Leathanach 7
Buntéacs
thaisg sé a shaothrughadh
Téacs caighdeánach
thaisc sé a shaothrú
Béarla
he saved what he earned
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Obair agus ceardaíocht, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 9
Buntéacs
a’ bhail a thug a’ saoghal air
Téacs caighdeánach
an bhail a thug an saol air
Béarla
the way life treated him
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 9
Buntéacs
níor tugadh dh’ainm i Ros na Searrach air le linn a laghad ná a mhéid’ acht Murchadh Dubh
Téacs caighdeánach
níor tugadh d’ainm i Ros Searrach air le linn a laghad ná a mhéide ach Murchadh Dubh
Béarla
he was known all his days in Ros Searrach as Murchadh Dubh
Téamaí
Aimsir agus am, Cúinsí pearsanta, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Teaghlach – muintir – pobal, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 11
Buntéacs
… go mb’fhéidir go bhfuil éifeacht i ndán díthe
Téacs caighdeánach
… go mb’fhéidir go bhfuil éifeacht i ndán di
Béarla
… that maybe she is destined for some notable achievement
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 12
Buntéacs
tá dóigh bheag anásta ar na créatúir
Téacs caighdeánach
tá dóigh bheag anásta ar na créatúir
Béarla
(the infants) are in needy circumstances
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Airgead – maoin – gnó, Bia agus deoch, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 13
Buntéacs
dul i gcionn a’tsaoghail
Téacs caighdeánach
dul i gceann an tsaoil
Béarla
to start out in married life
Téamaí
Aimsir agus am, Cúinsí pearsanta, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Teaghlach – muintir – pobal
Leathanach 13
Buntéacs
tá an baile faoi chrann smola
Téacs caighdeánach
tá an baile faoi chrann smola
Béarla
the town(land) is blighted, cursed
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí sóisialta, Cúinsí pearsanta, Dlí - ceartas - pionós, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Leathanach 17
Buntéacs
chuaidh an bheirt ‘un drabhláis
Téacs caighdeánach
chuaigh an bheirt chun drabhláis
Béarla
the pair of them took to the drink, went to the dogs
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Bia agus deoch, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 25
Buntéacs
bunachar
Téacs caighdeánach
bunachar
Béarla
money put by, nest egg
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 28
Buntéacs
go ndeachaigh a gháir i bhfad
Téacs caighdeánach
go ndeachaigh a gháir i bhfad
Béarla
he is renowned far and wide
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 28
Buntéacs
ar a’ tráigh fhoilimh
Téacs caighdeánach
ar an trá fholamh
Béarla
left destitute
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta
Leathanach 31
Buntéacs
ar an tráigh fhoilimh
Téacs caighdeánach
ar an trá fholamh
Béarla
destitute
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 32
Buntéacs
is fearr ligearam laig ‘ná bheith folamh ar fad
Téacs caighdeánach
is fearr liogram lag ná a bheith folamh ar fad
Béarla
half a loaf is better than no bread
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 35
Buntéacs
nach iongantach nach ndearcann sé ort?
Téacs caighdeánach
nach iontach nach ndearcann sé ort?
Béarla
isn’t it surprising he doesn’t provide for you, look after you?
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 35
Buntéacs
(is) díol truaighe thú
Téacs caighdeánach
(is) díol trua thú
Béarla
you deserve to be pitied, deserving of pity
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 35
Buntéacs
ní rabh aon duine maoidhte uirthí
Téacs caighdeánach
ní raibh aon duine maíte uirthi ach ..
Béarla
she had no relatives other than …
Téamaí
Teaghlach – muintir – pobal, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 39
Buntéacs
toradh na h-aindeise
Téacs caighdeánach
toradh na hainnise
Béarla
the result of poverty, misery
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 49
Buntéacs
ceangal na gcúig gcaol
Téacs caighdeánach
ceangal na gcúig gcaol
Béarla
bound hand and foot
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 56
Buntéacs
go riarfadh sí domh
Téacs caighdeánach
go riarfadh sí domh
Béarla
that she would provide for me
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Bia agus deoch
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 57
Buntéacs
ár n-anás a reic ar fud na tíre
Téacs caighdeánach
ár n-anás a reic ar fud na tíre
Béarla
to broadcast our poverty throughout the country
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 58
Buntéacs
a’ maoidheamh as an chothughadh a bhí aige
Téacs caighdeánach
ag maíomh as an chothú a bhí aige
Béarla
boasting about the food he had
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Bia agus deoch, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 58
Buntéacs
sa ráithe dheireannaigh
Téacs caighdeánach
sa ráithe dheireanach
Béarla
in the final period of pregnancy
Téamaí
Aimsir agus am, Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 59
Buntéacs
mo bheatha a thabhairt i dtír
Téacs caighdeánach
mo bheatha a thabhairt i dtír
Béarla
to earn my living
Téamaí
Obair agus ceardaíocht, Cúinsí sóisialta, Cúinsí pearsanta, Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 61
Buntéacs
Is glas na cnuic i bhfad uainn
Téacs caighdeánach
is glas na cnoic i bhfad uainn
Béarla
far away hills are green. the grass is always greener on the other side.
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Taisteal agus imirce, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 64
Buntéacs
a teilgeadh ‘un báis
Téacs caighdeánach
a teilgeadh chun báis
Béarla
who was condemned to death
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Dlí - ceartas - pionós, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 65
Buntéacs
d’imthigh sé le drabhlás a’ tsaoghail
Téacs caighdeánach
d’imigh sé le drabhlás an tsaoil
Béarla
he led a dissolute life, went to the dogs
Téamaí
Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 68
Buntéacs
i nguais
Téacs caighdeánach
i nguais
Béarla
in danger
Téamaí
Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 69
Buntéacs
gan pingin, gan bonn
Téacs caighdeánach
gan phingin, gan bhonn
Béarla
penniless
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 69
Buntéacs
fann folamh
Téacs caighdeánach
fann folamh
Béarla
poverty stricken, destitute
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Airgead – maoin – gnó
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 70
Buntéacs
tá an aithne chontráilte agaibh air
Téacs caighdeánach
tá an aithne chontráilte agaibh air
Béarla
you have the wrong opinion of him, reading him the wrong way
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí pearsanta, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 74
Buntéacs
ní raibh aige acht sgáthlán cheann-tuigheadh agus bhí na deora anuas
Téacs caighdeánach
ní raibh aige acht scáthlán ceann tuí agus bhí na deora anuas
Béarla
the only shelter he had was a leaking thatched roof
Téamaí
Aimsir agus am, Cúinsí pearsanta, Teach agus baile
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 75
Buntéacs
is mairg atá i n-a mhuinighin
Téacs caighdeánach
is mairg atá ina mhuinín
Béarla
it’s a pity having to depend on it
Téamaí
Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 75
Buntéacs
bhí ‘oiread aicí is riarfadh díthe
Téacs caighdeánach
bhí a oiread aici is a riarfadh di
Béarla
she had enough to get by
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 81
Buntéacs
bhí a gcroidhe agus a n-anam istuigh ina chéile
Téacs caighdeánach
bhí a gcroí agus a n-anam istigh ina chéile
Béarla
they were utterly devoted to each other
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht, Mothúcháin
Leathanach 81
Buntéacs
a bheith ar a’ neamh-acarra
Téacs caighdeánach
a bheith ar an neamhacra
Béarla
to be independent, in easy circumstances
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Leathanach 82
Buntéacs
sin an dual is fuide siar ar mo choigeáil
Téacs caighdeánach
sin an dual is faide siar ar mo choigeal
Béarla
that’s the least of my worries
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Mothúcháin, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 82
Buntéacs
i ndiaidh a’ bascadh reatha atá faighte agat
Téacs caighdeánach
i ndiaidh an bascadh reatha atá faighte agat
Béarla
after the trauma you have experienced, having run the galntlet
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 82
Buntéacs
ádhbhar uabhair
Téacs caighdeánach
ábhar uabhair
Béarla
a cause, reason for pride
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 88
Buntéacs
an dara suidhe san ' bhuailidh
Téacs caighdeánach
an dara suí sa bhuaile
Béarla
no other choice
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Ainmhithe agus plandaí, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 93
Buntéacs
go gcaitheadh sí a h-iomaire féin a threabhadh
Téacs caighdeánach
go gcaithfeadh sí a hiomaire féin a threabhadh
Béarla
that she would have to confront the task herself
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Obair agus ceardaíocht, Tréithe daonna
Leathanach 94
Buntéacs
nach bhfuil a’ saoghal ag éirighe leis i Meiricea
Téacs caighdeánach
nach bhfuil an saol ag éirí leis i Meiriceá
Béarla
that things aren’t going well for him in America
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Obair agus ceardaíocht, Taisteal agus imirce, Tíreolaíocht – tírdhreach – áit, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Samhail
Leathanach 94
Buntéacs
má théighid sé sna stácaí sin
Téacs caighdeánach
má théann sé sna stacaí sin
Béarla
if it goes to that; since fate has given you this game to play
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Farraige
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 101
Buntéacs
hí an droch-dheoir ann
Téacs caighdeánach
bhí an drochdheoir ann
Béarla
he was from a bad lot
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Teaghlach – muintir – pobal, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 106
Buntéacs
(bhí sé) a’ maoidheamh gaoil air
Téacs caighdeánach
(bhí sé) ag maíomh gaoil air
Béarla
(he was) claiming he was related to him
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 114
Buntéacs
má tá sin in do bhrístí
Téacs caighdeánach
má tá sin i do bhrístí
Béarla
if you have the guts to do it
Téamaí
Mothúcháin, Tréithe daonna, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Éadaí, Cúinsí pearsanta
Leathanach 122
Buntéacs
is tú a chuir i n-áit mo chartaidh mé
Téacs caighdeánach
is tú a chuir in áit mo charta mé
Béarla
it was you who put me in a perilous situation
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 123
Buntéacs
an beagán Béarla atá agam cuirfe mé ‘un a’ chaithte é
Téacs caighdeánach
an beagán Béarla atá agam cuirfidh mé chun an chaite é
Béarla
the little English I have I’ll put it to good use
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch, Meafar
Leathanach 131
Buntéacs
gan cianóg ina sheilbh
Téacs caighdeánach
gan cianóg ina sheilbh
Béarla
penniless
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 131
Buntéacs
ar ansmacht na nGall a tháinig sí féin agus a muinntir roimpí i dtír
Téacs caighdeánach
ar ansmacht na nGall a tháinig sí féin agus a muintir roimpi i dtír
Béarla
she and her people before her made their living on the back of English tyranny
Téamaí
Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair, Teaghlach – muintir – pobal, Aimsir agus am, Airgead – maoin – gnó, Cúinsí sóisialta, Cúinsí pearsanta, Dlí - ceartas - pionós, Míleata, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 135
Buntéacs
páighe bheag scallta
Téacs caighdeánach
pá beag scallta
Béarla
paltry, miserable pay
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 136
Buntéacs
agus i dtaca le h-airgead de, tá sé ar maothas ann
Téacs caighdeánach
agus i dtaca le hairgead de, tá sé ar maos ann
Béarla
and as far money, he’s got loads of it
Leathanach 137
Buntéacs
ar a’ neamh-acra
Téacs caighdeánach
ar an neamhacra
Béarla
of independent means
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 137
Buntéacs
acht thárluigh rud a chuir cor i mo chinneamhaint
Téacs caighdeánach
ach tharla rud a chuir cor i mo chinniúint
Béarla
but fate took a hand, but something happened that marked a turning point in my life
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 146
Buntéacs
tá mise amuigh thar a’ doras agat
Téacs caighdeánach
tá mise amuigh thar an doras agat
Béarla
you have left me penniless
Leathanach 149
Buntéacs
i do dhíomhaoineas
Téacs caighdeánach
i do dhíomhaointeas
Béarla
as an unmarried person
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Grá – cleamhnas – rómánsaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 153
Buntéacs
i ndáil a chéile
Téacs caighdeánach
i ndáil a chéile
Béarla
in each other’s company
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 154
Buntéacs
má leigeann tú do mhaidí le sruth
Téacs caighdeánach
má ligeann tú do mhaidí le sruth
Béarla
if you neglect your responsibilities, let things drift
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Mothúcháin, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 154
Buntéacs
chuir an gearrfhiadh sin cor i n-a chinneamhaint
Téacs caighdeánach
chuir an giorria sin cor ina chinniúint
Béarla
that hare changed the course of his life
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Aimsir agus am, Cúinsí pearsanta, Ainmhithe agus plandaí, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 156
Buntéacs
ní fhuil a fhios agam caidé an tallann mearaidh a bhuail é
Téacs caighdeánach
níl a fhios agam cad é an tallann mearaidh a bhuail é
Béarla
I don’t know what fit of madness came over him
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 160
Buntéacs
thosaigh an oidhche a chur air
Téacs caighdeánach
thosaigh an oíche a chur air
Béarla
the night began to get worse
Téamaí
Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 161
Buntéacs
deir siad go mbíonn a bhuaidhreadh féin ar gach duine
Téacs caighdeánach
deir siad go mbíonn a bhuaireamh féin ar gach duine
Béarla
everyone has their own worries
Téamaí
Tréithe daonna, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 168
Buntéacs
rogha an dá dhíoghadh
Téacs caighdeánach
rogha an dá dhíogha
Béarla
a choice between two evils, the better of two bad lots
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Gaois - comhairle - eolas, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 170
Buntéacs
á lóntaidhe féin
Téacs caighdeánach
dá leointe féin
Béarla
of his own accord, volition
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 171
Buntéacs
sgiordann éan as gach ealt
Téacs caighdeánach
sciurdann éan as gach ealta
Béarla
there's always an odd-man out, there's a black sheep in every family
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Tréithe daonna, Teaghlach – muintir – pobal, Ainmhithe agus plandaí, Iompar agus caidrimh
Leathanach 177
Buntéacs
nár réidhigh nóta chúig bpunta a dholaidh
Téacs caighdeánach
nár réitigh nóta cúig phunt a dhola
Béarla
that a five pound note didn’t clear his debt
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 182
Buntéacs
bíonn dáimh gan gaol ann corr-uair
Téacs caighdeánach
bíonn dáimh gan ghaol ann corruair
Béarla
sometimes kindred feeling doesn’t need family ties
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Tréithe daonna, Teaghlach – muintir – pobal, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 185
Buntéacs
mar bheadh roithleach gan snámh ann
Téacs caighdeánach
mar a bheadh roithleach gan snámh ann
Béarla
like the odd man out
Téamaí
Mothúcháin, Tréithe daonna, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 186
Buntéacs
dá mba dual dó é
Téacs caighdeánach
dá mba dhual dó é
Béarla
if it were in the natural order of things for him, if it were meant to be
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Gaois - comhairle - eolas
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 188
Buntéacs
ar a neamh-acara
Téacs caighdeánach
ar an neamhacra
Béarla
of independent means, in easy circumstances
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Iompar agus caidrimh, Cúinsí pearsanta, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 201
Buntéacs
(a bheith) san fhaopach
Téacs caighdeánach
(a bheith) san fhaopach
Béarla
(to be) in a fix, dilemma
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 202
Buntéacs
Ba é sgaradh an anama leis a’ choirp aige imtheacht as Éirinn
Téacs caighdeánach
ba é scaradh an anama leis an chorp aige imeacht as Éirinn
Béarla
leaving Ireland was like parting with his soul
Téamaí
Taisteal agus imirce, Beannachtaí agus mallachtaí, Aimsir agus am, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Teaghlach – muintir – pobal
Gnéithe teanga
Samhail
Leathanach 210
Buntéacs
a thabhóchadh cliú dó
Téacs caighdeánach
a thabhódh clú dó
Béarla
that would earn him a reputation
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 210
Buntéacs
níor mhian liom m’aithne a leigean fhad leis a choidhche
Téacs caighdeánach
níor mhian liom m’aithne a ligean a fhad leis choíche
Béarla
I had no wish of ever letting him know who I was , of ever revealing my identity
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 218
Buntéacs
bheadh sé i mbéal an phobail
Téacs caighdeánach
bheadh sé i mbéal an phobail
Béarla
he’d be the talk of the town
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh
Leathanach 221
Buntéacs
ar an anás
Téacs caighdeánach
ar an anás
Béarla
in need
Téamaí
Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 229
Buntéacs
dá dtugtaidhe céimidheacht a’ tsaoghail domh le mo rogha a bhaint as....
Téacs caighdeánach
dá dtugtaí céimíocht an tsaoil dom le mo rogha a bhaint as...
Béarla
if I were given life's pecking order to choose from …
Téamaí
Gaois - comhairle - eolas, Obair agus ceardaíocht, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 242
Buntéacs
a’ tuitim i ndruim dubhach
Téacs caighdeánach
ag titim i ndroim dubhach
Béarla
becoming depressed
Téamaí
Mothúcháin, Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Samhail
Leathanach 259
Buntéacs
greamannaí fáis
Téacs caighdeánach
greamanna fáis
Béarla
growing pains
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Corp - baill agus cuma fhisiciúil, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Leathanach 264
Buntéacs
má’s é sin a’ saoghal atá daithte agat duit féin
Téacs caighdeánach
más é sin an saol atá daite agat duit féin
Béarla
if that’s the life you have laid out for yourself
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Aimsir agus am, Aois, Cúinsí pearsanta, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 268
Buntéacs
ní raibh coir orainn
Téacs caighdeánach
ní raibh coir orainn
Béarla
we weren’t too badly off
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 278
Buntéacs
sin mar chuir Róise an dlaoidheog mhullaigh ar a cuid Béarla i nGlasgó
Téacs caighdeánach
sin mar a chuir Róise an dlaóg mhullaigh ar a cuid Béarla i nGlaschú
Béarla
that’s how Róise polished up her English in Glasgow
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Cúinsí sóisialta, Iompar agus caidrimh, Obair agus ceardaíocht, Oideachas, Taisteal agus imirce
Leathanach 314
Buntéacs
saoghal is sonas mo leinbh féin atá an ar na díslibh
Téacs caighdeánach
saol agus sonas mo linbh féin atá ar na díslí
Béarla
the life and happiness of my child is at stake
Téamaí
Bás – beatha – sláinte, Cúinsí pearsanta, Le plé, Iompar agus caidrimh, Teaghlach – muintir – pobal
Leathanach 318
Buntéacs
caithfidh duine an t-iomaire atá roimhe a threabhadh
Téacs caighdeánach
caithfidh duine an t-iomaire atá roimhe a threabhadh
Béarla
a person has to find his own way through life’s path
Téamaí
Aimsir agus am, Aois, Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Leathanach 319
Buntéacs
saoghal corrach cointinneach
Téacs caighdeánach
saol corrach cointinneach
Béarla
an uneasy contentious life
Téamaí
Cúinsí pearsanta, Iompar agus caidrimh, Mothúcháin, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 338
Buntéacs
treabhadh as a ruball féin
Téacs caighdeánach
treabhadh as a eireaball féin
Béarla
to fend for himself
Leathanach 342
Buntéacs
scallán a chuir i do chuid airgid
Téacs caighdeánach
scalán a chuir i do chuid airgid
Béarla
to squander your money
Téamaí
Airgead – maoin – gnó, Cúinsí pearsanta
Gnéithe teanga
Nath