Leathanach 7
Buntéacs
bhí siad uilig coimhightheach agam
Téacs caighdeánach
bhí siad uilig coimhthíoch agam
Béarla
they were all strangers to me
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 8
Buntéacs
is goirid mo sheal féin dá fhadacht é
Téacs caighdeánach
is gairid mo sheal féin dá fhad é
Béarla
my own time is short however long it may be
Leathanach 8
Buntéacs
fear a tháinig chun a tsaoil i gcómhrac an dá aois
Téacs caighdeánach
fear a tháinig chun an tsaoil i gcomhrac an dá aois
Béarla
a man born [?] at the turn of the century
Téamaí
Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 8
Buntéacs
leig mé m’aithne ‘fhad leis
Téacs caighdeánach
lig mé m’aithne a fhad leis
Béarla
I introduced myself to him
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 9
Buntéacs
mar a deireadh an mhuinntir tháinig rómhainn, ní buan an nídh chaithtear
Téacs caighdeánach
mar a deireadh an mhuintir a tháinig romhainn, ní buan an ní a chaitear
Béarla
As our predecessors would say, nothing lasts forever
Téamaí
Aimsir agus am, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 9
Buntéacs
Acht cér chórtha ‘dhuine eile?
Téacs caighdeánach
ach cér chóra de dhuine eile?
Béarla
but then who is more worthy? no better person
Leathanach 10
Buntéacs
giúmhas portaigh
Téacs caighdeánach
giúis phortaigh
Béarla
bog deal/pine
Téamaí
Ainmhithe agus plandaí
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 10
Buntéacs
coinnle feagh
Téacs caighdeánach
coinnle feaga
Béarla
candles made from rushes
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Ainmhithe agus plandaí, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 11
Buntéacs
nach mbeadh rath ná bláth ar an bhaile
Téacs caighdeánach
nach mbeadh rath ná bláth ar an bhaile
Béarla
the town would never prosper nor flourish
Téamaí
Airgead - maoin - gnó, Teach agus baile
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 11
Buntéacs
sgiordaidh corr-rud gan chéill ar mo mhacasmhail
Téacs caighdeánach
sciurdann corr-rud gan chiall ar mo mhacasamhail
Béarla
people like me spout nonsense sometimes
Téamaí
Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 11
Buntéacs
is tearc duine comh h-aosta liom-sa nach dtig corr-thaom de’n aois leanbaidhe air
Téacs caighdeánach
is tearc duine comh haosta liomsa nach dtig corrthaom den aois leanbaí air
Béarla
there are few people as old as me who don’t have the odd bout of dotage
Téamaí
Aois, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 12
Buntéacs
gan pian ná piolóid air
Téacs caighdeánach
gan pian ná piolóid air
Béarla
he has neither aches nor pains
Téamaí
Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 12
Buntéacs
tá sé ina bhun duit
Téacs caighdeánach
tá sé ina bhun duit
Béarla
he is obliged to you for it
Leathanach 12
Buntéacs
sgiordann éan as gach ealt
Téacs caighdeánach
sciurdann éan as gach ealta
Béarla
there’s always an odd-man out, an exception to every rule
Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 16
Buntéacs
caidé a bhí sé a mhaoidheamh?
Téacs caighdeánach
cad é a bhí sé a mhaíomh?
Béarla
what did he mean?
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 16
Buntéacs
rud atá i n-aghaidh dola
Téacs caighdeánach
rud atá in aghaidh dola
Béarla
something unnatural, incongruous
Téamaí
Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 19
Buntéacs
bhí geansaí ar na dealgáin aici
Téacs caighdeánach
bhí geansaí ar na dealgáin aici
Béarla
she was knitting a pullover
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Éadaí, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 20
Buntéacs
nach bhfuil sé chomh cóir agat féin bheith san fhaisean leis na stócaigh?
Téacs caighdeánach
nach bhfuil sé chomh cóir agat féin a bheith san fhaisean leis na stócaigh?
Béarla
aren’t you just as worthy to be as fashionable as the young lads
Téamaí
Aois, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 20
Buntéacs
Tógaidh sé cian de dhuine tamall cómhráidh a dhéanamh
Téacs caighdeánach
Tógann sé cian de dhuine tamall cómhrá a dhéanamh
Béarla
A little conversation raises a person’s spirits
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 21
Buntéacs
rinne sí mo chomhmóradh
Téacs caighdeánach
rinne sí mo chomóradh
Béarla
she accompanied me
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 21
Buntéacs
ag colbha na leapa
Téacs caighdeánach
ag colbha na leapa
Béarla
at the bedside
Téamaí
Teach agus baile, Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 21
Buntéacs
ná bí ina dhiaidh orm
Téacs caighdeánach
ná bí ina dhiaidh orm
Béarla
don’t blame me
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 23
Buntéacs
go raibh aithne shúl againn ar a chéile
Téacs caighdeánach
go raibh aithne shúl againn ar a chéile
Béarla
that we knew each other by sight/knew who each other were
Téamaí
Baill choirp, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 24
Buntéacs
an greann sin a mbíonn faobhar mín air...
Téacs caighdeánach
an greann sin a mbíonn faobhar mín air...
Béarla
that razor-sharp wit...
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 28
Buntéacs
siúd is nach raibh mé rómhinic ina chaidreamh
Téacs caighdeánach
siúd is nach raibh mé rómhinic ina chaidreamh
Béarla
though I was never really on speaking terms with him
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 28
Buntéacs
go ndeachaigh a gháir i bhfad
Téacs caighdeánach
go ndeachaigh a gháir i bhfad
Béarla
he is renowned far and wide
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 30
Buntéacs
an gcuirfeadh ceachtar aca cor i gcinneamhain a’ duine eile?
Téacs caighdeánach
an gcuirfeadh ceachtar acu cor i gcinniúint an duine eile?
Béarla
would either of them affect the destiny of the other / change the course of the other’s life
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 34
Buntéacs
crathán beag léighinn
Téacs caighdeánach
crothán beag léinn
Béarla
a little learning
Téamaí
Oideachas
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 34
Buntéacs
buaidh na fáidheadórachta
Téacs caighdeánach
bua na fáidheadóireachta
Béarla
the gift of prophecy
Téamaí
Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 34
Buntéacs
bean a raibh eagna chinn ar leith aici
Téacs caighdeánach
bean a raibh eagna chinn ar leith aici
Béarla
a highly intelligent woman
Téamaí
Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 34
Buntéacs
eadar speal is corrán
Téacs caighdeánach
idir speal is corrán
Béarla
between haymaking and harvesting
Téamaí
Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 34
Buntéacs
ar scoite lasrach
Téacs caighdeánach
ar scoite lasrach
Béarla
in a mass of flames
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 35
Buntéacs
an mhuc dhubh
Téacs caighdeánach
an mhuc dhubh
Béarla
the train
Téamaí
Taisteal agus imirce, Cúinsí sóisialta, Ainmhithe agus plandaí
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 36
Buntéacs
tuighe mhuirínighe
Téacs caighdeánach
tuí mhuiríní
Béarla
marram-grass thatch
Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Obair agus ceardaíocht, Teach agus baile
Gnéithe teanga
Focal aonair, Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 37
Buntéacs
ag déanamh mórtais
Téacs caighdeánach
ag déanamh mórtais
Béarla
boasting
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 38
Buntéacs
go bhfuil sibh ‘bhur sgeith béil ar fud na dtrí bpobal
Téacs caighdeánach
go bhfuil sibh in bhur sceith bhéil ar fud na dtrí phobal
Béarla
that you are the talk of the district
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 39
Buntéacs
ní raibh sí i bhfad pósta gur thug an seanduine le fios di nach n-éistfeadh sé le fonóid ar bith ó mhuintir an bhaile
Téacs caighdeánach
ní raibh sí i bhfad pósta gur thug an seanduine le fios di nach n-éistfeadh sé le fonóid ar bith ó mhuintir an bhaile
Béarla
she wasn’t long married when the old fellow let her know that he woudn’t listen to any mockery from the people of the area
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 39
Buntéacs
toradh na h-aindeise
Téacs caighdeánach
toradh na hainnise
Béarla
the result of poverty, misery
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 39
Buntéacs
nach mbéadh siad i n-a n-ula mhagaidh
Téacs caighdeánach
nach mbeadh siad ina n-eala mhagaidh
Béarla
that they wouldn’t be a laughing stock
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 40
Buntéacs
bhí a shliocht uirthi
Téacs caighdeánach
bhí a shliocht uirthi
Béarla
the result of this was clear
Téamaí
Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 41
Buntéacs
san aimsir chianaosta
Téacs caighdeánach
san aimsir chianaosta
Béarla
in the distant past
Téamaí
Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 41
Buntéacs
solus a’ ghiúmhais
Téacs caighdeánach
solas na giúise
Béarla
the light of a pinewood fire
Téamaí
Ainmhithe agus plandaí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 42
Buntéacs
bhí sin ag goilleadh ar na súile aige
Téacs caighdeánach
bhí sin ag goilleadh ar na súile aige
Béarla
that was painful on his eyes
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 43
Buntéacs
an tóir a chosg agus an chreach a chosnamh
Téacs caighdeánach
an tóir a chosc agus an chreach a chosaint
Béarla
to repulse the attack and protect the booty
Téamaí
Airgead - maoin - gnó, Míleata
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 44
Buntéacs
an déad feasa
Téacs caighdeánach
an déad feasa
Béarla
the tooth of knowledge
Téamaí
Baill choirp, Béaloideas agus seanchas
Gnéithe teanga
Focal aonair, Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 44
Buntéacs
an scéal a réiteach
Téacs caighdeánach
an scéal a réiteach
Béarla
to remedy the situation, to reach agreement
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 44
Buntéacs
bain-chliamhain
Téacs caighdeánach
banchliamhain
Béarla
the daughter-in-law
Téamaí
Teaghlach - muintir - pobal
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 45
Buntéacs
eadar dall is dorchadas
Téacs caighdeánach
idir dall is dorchadas
Béarla
between the dim and the dark, at dusk
Téamaí
Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 46
Buntéacs
a’ galar buidhe
Téacs caighdeánach
an galar buí
Béarla
jaundice
Téamaí
Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 47
Buntéacs
chan dá éileamh
Téacs caighdeánach
chan á éileamh
Béarla
not that I am complaining about it
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 48
Buntéacs
b’fhéidir dá bhféachaimis leis
Téacs caighdeánach
b’fhéidir dá bhféachaimis leis
Béarla
perhaps if we give it a try
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 48
Buntéacs
ar feadh ár n-acfuinne
Téacs caighdeánach
ar feadh ár n-acmhainne
Béarla
to the best of our ability
Téamaí
Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 49
Buntéacs
Tá a ghlúin ris
Téacs caighdeánach
Tá a ghlúin ris
Béarla
his knee is exposed/visible
Téamaí
Baill choirp
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 51
Buntéacs
filistín
Téacs caighdeánach
filistín
Béarla
small light person
Téamaí
Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 52
Buntéacs
máthair gach uilc agus gach éagcóra
Téacs caighdeánach
máthair gach oilc agus gach éagóra
Béarla
the mother of all evil and injustice
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 53
Buntéacs
is maith an airí air é
Téacs caighdeánach
is maith an airí air é
Béarla
it serves him right
Leathanach 53
Buntéacs
sramaide
Téacs caighdeánach
sramaide
Béarla
slimy creature, mean contemptible person
Téamaí
Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 54
Buntéacs
a’ peacadh le’r thuit na h-aingle
Téacs caighdeánach
an peaca lenar thit na haingil
Béarla
the downfall of the angels (pride)
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch, Nath
Leathanach 56
Buntéacs
bhí dreach rinneach air
Téacs caighdeánach
bhí dreach rinneach air
Béarla
he had an angry look
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 56
Buntéacs
eadar chamánaibh
Téacs caighdeánach
idir chamáin
Béarla
at issue, under discussion
Téamaí
Caithimh aimsire - cluichí - spóirt, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 58
Buntéacs
gealtán beag déanfasach
Téacs caighdeánach
gealtán beag déanfasach
Béarla
a cocky officious little fellow
Téamaí
Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 59
Buntéacs
ar rothaí a tsaoghail
Téacs caighdeánach
ar rothaí a tsaoil
Béarla
on top of the world
Téamaí
Airgead - maoin - gnó, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 59
Buntéacs
más am is mithid
Téacs caighdeánach
más am is mithid
Béarla
better late than never
Téamaí
Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 60
Buntéacs
báire na fola
Téacs caighdeánach
báire na fola
Béarla
the crucial test
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 63
Buntéacs
ag fulacht bia
Téacs caighdeánach
ag fulacht bia
Béarla
cooking food
Téamaí
Teach agus baile, Bia agus deoch
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 65
Buntéacs
Bhí an dá rud féachta ag Conall Mór gan a dhath ar shon a shaothair aige.
Téacs caighdeánach
Bhí an dá rud féachta ag Conall Mór gan a dhath ar son a shaothair aige.
Béarla
Conall Mór had tried both but with nothing to show for it
Téamaí
Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 67
Buntéacs
gearrán iarrainn
Téacs caighdeánach
gearrán iarainn
Béarla
bicycle
Téamaí
Taisteal agus imirce
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 68
Buntéacs
tá a fhios agam gurab iomdha fear maith a seoladh ar bhealach a aimhleasa le droch-chómhairle
Téacs caighdeánach
tá a fhios agam gur iomaí fear maith a seoladh ar bhealach a aimhleasa le droch-chomhairle
Béarla
bad advice sent many a good man on the road to ruin
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 69
Buntéacs
ní fhuil cuid bhuailte ann
Téacs caighdeánach
níl cuid bhuailte ann
Béarla
he’s not worth hitting
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 69
Buntéacs
... rugadh fá’n chinneamhain é nach leigfeadh dó ‘theacht i n-éifeacht ...
Téacs caighdeánach
... rugadh faoin chinniúint é nach ligfeadh dó a theacht in éifeacht ...
Béarla
...his fate was such that he was never to succeed in life
Téamaí
Airgead - maoin - gnó, Cúinsí sóisialta, Teaghlach - muintir - pobal
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 70
Buntéacs
i dteach mór Leitir Ceanainn a ba cheart díobh a bheith
Téacs caighdeánach
i dteach mór Leitir Ceanainn ba cheart daoibh a bheith
Béarla
you should be in the Letterkenny asylum
Téamaí
Bás - beatha - sláinte, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 70
Buntéacs
ní raibh fágtha aicí ach a’ tseibhte dhéidheanach
Téacs caighdeánach
ní raibh fágtha aici ach an tseift dhéanach
Béarla
the last resort was her only option
Leathanach 70
Buntéacs
díol truaighe a dhéanamh di féin
Téacs caighdeánach
díol trua a dhéanamh di féin
Béarla
to make herself the subject of pity
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 75
Buntéacs
chomh lag le héan i mbarrach
Téacs caighdeánach
chomh lag le héan i mbarrach
Béarla
as weak as an ailing chick
Téamaí
Tréithe daonna, Ainmhithe agus plandaí
Gnéithe teanga
Samhail
Leathanach 76
Buntéacs
beidh sé ag teacht aniar chun an bhaile oíche Shathairn agus beifear lena fhuireachas
Téacs caighdeánach
beidh sé ag teacht aniar chun an bhaile oíche Shathairn agus beifear lena fhuireachas
Béarla
he’ll be coming over here on Saturday night and people will be watching out for him
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 82
Buntéacs
fuigheall sean-mhallachta
Téacs caighdeánach
fuíoll seanmhallachta
Béarla
remnants of old curse
Téamaí
Beannachtaí agus mallachtaí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 84
Buntéacs
an té bhíos siubhalach bídh sé sgéaltach
Téacs caighdeánach
an té a bhíonn siúlach bíonn sé scéalach
Béarla
he who has travelled has tales to tell
Téamaí
Taisteal agus imirce, Cúinsí sóisialta, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 85
Buntéacs
is binn béal ina thost ar an aimsir seo
Téacs caighdeánach
is binn béal ina thost ar an aimsir seo
Béarla
silence is golden these days
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Baill choirp
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 87
Buntéacs
ar aghaidh boise
Téacs caighdeánach
ar aghaidh boise
Béarla
at hand
Téamaí
Baill choirp
Leathanach 88
Buntéacs
nuair a ba deise dúinn é is ann a b’fhaide uainn é
Téacs caighdeánach
nuair ba dheise dúinn é is ann ab fhaide uainn é
Béarla
when it seemed within touching distance it was further from us
Téamaí
Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 89
Buntéacs
ba mheasa go mór an cath a loiceadh ná an cath a chailleadh
Téacs caighdeánach
ba mheasa go mór an cath a loiceadh ná an cath a chailleadh
Béarla
it would be much worse to decline the battle than to lose it
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 92
Buntéacs
go seangaí na cnámha aca
Téacs caighdeánach
go seangaí na cnámha acu
Béarla
until they become emaciated (old)
Téamaí
Aois, Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 93
Buntéacs
déarfadh daoine nárbh fhear ban é
Téacs caighdeánach
déarfadh daoine nárbh fhear ban é
Béarla
people would say he wasn’t a ladies man
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 95
Buntéacs
ba mhó an trua an tír dá ligtí ceann sreinge le bithiúnaigh
Téacs caighdeánach
ba mhó an trua an tír dá ligtí ceann sreinge le bithiúnaigh
Béarla
it would be a greater pity to leave the control of the country in the hands of rogues
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 96