sé ar teaghrán aici

Béarla
she’s got him on a string

Téamaí
Iompar agus caidrimh, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht

Gnéithe teanga
Samhail, Meafar

Leathanach 339

Buntéacs
shuidh siad fá bhord

Téacs caighdeánach
shuigh siad fá bhord

Béarla
they sat down at the table

Téamaí
Teach agus baile, Bia agus deoch

Gnéithe teanga
Nath

Leathanach 343

Buntéacs
nár agraidh Dia orm

Téacs caighdeánach
nár agraí Dia orm

Béarla
may God forgive me

Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Reiligiún agus creideamh, Mothúcháin

Gnéithe teanga
Sofhriotal, Seanfhocal

Leathanach 344

Buntéacs
a’ doicheall roimh an mhasla a bhí mé

Téacs caighdeánach
ag doicheall roimh an mhasla a bhí mé

Béarla
I was not looking forward to, baulking at receiving the insult

Téamaí
Iompar agus caidrimh

Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch

Na Leabhair

Na Leabhair