Leathanach XXX
Buntéacs
ná bain do dhuine dheiróil, arsa fear na h-eagna
Téacs caighdeánach
ná bain do dhuine dhearóil, arsa fear na heagna
Béarla
don’t offend the afflicted, said the wise man
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Gaois - comhairle - eolas
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach XXX
Buntéacs
dóigh bheag anásta
Téacs caighdeánach
dóigh bheag anásta
Béarla
in needy circumstances
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 4
Buntéacs
Údas saidhbhir
Téacs caighdeánach
Giúdach saibhir
Béarla
a wealthy Jew
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Le plé
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 5
Buntéacs
gan aon phighin ar a thús ná ar a dheireadh
Téacs caighdeánach
gan aon phingin ar a thús ná ar a dheireadh
Béarla
without a penny to his name
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 5
Buntéacs
na ribhínigh
Téacs caighdeánach
na ribhínigh
Béarla
the revenue police
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Dlí - ceartas - pionós, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 6
Buntéacs
is fiú airgead a chathamh ar theach ranna
Téacs caighdeánach
is fiú airgead a chaitheamh ar theach ranna
Béarla
it’s worth spending money on a dealing house, shop
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Teach agus baile
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 6
Buntéacs
tarróna sé aghaidh na ndaoine ort
Téacs caighdeánach
tarraingeoidh sé aghaidh na ndaoine ort
Béarla
it will attract customers
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 6
Buntéacs
do’n mhac a bhí teach a’ Droichid daithte
Téacs caighdeánach
don mhac a bhí teach an Droichid daite
Béarla
the Bridge house was set aside to go to the son
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 6
Buntéacs
ró-thíoghbhasach
Téacs caighdeánach
ró-thíosach
Béarla
overly given to, too fond of, housekeeping, thriftiness
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Teach agus baile, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 7
Buntéacs
thaisg sé a shaothrughadh
Téacs caighdeánach
thaisc sé a shaothrú
Béarla
he saved what he earned
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Obair agus ceardaíocht, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 7
Buntéacs
mar adeireadh sean-mhná an bhaile bhí dóigh fir uasail air
Téacs caighdeánach
mar a deireadh seanmhná an bhaile bhí dóigh fir uasail air
Béarla
as the town’s old lady’s used to say he lived like a gentleman
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Cúinsí sóisialta, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 7
Buntéacs
áit mhaith suidhe
Téacs caighdeánach
a d'fhág áit mhaith suí aige
Béarla
that left him well off, sitting pretty
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Leathanach 9
Buntéacs
an cheachardhacht
Téacs caighdeánach
an cheacharthacht
Béarla
meanness, niggardliness
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 9
Buntéacs
a’ cuartughadh éadálach
Téacs caighdeánach
ag cuardach éadála
Béarla
searching for flotsam, salvage
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Farraige, Obair agus ceardaíocht, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 10
Buntéacs
riclín
Téacs caighdeánach
riclín
Béarla
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Teach agus baile
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 12
Buntéacs
tá dóigh bheag anásta ar na créatúir
Téacs caighdeánach
tá dóigh bheag anásta ar na créatúir
Béarla
(the infants) are in needy circumstances
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Bás – beatha – sláinte, Bia agus deoch, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 12
Buntéacs
fear a ngoillfidh ‘anás ort
Téacs caighdeánach
fear a ngoillfidh a anás ort
Béarla
a man whose hardships would annoy you
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 14
Buntéacs
beidh sí beo bocht i n-a díomhanas
Téacs caighdeánach
beidh sí beo bocht ina díomhaointeas
Béarla
she'll live in poverty if unmarried
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 14
Buntéacs
gan de spré aicí acht …
Téacs caighdeánach
gan de spré aicí ach …
Béarla
having only ... for a dowry, with nothing to her name
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 16
Buntéacs
dóirnealach bocht giobach
Téacs caighdeánach
doirneálach bocht giobach
Béarla
a poor ragged, rough countryman
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Éadaí, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 17
Buntéacs
bhí dreach bocht, anróiteach air
Téacs caighdeánach
bhí dreach bocht, anróiteach air
Béarla
he had a poor wretched appearance
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Tréithe daonna
Leathanach 21
Buntéacs
ní thug cabhlach na Spáinne iarraidh forlámhas Éireann a ghabháil gan ór
Téacs caighdeánach
ní thug cabhlach na Spáinne iarraidh forlámhas Éireann a ghabháil gan ór
Béarla
The Spanish Navy didn’t attempt to assume control of Ireland without gold
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Béaloideas agus seanchas, Farraige, Iompar agus caidrimh, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 23
Buntéacs
cuireadh a mhuinntir as seilbh le linn Chogadh na Talmhan
Téacs caighdeánach
cuireadh a mhuintir as seilbh le linn Chogadh na Talún
Béarla
his people were dispossessed during the Land War
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Dlí - ceartas - pionós, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair, Talmhaíocht
Leathanach 24
Buntéacs
bhí se ag iarraidh theacht i dtír ann comh maith is thiocfadh leis
Téacs caighdeánach
bhí se ag iarraidh teacht i dtír ann chomh maith is a thiocfadh leis
Béarla
he was trying to make as good a living as he could there
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Obair agus ceardaíocht, Taisteal agus imirce
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 25
Buntéacs
bunachar
Téacs caighdeánach
bunachar
Béarla
money put by, nest egg
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 25
Buntéacs
dhá thuistiún
Téacs caighdeánach
dhá thoistiún
Béarla
two four-penny pieces
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 25
Buntéacs
ceathardha
Téacs caighdeánach
ceachartha
Béarla
mean, tight-fisted with money
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 26
Buntéacs
tá na múrthaí airgid aicí
Téacs caighdeánach
tá na múrtha airgid aici
Béarla
she has heaps of money
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch, Nath, Samhail
Leathanach 26
Buntéacs
beannacht dhuine bhoicht
Téacs caighdeánach
beannacht duine bocht
Béarla
a poor person’s blessing, a piece of fortune
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Beannachtaí agus mallachtaí, Iompar agus caidrimh, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 26
Buntéacs
nach dtiocfadh Murchadh Dubh i n-éifeacht shaoghalta choidhche ar a chuid aislingí
Téacs caighdeánach
nach dtiocfadh M. D. in éifeacht shaolta choíche ar a chuid aislingí
Béarla
that M.D would never succeed (with all his dreaming )
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 27
Buntéacs
ní fhuil ann ach go raibh siad taobh istuigh de na ballaí
Téacs caighdeánach
níl ann ach go raibh siad taobh istigh de na ballaí
Béarla
they just about had a roof over their heads
Leathanach 28
Buntéacs
ar a’ tráigh fhoilimh
Téacs caighdeánach
ar an trá fholamh
Béarla
left destitute
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta
Leathanach 28
Buntéacs
gheobhaidh tusa na físeacha agus na pighinneacha corra
Téacs caighdeánach
gheobhaidh tusa na físeacha agus na pinginí corra
Béarla
you’ll get what’s coming to you
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 29
Buntéacs
...agus chuirfeadh ar a bhonnaí é
Téacs caighdeánach
… agus a chuirfeadh ar a bhoinn é
Béarla
… that would set him up for life
Leathanach 30
Buntéacs
cheannuigh sí na huaisle le céimidheacht impireachta
Téacs caighdeánach
cheannaigh sí (Sasana) na huaisle le céimíocht impireachta
Béarla
she (England) bought the aristocracy with Imperial status
Téamaí
Aimsir agus am, Airgead – maoin – gnó, Béaloideas agus seanchas, Cúinsí sóisialta, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Reiligiún agus creideamh, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 31
Buntéacs
a’ beagán airgid ghil a bhí agam
Téacs caighdeánach
an beagán airgead geal a bhí agam
Béarla
the little amount of silver (coins) I had
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 31
Buntéacs
mar adeir a’ nathán, rí gach duine ar a chuid féin
Téacs caighdeánach
mar a deir an nathán, rí gach duine ar a chuid féin
Béarla
as the saying goes, each man is lord of his own possessions
Leathanach 31
Buntéacs
scallán a dhul sa mhaoin
Téacs caighdeánach
an scalán a dhul sa mhaoin
Béarla
to squander the wealth
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 31
Buntéacs
ar an tráigh fhoilimh
Téacs caighdeánach
ar an trá fholamh
Béarla
destitute
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 32
Buntéacs
tá an fear aicí is toiceamhla ó Ghaoth Dobhair go Gaoth Beara
Téacs caighdeánach
tá an fear aici is toiciúla ó Ghaoth Dobhair go Gaoth Beara
Béarla
she has the richest man in the Rosses
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 32
Buntéacs
is fearr ligearam laig ‘ná bheith folamh ar fad
Téacs caighdeánach
is fearr liogram lag ná a bheith folamh ar fad
Béarla
half a loaf is better than no bread
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Gaois - comhairle - eolas
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 34
Buntéacs
go dtabharfadh sí isteach a bris
Téacs caighdeánach
go dtabharfadh sí isteach a bris
Béarla
that she would recoup her losses
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 35
Buntéacs
nach iongantach nach ndearcann sé ort?
Téacs caighdeánach
nach iontach nach ndearcann sé ort?
Béarla
isn’t it surprising he doesn’t provide for you, look after you?
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 38
Buntéacs
is dá mbéadh sé 'na mhac toicidhe
Téacs caighdeánach
is dá mbeadh sé ina mhac toicí
Béarla
as if he was the son of a wealthy man
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Stair, Teach agus baile, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 39
Buntéacs
is réidh stiall de chroiceann fir eile agaibh
Téacs caighdeánach
is réidh stiall de chraiceann fir eile agaibh
Béarla
it’s easy to be generous at someone else’s expense !
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch, Nath
Leathanach 40
Buntéacs
...agus a réidheochadh mo dholaidh
Téacs caighdeánach
agus a réiteodh mo dhola
Béarla
that would pay my expenses
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 42
Buntéacs
ar cáirde
Téacs caighdeánach
ar cairde
Béarla
on credit
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 42
Buntéacs
lucht gaimbín
Téacs caighdeánach
lucht gaimbín
Béarla
money lenders, credit providers (with high interest rates)
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 43
Buntéacs
luach colpaighe
Téacs caighdeánach
luach colpaí
Béarla
the price of a heifer/bullock
Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Airgead – maoin – gnó, Talmhaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 48
Buntéacs
leath a dhéanamh de féin is leath de’n tsaoghal
Téacs caighdeánach
leath a dhéanamh de féin agus leath den tsaol
Béarla
to work excessively
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 51
Buntéacs
agus, mar adeireadh na sean-daoine fad ó shoin, ní fhaghthar saill gan cheannach
Téacs caighdeánach
agus, mar a deireadh na seandaoine fada ó shin, ní fhaightear saill gan cheannach
Béarla
and as the old folks would say, no pain no gain,
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Bia agus deoch, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 55?
Buntéacs
fear ranna
Téacs caighdeánach
fear ranna
Béarla
a distributor, trader, dealer
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 55
Buntéacs
d’iarr mé spás
Téacs caighdeánach
d’iarr mé spás
Béarla
I asked for a period of grace (in which to repay a debt)
Leathanach 55
Buntéacs
bhí siubhal measardha ar an bhainne
Téacs caighdeánach
bhí siúl measartha ar an bhainne
Béarla
there was reasonable demand for milk
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Bia agus deoch, Talmhaíocht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 56
Buntéacs
bhí mé ar an tráigh fhoilimh
Téacs caighdeánach
bhí mé ar an trá fholamh
Béarla
I was destitute
Leathanach 56
Buntéacs
a choinneochadh an scraith ós mo chionn
Téacs caighdeánach
a choinneodh an scraith os mo chionn
Béarla
would keep the roof over my head
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Teach agus baile, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Samhail
Leathanach 56
Buntéacs
ar an bhlár fholamh
Téacs caighdeánach
ar an bhlár fholamh
Béarla
down and out
Leathanach 56
Buntéacs
go riarfadh sí domh
Téacs caighdeánach
go riarfadh sí domh
Béarla
that she would provide for me
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Bia agus deoch, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 57
Buntéacs
ár n-anás a reic ar fud na tíre
Téacs caighdeánach
ár n-anás a reic ar fud na tíre
Béarla
to broadcast our poverty throughout the country
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 57
Buntéacs
toighe na h-átha ’ chur ar a’ mhuileann
Téacs caighdeánach
tuí na háithe a chur ar an mhuileann
Béarla
robbing Peter to pay Paul (lit. to put the thatch of the kiln on the mill)
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 57
Buntéacs
panc
Téacs caighdeánach
panc
Béarla
a fairground
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Talmhaíocht, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 58
Buntéacs
a’ maoidheamh as an chothughadh a bhí aige
Téacs caighdeánach
ag maíomh as an chothú a bhí aige
Béarla
boasting about the food he had
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Bia agus deoch, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 59
Buntéacs
mo bheatha a thabhairt i dtír
Téacs caighdeánach
mo bheatha a thabhairt i dtír
Béarla
to earn my living
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 59
Buntéacs
níl duine ar an tsaol nach bhfuil sé chomh córtha aige a chuid a shaothrú le duine eile
Téacs caighdeánach
níl duine ar an tsaol nach bhfuil sé chomh cóir aige a chuid a shaothrú le duine eile
Béarla
no one is more worthy of earning a living than anyone else
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Mothúcháin, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 61
Buntéacs
i n-asgaidh
Téacs caighdeánach
in aisce
Béarla
free of charge
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 61
Buntéacs
tuistiún
Téacs caighdeánach
toistiún
Béarla
a fourpenny piece
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Stair
Gnéithe teanga
Focal aonair, Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 61
Buntéacs
rinne sé a shaidhbhreas ar a’ tuistiún nach bhfuair sé
Téacs caighdeánach
rinne sé a shaibhreas ar an toistiún nach bhfuair sé
Béarla
his eye for business reaped rewards
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 61
Buntéacs
ag éirghe saoghalta
Téacs caighdeánach
ag éirí saolta
Béarla
becoming materialistic
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Mothúcháin, Obair agus ceardaíocht, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 64/5
Buntéacs
Nárbh’ é an anairidhe é dar leo. Ag imtheacht gan rath i ndiaidh a’ méid a bhí caithte ag a mhuinntir leis a’ tabhairt foghluim coláiste dó!
Téacs caighdeánach
Nárbh é an anairí é dar leo. Ag imeacht gan rath i ndiaidh an méid a bhí caite ag a mhuintir leis ag tabhairt foghlaim coláiste dó!
Béarla
Wasn’t he the ungrateful one. Going to the dogs after what his folks spent giving him a college education
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Mothúcháin, Oideachas, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 64
Buntéacs
is mairg nach saothruigheann a’ baile
Téacs caighdeánach
is mairg nach saothraíonn an baile
Béarla
it’s a pity we can’t make a living at home
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Gaois - comhairle - eolas
Leathanach 65
Buntéacs
ór is eabhair
Téacs caighdeánach
ór agus eabhar
Béarla
gold and ivory
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 65
Buntéacs
tuistiún
Téacs caighdeánach
toistiún
Béarla
four-penny piece
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 66
Buntéacs
ar an neamhacra
Téacs caighdeánach
ar an neamhacra
Béarla
of independent means, in easy circumstances
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 67
Buntéacs
b’éigean duit gaimbín a íoc le cois luach an earraidh
Téacs caighdeánach
b’eigean duit gaimbín a íoc le cois luach an earra
Béarla
you had to pay the interest as well as the price of the goods
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 68
Buntéacs
má chuirtear Béarla air
Téacs caighdeánach
má chuirtear Béarla air
Béarla
if it is written (in the credit book)
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Meafar, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 69
Buntéacs
gan pingin, gan bonn
Téacs caighdeánach
gan phingin, gan bhonn
Béarla
penniless
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 69
Buntéacs
fann folamh
Téacs caighdeánach
fann folamh
Béarla
poverty stricken, destitute
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 69
Buntéacs
a bheatha a shaothrú
Téacs caighdeánach
a bheatha a shaothrú
Béarla
to earn his living
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 70
Buntéacs
fríd bhoichtíneach agus anás
Téacs caighdeánach
fríd bhochtaineacht agus anás
Béarla
through poverty and destitution
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 70
Buntéacs
go rabh fiacha throm amuigh aicí
Téacs caighdeánach
… go raibh fiacha troma amuigh aici
Béarla
… that she was owed a lot of money
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 74
Buntéacs
char dhadaí caisleán ná pálás rí lena taobh
Téacs caighdeánach
char dhada caisleán ná pálás rí lena taobh
Béarla
there was little difference between a kings castle or palace compared to her (an long)
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Teach agus baile, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 75
Buntéacs
bhí ‘oiread aicí is riarfadh díthe
Téacs caighdeánach
bhí a oiread aici is a riarfadh di
Béarla
she had enough to get by
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 77
Buntéacs
choinneóchadh sé ánnlann a gcodach le teaghlach
Téacs caighdeánach
choinneodh sé anlann a gcoda le teaghlach
Béarla
it’d provide a family with food such as fish or meat to augment a basic diet of bread or potatoes
Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Airgead – maoin – gnó, Bia agus deoch, Cúinsí sóisialta, Talmhaíocht, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 80
Buntéacs
ar mbris a thabhairt isteach
Téacs caighdeánach
ár mbris a thabhairt isteach
Béarla
to recoup our losses; to recover our expenses; to make up for lost time
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Nath