Leathanach #VALUE!
Buntéacs
nuair thig an chaill thig an fhaill
Téacs caighdeánach
nuair a thig an chaill tig an fhaill
Béarla
when misfortune strikes, opportunity arises
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach XXX?
Buntéacs
nach mór a’ croidhe dóbhtha!
Téacs caighdeánach
nach mór an croí dóibh!
Béarla
how dare they!
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach XXX
Buntéacs
is lúgha ná frigh máthair chointinne
Téacs caighdeánach
is lú ná fríd máthair chointinne
Béarla
it doesn’t take much to start a quarrel
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 8
Buntéacs
nach a ghoid sin ná a fhuadach a rinne sé
Téacs caighdeánach
nach a ghoid sin ná a fhuadach a rinne sé
Béarla
… that it runs in the family, it's in his blood, the apple never falls from the tree in his case
Téamaí
Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Nath, Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 16
Buntéacs
a chos i n-a aice leis
Téacs caighdeánach
a chos in aice leis
Béarla
without the use of a leg
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Corp - baill agus cuma fhisiciúil
Gnéithe teanga
Meafar, Nath, Sofhriotal
Leathanach 20
Buntéacs
a’ gabháil san aois leanbuidhe
Téacs caighdeánach
ag gabháil san aois leanbaí
Béarla
beginning to dote, become senile
Téamaí
Aois, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Sofhriotal
Leathanach 22
Buntéacs
pleóid ar an airgead!
Téacs caighdeánach
pleoid ar an airgead!
Béarla
To hell with the money!
Téamaí
Airgead - maoin - gnó, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 23
Buntéacs
sugh na heorna
Téacs caighdeánach
sú na heorna
Béarla
spirits distilled from barley (whiskey, poteen)
Téamaí
Bia agus deoch, Talmhaíocht
Gnéithe teanga
Meafar, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 26
Buntéacs
beannacht dhuine bhoicht
Téacs caighdeánach
beannacht duine bocht
Béarla
a poor person’s blessing, a piece of fortune
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Beannachtaí agus mallachtaí, Iompar agus caidrimh, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 26
Buntéacs
is iomdha meath a tháinig orainn sa tír seo ó bhí saol órdha na naomh is na n-éigeas ann
Téacs caighdeánach
is iomaí meath a tháinig orainn sa tír seo ó bhí saol órga na naomh is na n-éigeas ann
Béarla
many a decline has happened to us in this country since the golden age of saints and scholars
Téamaí
Aimsir agus am, Béaloideas agus seanchas, Cúinsí sóisialta, Gaois - comhairle - eolas, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Reiligiún agus creideamh, Stair
Gnéithe teanga
Sofhriotal
Leathanach 30
Buntéacs
nach rabh mór míofar ná beag dóigheamhail
Téacs caighdeánach
nach raibh mór míofar ná beag dóighiúil
Béarla
who wasn’t particularly good-looking
Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 32
Buntéacs
ní bhéadh aonduine a’ tnúth a h-inntleachta díthe
Téacs caighdeánach
ní bheadh aon duine ag tnúth a hintleachta di
Béarla
no one would be envious of her intellect
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 35
Buntéacs
nach minic ariamh a chualamar an rud is measa le duine ‘ná a bhás b’fheidir gurbh’ é a leas é
Téacs caighdeánach
nach minic riamh a chuala muid an rud is measa le duine ná a bhás b’fhéidir gurbh é a leas é
Béarla
haven’t we often heard what people regard as a fate worse than death may be a blessing in disguise
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Míleata
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 44
Buntéacs
chan de shúil shuaraigh ba chóir amharc air
Téacs caighdeánach
chan de shúil shuarach bá chóir amharc air
Béarla
you could feast your eyes on him
Téamaí
Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 45
Buntéacs
táille tairbh
Téacs caighdeánach
táille tairbh
Béarla
a fee for services of a bull
Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Talmhaíocht
Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 48
Buntéacs
is cosúil go bhfuil an bás scáfar
Téacs caighdeánach
is cosúil go bhfuil an bás scáfar
Béarla
it appears that death is terrifying
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Gaois - comhairle - eolas
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 49
Buntéacs
sgéal chluinfeas tír is cheilfeas muinntir
Téacs caighdeánach
scéal a chluinfeas tír agus a cheilfeas muintir
Béarla
what everybody but one’s own talks about, ( family suppressing embarrassing or painful news in spite of it being common knowledge)
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Nath, Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 49
Buntéacs
...nár shéan mé mo ghaol leis na Dálaigh
Téacs caighdeánach
nár shéan mé mo ghaol leis na Dálaigh
Béarla
that I had taken after the O’Donnells
Téamaí
Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Sofhriotal
Leathanach 57
Buntéacs
an oíche a chaitheamh aici
Téacs caighdeánach
an oíche a chaitheamh aici
Béarla
to spend the night at her home
Téamaí
Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Teach agus baile
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 60
Buntéacs
is é an bás an tseifte dhéanach
Téacs caighdeánach
is é an bás an tseift dhéanach
Béarla
death is the last resort
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Gaois - comhairle - eolas, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Meafar, Samhail, Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 61
Buntéacs
sgéal a inse gan gréasán aimhréidh a dhéanamh de
Téacs caighdeánach
scéal a insint gan gréasán aimhréidh a dhéanamh de
Béarla
to tell a story without complicating it
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Meafar, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 65
Buntéacs
tugtha do’n ól
Téacs caighdeánach
tugtha don ól
Béarla
given to drink
Téamaí
Bia agus deoch, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 66
Buntéacs
nuair a chuir sé sealán smacht ar Éirinn
Téacs caighdeánach
nuair a chuir sé sealán smachta ar Éirinn
Béarla
when he put all of Ireland under his control
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Dlí - ceartas - pionós, Míleata, Stair, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit
Gnéithe teanga
Meafar, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 68
Buntéacs
má chuirtear Béarla air
Téacs caighdeánach
má chuirtear Béarla air
Béarla
if it is written (in the credit book)
Téamaí
Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Meafar, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 70
Buntéacs
gach díograis go deireadh
Téacs caighdeánach
gach díograis go deireadh
Béarla
blood is thicker than water
Téamaí
Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 70
Buntéacs
marbh-fháisc air!
Téacs caighdeánach
marbhfháisc air!
Béarla
to hell with him!
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 72
Buntéacs
...déarfadh sé go mbíonn cead cainnte ag fear chaillte na h-imeartha
Téacs caighdeánach
déarfadh sé go mbíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha
Béarla
he'd say that the loser of a contest may talk as much as he pleases (whereas the winner has no need to say anything
Téamaí
Caithimh aimsire – cluichí – spóirt, Gaois - comhairle - eolas
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 81
Buntéacs
is fada an bealach nach dtig deireadh leis
Téacs caighdeánach
is fada an bealach nach dtig deireadh leis
Béarla
it’s a long road that has no end
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Mothúcháin, Taisteal agus imirce
Gnéithe teanga
Meafar, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 87
Buntéacs
tá ábhaillí an bháis uirthi ó mhaidín
Téacs caighdeánach
tá ábhaillí an bháis uirthi ó mhaidin
Béarla
death has been toying with her since morning
Téamaí
Aimsir agus am, Bás – beatha – sláinte
Gnéithe teanga
Meafar, Sofhriotal
Leathanach 87
Buntéacs
chuir tú cluiche ar an bhás an iarraidh seo
Téacs caighdeánach
chuir tú cluiche ar an bhás an iarraidh seo
Béarla
you cheated death this time
Téamaí
Bás – beatha – sláinte
Gnéithe teanga
Meafar, Nath, Sofhriotal
Leathanach 89
Buntéacs
oidhche dár saoghal é
Téacs caighdeánach
oíche dár saol é
Béarla
let us enjoy the night (and forget about tomorrow)
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 90
Buntéacs
bhí sí i ndiaidh síothló
Téacs caighdeánach
bhí sí i ndiaidh síothlú
Béarla
she'd just died peacefully
Téamaí
Bás – beatha – sláinte
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 91
Buntéacs
níl aon phíghinn le héileamh ortha
Téacs caighdeánach
níl aon phingin le héileamh orthu
Béarla
they don’t owe us a penny, we’ve had our money’s worth from them
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 100
Buntéacs
Is glas na cnuic i bhfad uainn
Téacs caighdeánach
is glas na cnoic i bhfad uainn
Béarla
far away hills are green.
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Mothúcháin, Taisteal agus imirce, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 103
Buntéacs
is minic ariamh a chualamar gur beo neach i ndiaidh a bhuailte acht nach beo neach i ndiaidh a chánta.
Téacs caighdeánach
is minic riamh a chuala muid gur beo neach i ndiaidh a bhuailte ach nach beo neach i ndiaidh a cháinte
Béarla
we’ve often heard that you can survive a beating but not a criticism
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 105?
Buntéacs
gur fearr uaigneas maith ná droch-chuideachta
Téacs caighdeánach
gur fearr uaigneas maith ná droch-chuideachta
Béarla
that salutary solitude is better than bad company
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 105
Buntéacs
deir fear na h-eagna go mbíonn toiseach lag
Téacs caighdeánach
deir fear na heagna go mbíonn tosach lag
Béarla
all beginnings start tentatively, says the wise man
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 109
Buntéacs
is giorra uaithi ná a dtáinig
Téacs caighdeánach
is giorra uaithi ná a dtáinig
Béarla
she won’t last long, her time’s up
Téamaí
Aimsir agus am, Bás – beatha – sláinte
Gnéithe teanga
Meafar, Nath, Sofhriotal
Leathanach 109
Buntéacs
nár agraidh Dia orm
Téacs caighdeánach
nar agraí Dia orm
Béarla
may God forgive me
Téamaí
Beannachtaí agus mallachtaí, Gaois - comhairle - eolas, Mothúcháin, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 113
Buntéacs
nár aifridh Dia orm é
Téacs caighdeánach
nár aifrí Dia orm é
Béarla
may God forgive me
Téamaí
Beannachtaí agus mallachtaí, Gaois - comhairle - eolas, Mothúcháin, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Sofhriotal
Leathanach 124
Buntéacs
ní raibh buaidh an lae gan dadaí
Téacs caighdeánach
ní raibh bua an lae gan dada
Béarla
the days victory wasn’t without loss
Téamaí
Míleata
Gnéithe teanga
Meafar, Sofhriotal
Leathanach 135
Buntéacs
Seachnadh gach aon duine an droch-chuideachta
Téacs caighdeánach
Seachnaíodh gach aon duine an droch-chuideachta
Béarla
Let everyone avoid bad company
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Sofhriotal
Leathanach 140
Buntéacs
bhain siad a seal as a’ tsaoghal
Téacs caighdeánach
bhain siad a seal as an tsaol
Béarla
they lived out their lives
Téamaí
Aimsir agus am, Aois, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 156
Buntéacs
ní beag sin
Téacs caighdeánach
ní beag sin
Béarla
that's no trivial matter
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Sofhriotal
Leathanach 159
Buntéacs
ná bain de gheis agus ní bhainfidh geis duit
Téacs caighdeánach
ná bain do gheis agus ní bhainfidh geis duit
Béarla
do not interfere with the supernatural and it will not interfere with you
Téamaí
An t-osnádúr
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 175
Buntéacs
… gurbh’ iomaí lá ag an uaigh ortha
Téacs caighdeánach
… gurbh iomaí lá ag an uaigh orthu
Béarla
… that you’re a long time dead (so take things easy while you’re alive)
Téamaí
Aimsir agus am, Bás – beatha – sláinte, Gaois - comhairle - eolas, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 177
Buntéacs
is iomdha lá ag an uaigh orainn
Téacs caighdeánach
is iomaí lá ag an uaigh orainn
Béarla
you’ll be a long time dead (so take things easy while you’re alive)
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 185
Buntéacs
báithtear máirneálaigh, marbhthar saighdiúirí, agus gheibh mná bás le linn cloinne. ní fhuil neart ar na rudaí sin
Téacs caighdeánach
báitear mairnéalaigh, maraítear saighdiúirí, agus faigheann mná bás le linn clainne. Níl neart ar na rudaí sin
Béarla
Sailors drown, soldiers are killed, women die during childbirth. Those things can’t be helped.
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí sóisialta, Míleata, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Meafar, Sofhriotal
Leathanach 191
Buntéacs
dá dtaradh sé dhe shonas nó dhe dhonas orm
Téacs caighdeánach
dá dtiocfadh sé de shonas nó de dhonas orm
Béarla
if I ever have the fortune or misfortune to
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 206
Buntéacs
dona thú!
Téacs caighdeánach
dona thú!
Béarla
you’re useless!
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Sofhriotal
Leathanach 206
Buntéacs
Ní fiú aon deor amháin fhola ’Sacsa nuadh darab ainm Éire,’ is cuma caidé an tsaoirse a bheadh aicí. Nach millteanach a’ rud é go bhfuil muinntir na h-Éireann fuar-bhruithte i dteangaidh agus i seanchas a gcinidh.
Téacs caighdeánach
Ní fiú aon deoir amháin fola ‘Sasana nua darb ainm Éire,’ is cuma cad é an tsaoirse a bheadh aici. Nach millteanach an rud é go bhfuil muintir na hÉireann fuarbhruite i dteanga agus seanchas a gcine.
Béarla
A “new England called Ireland” is not worth one drop of blood no matter what kind of freedom she has. Isn’t it terrible that the Irish race are indifferent to their own language and culture.
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Dlí - ceartas - pionós, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch, Sofhriotal
Leathanach 208
Buntéacs
damnughadh nár thigidh ar m’anam
Téacs caighdeánach
damnú nár thige ar m’anam
Béarla
I’ll be damned
Téamaí
Beannachtaí agus mallachtaí, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Sofhriotal
Leathanach 221
Buntéacs
tá bealach sleamhain go h-Ifreann!
Téacs caighdeánach
tá bealach sleamhain go hifreann!
Béarla
it’s a slippery slope to hell!
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Sofhriotal
Leathanach 225
Buntéacs
225
Téacs caighdeánach
ní thabharfaidh buaireamh bás aon duine choíche
Béarla
grieving will never kill anyone
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 271
Buntéacs
fuigheall sean-mhallachta
Téacs caighdeánach
fuíoll seanmhallachta
Béarla
remnants of an old curse
Téamaí
An t-osnádúr, Beannachtaí agus mallachtaí, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal
Leathanach 284
Buntéacs
...gur badh moide ‘theaghlach Dé d’ainm
Téacs caighdeánach
gura móide de theaghlach Dé d’anam
Béarla
may God grant you eternal glory
Téamaí
Beannachtaí agus mallachtaí, Gaois - comhairle - eolas, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 298
Buntéacs
an a’ magadh orm atá mo rosga?
Téacs caighdeánach
an ag magadh orm atá mo roisc?
Béarla
are my eyes playing tricks on me
Téamaí
Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Gaois - comhairle - eolas, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Meafar, Nath, Samhail, Sofhriotal
Leathanach 343
Buntéacs
nár agraidh Dia orm
Téacs caighdeánach
nár agraí Dia orm
Béarla
may God forgive me
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Mothúcháin, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Seanfhocal, Sofhriotal
Leathanach 349
Buntéacs
leig braon de seo le do ghrásta
Téacs caighdeánach
lig braon de seo le do ghrásta
Béarla
have a drop of this and may it do you good!
Téamaí
Bia agus deoch
Gnéithe teanga
Nath, Sofhriotal