Bunaíodh an Cumann ina chumann spóirt an chéad lá, ach níorbh fhada go dtearnadh cumann cultúir ar bhonn is leithne dó, agus, in 1953, tugadh isteach riail na Gaeilge. Riail í sin atá i bhfeidhm go dtí an lá inniu a d’fhág an Ghaeilg ina teangaidh riartha againn, agus gur i nGaeilg amháin a reáchtáiltear na himeachtaí sóisialta.
Níl baint ar bith ag Cumann Chluain Árd le haicme ar bith creidimh ná polaitíochta. Fágann seo gur féidir a rá gan amhras go bhfuil an teangaidh agus an t-oideachas os cionn gach ní sa Chumann. Is cuma dubh, bán ná riabhach thú, cuirfear fáilte mhór romhat.
Teagascann muid rangannaí Gaeilge a fhóireann do bhunfhoghlaimeoirí agus do chéimithe Gaeilge araon. Thig daoine eadar óg agus aosta as achan chearn den bhaile ina bhfuil muid agus as áiteacha eile i bhfad i gcéin le bheith ar na rangannaí. Ní bhíonn táille ar na rangannaí ach cuirtear fáilte roimh thabhartais ina háit sin, agus is ar bhonn deonach a oibreann gach múinteoir agus gach ball coiste.
I dtaca leis an teangaidh, is ar labhairt na Gaeilge is mó a chuireann muid béim, go háirid ag leibhéal an bhunranga, agus tá sin le sonrú ar an chaighdeán labhartha a bhaineann cuid mhór dár bhfoghlaimeoirí amach taobh istigh d’achar ghairid.
Is í Gaeilg Uladh a chleachtar i gCumann Chluain Árd. Tá dáimh ag an Chumann le bunadh na Gaeltachta, agus tá caomhnú na canúna ina ghné lárnach dár gcuid oibre. An sprioc atá romhainn cainteoirí Gaeilge a chruthú a bheas ar a suaimhneas áit ar bith a bhfuil an Ghaeilge ina teangaidh bheo. Is mian linn tógáil ar an chaidreamh a bhunaigh na daoine a chuaigh romhain le bunadh na Gaeltachta, agus baile i bhfad ó bhaile a chur ar fáil do bhunadh na Gaeltachta agus iad abhus.
Beir gach bua,
Coiste Chumann Chluain Árd