Leathanach 5
Buntéacs
stáid gheal dhrithleógach,
Téacs caighdeánach
stáid gheal dhrithleogach,
Béarla
bright sparkling streak
Téamaí
Tíreolaíocht - tírdhreach - áit
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 5
Buntéacs
nuair bíos bun ar an aimsir
Téacs caighdeánach
nuair a bhíonn bun ar an aimsir
Béarla
when the weather is settled
Téamaí
Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 6
Buntéacs
go tír mór a bhí sé a’ gabháil,
Téacs caighdeánach
go tír mór a bhí sé ag gabháil
Béarla
he was going to the mainland
Téamaí
Taisteal agus imirce, Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Farraige, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 6
Buntéacs
Bídh súil le muir acht ní bhíonn súil le h-uaigh, adeireadh na sean-daoine
Téacs caighdeánach
Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh, a deireadh na seandaoine
Béarla
There’s always a hope that an emigrant (or traveller) may return, but not from the grave as the old folk say
Téamaí
Taisteal agus imirce, Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Bás - beatha - sláinte, Farraige, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 8
Buntéacs
a’ baint duilisg,
Téacs caighdeánach
ag baint duilisc
Béarla
gathering dulse (an edible seaweed)
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Talmhaíocht, Bia agus deoch, Farraige
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 8
Buntéacs
cásamhail,
Téacs caighdeánach
cásmhar (le)
Béarla
sympathetic, considerate (of, for)
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 11
Buntéacs
ise a chuir cor in mo chinneamhaint,
Téacs caighdeánach
ise a chuir cor i mo chinniúint
Béarla
she was the one who changed the course of my life
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 11
Buntéacs
tá urra mhaith le mo chuid cainnte agam,
Téacs caighdeánach
tá urra mhaith le mo chuid cainte agam
Béarla
I have it on good authority
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 12/3
Buntéacs
a’ cladhaire meathta gan chasadh,
Téacs caighdeánach
an cladhaire meata gan chasadh
Béarla
the abject coward
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Leathanach 13
Buntéacs
Tá an cóta cheana féin aicí air agus coinneócha sí air é.
Téacs caighdeánach
Tá an cóta cheana féin aici air agus coinneoidh sí air é.
Béarla
She has him hen-pecked already and she’ll keep him like that.
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 13
Buntéacs
ion-súl
Téacs caighdeánach
insúl
Béarla
attractive, eye-catching
Téamaí
Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 13
Buntéacs
Mar adeireadh na sean-daoine, ‘ní fhuil sí mór míofar ná beag dóigheamhail’
Téacs caighdeánach
Mar a deireadh na seandaoine, ‘níl sí mór míofar ná beag dóighiúil’
Béarla
as the old folks would say, she’s not ugly, nor is she particularly pretty
Téamaí
Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 17
Buntéacs
féacháil an rachadh agam éadáil a dhíol,
Téacs caighdeánach
féachaint an rachadh agam éadáil a dhíol,
Béarla
to see if I could try to sell some flotsam (salvage from the sea)
Téamaí
Taisteal agus imirce, Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Talmhaíocht, Farraige, Obair agus ceardaíocht, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 18
Buntéacs
Ní fhuil a fhios ag neach ‘á maireann caidé atá fá n-a choinne ag an t-saoghal.
Téacs caighdeánach
Níl a fhios ag neach dá maireann cad é atá fána choinne ag an tsaol.
Béarla
There’s not a living soul who knows what life holds in store for him
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Aimsir agus am, Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 19
Buntéacs
caileantóir
Téacs caighdeánach
caileantóir
Béarla
forecaster of weather
Téamaí
Tréithe daonna, Talmhaíocht, Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Aimsir agus am, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 20
Buntéacs
teacht dheirg a’ dá néall,
Téacs caighdeánach
teacht dheirge an dá néal
Béarla
at dawn
Téamaí
Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 21
Buntéacs
mhairfeadh siad a’ saoghal úr don lánamhain,
Téacs caighdeánach
mhairfeadh siad an saol úr don lánúin
Béarla
they would congratulate the couple on their marriage
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Teaghlach - muintir - pobal, Beannachtaí agus mallachtaí, Reiligiún agus creideamh
Leathanach 23
Buntéacs
aghaidh bhrocach,
Téacs caighdeánach
aghaidh bhrocach
Béarla
spotted, pock-marked face
Téamaí
Tréithe daonna, Baill choirp
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 23
Buntéacs
ceann diasach gruaige
Téacs caighdeánach
ceann diasach gruaige
Béarla
a shaggy head of hair
Téamaí
Tréithe daonna, Baill choirp
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 24
Buntéacs
go gcuiridh an t-Athair Síorruidhe sliocht oraibh,
Téacs caighdeánach
go gcuire an tAthair Síoraí sliocht oraibh
Béarla
may God grant you offspring
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Teach agus baile, Teaghlach - muintir - pobal, Aimsir agus am, Beannachtaí agus mallachtaí, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 24
Buntéacs
agus go sábhla sé ar a’ triuch iad,
Téacs caighdeánach
agus go sábhála sé ar an triuch iad
Béarla
and may he spare them from whooping cough
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Teaghlach - muintir - pobal, Bás - beatha - sláinte, Beannachtaí agus mallachtaí, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 25
Buntéacs
Is fiú do dhuine bheith bocht agus ní fiú do dhuine bheith truaillidhe.
Téacs caighdeánach
Is fiú do dhuine a bheith bocht agus ní fiú do dhuine a bheith truaillí.
Béarla
Poverty is no disgrace but miserliness is.
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 25
Buntéacs
feoil thubaisteach
Téacs caighdeánach
feoil thubaisteach
Béarla
meat of farm animal killed by accident
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Talmhaíocht, Bia agus deoch, Obair agus ceardaíocht
Leathanach 26
Buntéacs
an raibh sí dálta le fear eile?
Téacs caighdeánach
an raibh sí dálta le fear eile?
Béarla
was she engaged to another man?
Téamaí
Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Teaghlach - muintir - pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 26
Buntéacs
‘sí a bhí a bhaighteóracht le Malaidh,
Téacs caighdeánach
Is í a bhí a vaidhtéireacht le Malaidh
Béarla
she was matron of honour for Malaidh
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Teaghlach - muintir - pobal, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 27
Buntéacs
fuair sí a sáith de’n tsaoghal,
Téacs caighdeánach
fuair sí a sáith den tsaol
Béarla
she’s had her fair share of trouble in life
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Bás - beatha - sláinte, Mothúcháin
Leathanach 28
Buntéacs
ní dheárna sí acht acht cómhla an dorais a tharraingt amach i n-a diaidh agus imtheacht léithe i mbéal a cinn
Téacs caighdeánach
ní dhearna sí ach comhla an dorais a tharraingt amach ina diaidh agus imeacht léi i mbéal a cinn
Béarla
she just closed the door behind her and took to the road
Téamaí
Taisteal agus imirce, Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Teach agus baile, Teaghlach - muintir - pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 28
Buntéacs
a’ cealgadh páistí,
Téacs caighdeánach
ag cealgadh páistí
Béarla
lulling a child to sleep
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Teaghlach - muintir - pobal
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 29
Buntéacs
gach díoghrais go deireadh
Téacs caighdeánach
Gach díograis go deireadh
Béarla
Blood is thicker than water
Téamaí
Teaghlach - muintir - pobal, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 29
Buntéacs
mar adeir a’ nathán is cosamhail gur fearr suidhe ar a’ sgáth ‘ná suidhe ar a’ bhlár fholamh.
Téacs caighdeánach
Mar a deir an nathán, is cosúil gur fearr suí ar an scáth ná suí ar an bhlár fholamh
Béarla
half a loaf is better than no bread.
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Bás - beatha - sláinte, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 37
Buntéacs
chuirfeadh siad iad féin i bhfiadhnaise Dé,
Téacs caighdeánach
chuirfeadh siad iad féin i bhfianaise Dé
Béarla
they would present themselves before God
Téamaí
Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 38
Buntéacs
a’ bacadradh anuas a’ mhalaidh
Téacs caighdeánach
ag bacadradh anuas an mhala
Béarla
limping down the slope
Téamaí
Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Baill choirp
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 48
Buntéacs
is iomdha lá ag an uaigh orainn,
Téacs caighdeánach
is iomaí lá ag an uaigh orainn
Béarla
you’re a long time dead
Téamaí
Bás - beatha - sláinte, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 49
Buntéacs
go bhfága ar na maidí é,
Téacs caighdeánach
go bhfágfaí ar na maidí é
Béarla
until he is carried out (at his funeral)
Leathanach 49
Buntéacs
Acht mar adeir fear na h-eagna, is maith a’ sgéalaidhe an aimsir
Téacs caighdeánach
Ach mar a deir fear na heagna, is maith an scéalaí an aimsir
Béarla
But as the wise man says, time will tell
Téamaí
Aimsir agus am, Aois
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 50/1
Buntéacs
Agus a’ súgán bocht gan chasadh, ghéill sé díthe.
Téacs caighdeánach
Agus an súgán bocht gan chasadh, ghéill sé di
Béarla
And that feeble person gave in to her.
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 51
Buntéacs
ní thiocfainn leat ar sin,
Téacs caighdeánach
ní thiocfainn leat air sin
Béarla
I wouldn’t agree with you there
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 51
Buntéacs
“Deir siad” arsa Tuathal, “dá mb’ionann ciall do’n duine, go mb’ionann dath do’n éadach,”
Téacs caighdeánach
“Deir siad” arsa Tuathal, “dá mb’ionann ciall don duine, go mb’ionann dath don éadach,”
Béarla
everyone to his own taste
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 51
Buntéacs
sheacht mh’anam thú!
Téacs caighdeánach
sheacht mh’anam thú!
Béarla
bravo, good for you!
Téamaí
Beannachtaí agus mallachtaí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 51
Buntéacs
an fiúntas agus an fhearamhlacht ionnat ó thaobh na dtaobhann,
Téacs caighdeánach
an fiúntas agus an fhearúlacht ionat ó thaobh na dtaobhanna
Béarla
your worthiness and manliness you inherited from both sides of the family
Téamaí
Tréithe daonna, Teaghlach - muintir - pobal
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 52
Buntéacs
b’fhada go bhfuighthidhe an fhaill,
Téacs caighdeánach
b’fhada go bhfaighfí an fhaill
Béarla
such a bad thing would never happen
Téamaí
Cúinsí sóisialta
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 53
Buntéacs
a’ rud atá sa chnámh is doiligh a bhaint as an fheoil,
Téacs caighdeánach
an rud atá sa chnámh is doiligh a bhaint as an fheoil
Béarla
what is bred in the bone will never be taken out of the flesh
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Teaghlach - muintir - pobal
Leathanach 53
Buntéacs
Nár chóir go raibh sé ion-iarrtha agat féin
Téacs caighdeánach
Nár chóir go raibh sé iniarrtha agat féin
Béarla
you shouldn’t have needed to be told, should have set about doing it yourself
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 56
Buntéacs
ní raibh dul ag an mháthair a cheannsughadh,
Téacs caighdeánach
ní raibh dul ag an mháthair é a cheansú
Béarla
the mother couldn’t pacify him (child)
Téamaí
Tréithe daonna, Teaghlach - muintir - pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 63
Buntéacs
“Is fíor a’ sean-fhocal: ‘bainfidh gach tubaiste deor as mnaoi acht náire mná eile.’
Téacs caighdeánach
“Is fíor an seanfhocal: ‘bainfidh gach tubaiste deoir as bean ach náire mná eile.”
Béarla
a woman is moved by every calamity save the disgrace of another woman
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 68
Buntéacs
castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte
Téacs caighdeánach
castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte
Béarla
it is a small world (if one moves around)
Téamaí
Taisteal agus imirce, Tíreolaíocht - tírdhreach - áit
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 69
Buntéacs
mar adeireadh na sean-daoine chan i bhfad uaithe a mhothuigh sí an urchóid
Téacs caighdeánach
mar a deireadh na seandaoine, chan i bhfad uaithi a mhothaigh sí an urchóid
Béarla
as the old folks say, she had every reason to feel sth sinister
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 71
Buntéacs
ba mheasa léithe é ná an tsúil a bhí i n-a ceann,
Téacs caighdeánach
ba mheasa léi é ná an tsúil a bhí ina ceann
Béarla
he was the apple of her eye
Téamaí
Teaghlach - muintir - pobal, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 80
Buntéacs
tá sé lán tapógaí
Téacs caighdeánach
tá sé lán tapóg
Béarla
he is a bundle of nerves
Téamaí
Tréithe daonna, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 81
Buntéacs
deir siad gurab olc buaidh na bruighne
Téacs caighdeánach
deir siad gurb olc bua na bruíne
Béarla
they say there are no real victors in a fight (but it is better to be victor than vanquished)
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 82
Buntéacs
bhí an dísle caithte!
Téacs caighdeánach
bhí an dísle caite!
Béarla
the die was cast!
Téamaí
Caithimh aimsire - cluichí - spóirt, Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 84
Buntéacs
Tá fir na gcladach tuartha le contabhairt ó thiocfas ann dóbhtha
Téacs caighdeánach
Tá fir na gcladach tuartha le contúirt ó thiocfaidh ann dóibh
Béarla
Shore men are used to danger once they come of age
Téamaí
Taisteal agus imirce, Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Tréithe daonna, Aois, Farraige, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 84
Buntéacs
tá a shliocht ortha,
Téacs caighdeánach
tá a shliocht orthu
Béarla
Unsurprisigly, this is the result
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 84
Buntéacs
meatacháin gan spriolladh
Téacs caighdeánach
meatacháin gan spriolladh
Béarla
weaklings, cowards
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 86
Buntéacs
ribeóg bheag aerach,
Téacs caighdeánach
ribeog bheag aerach
Béarla
a little giddy woman
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 86
Buntéacs
an raibh aon duine maoidhte air...
Téacs caighdeánach
an raibh aon duine maíte air...
Béarla
was there anybody connected to him...
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Teaghlach - muintir - pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 86
Buntéacs
ag éileamh air féin
Téacs caighdeánach
ag éileamh air féin
Béarla
blaming himself
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 88
Buntéacs
breac-shláinte
Téacs caighdeánach
breacshláinte
Béarla
fairly good health
Téamaí
Bás - beatha - sláinte
Leathanach 89
Buntéacs
...nár bheo dó a bheo, ...
Téacs caighdeánach
nár bheo dó a bheo
Béarla
his life wasn’t worth living
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 93
Buntéacs
dá lóntaidhe féin
Téacs caighdeánach
dá leointe féin
Béarla
of their own accord
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 94
Buntéacs
nuair a bhí mé ‘mo bhrian óg,
Téacs caighdeánach
nuair bhí mé i mo bhrín óg
Béarla
when I was a young bachelor
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Tréithe daonna, Aois
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 95
Buntéacs
tá sé amuigh aicí
Téacs caighdeánach
tá sé amuigh aici
Béarla
it’s what she deserves
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Leathanach 95
Buntéacs
a’ speadóg a phós Éamonn Óg
Téacs caighdeánach
an speadóg a phós Éamonn Óg
Béarla
the wispy little woman whom Éamonn Óg married
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Aois
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 95
Buntéacs
slupairt,
Téacs caighdeánach
slupairt
Béarla
splashing, swashing, lapping sound
Téamaí
Farraige
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 98
Buntéacs
cailleach a’ ghiodail!
Téacs caighdeánach
cailleach an ghiodail!
Béarla
that giddy young woman!
Téamaí
Tréithe daonna, Aois, Beannachtaí agus mallachtaí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 99
Buntéacs
ba mhór a’ tógáil ciana díthe sin féin
Téacs caighdeánach
ba mhór an tógáil céin di sin féin
Béarla
that in itself greatly helped to cheer her up
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 100
Buntéacs
a’ chéad duine dá cloinn,
Téacs caighdeánach
an chéad duine dá clann
Béarla
her first born
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Teaghlach - muintir - pobal, Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 101
Buntéacs
Tá tú a gabháil ar bhéalaibh Dé.
Téacs caighdeánach
Tá tú ag gabháil ar bhéala Dé.
Béarla
You are defying God
Leathanach 101
Buntéacs
screadaigh gach éan fá n-a nead,
Téacs caighdeánach
screadann gach éan fána nead,
Béarla
every mother mourns her own
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Teaghlach - muintir - pobal, Bás - beatha - sláinte, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 102
Buntéacs
..féacháil a gcodlóchtha néall
Téacs caighdeánach
féacháint an gcodlófá néal
Béarla
to see if you could get some sleep
Leathanach 104
Buntéacs
ag éalódh aniar leis a’ tsruth líonta,
Téacs caighdeánach
ag éalú aniar leis an tsruth líonta
Béarla
coming in with the tide
Téamaí
Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Farraige, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 105
Buntéacs
beiric ríbhíneach,
Téacs caighdeánach
beairic ribhíneach
Béarla
customs and excise barracks
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Bia agus deoch, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 105
Buntéacs
is goirid bíos sgéal a’ siubhal,
Téacs caighdeánach
is gairid a bhíonn scéal ag siúl,
Béarla
it doesn’t take long for news to go round
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 105
Buntéacs
A’ rud bíos annamh bídh sé iongantach.
Téacs caighdeánach
an rud a bhíonn annamh, bíonn sé iontach
Béarla
what’s seldom is wonderful
Téamaí
Aimsir agus am, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 105
Buntéacs
ní rachaidh aon duine ar do bhéalaibh
Téacs caighdeánach
ní rachaidh aon duine ar do bhéala
Béarla
no one will oppose you
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 106
Buntéacs
ar chómhartha bheag airgid,
Téacs caighdeánach
ar chomhartha bheag airgid
Béarla
for a paltry sum
Téamaí
Airgead - maoin - gnó
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 106
Buntéacs
seilbh dhíleas
Téacs caighdeánach
seilbh dhílis
Béarla
rightful ownership
Téamaí
Airgead - maoin - gnó, Teach agus baile
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 107
Buntéacs
a’ breathnughadh an bháid
Téacs caighdeánach
ag breathnú an bháid
Béarla
looking over, examining, the boat
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 109
Buntéacs
tuigim a cás
Téacs caighdeánach
tuigim a cás
Béarla
I understand her predicament, difficulty
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 109
Buntéacs
ní fhuil léas ag aon duine ar a shaoghal,
Téacs caighdeánach
níl léas ag aon duine ar a shaol,
Béarla
one never knows what the future holds
Téamaí
Aimsir agus am, Bás - beatha - sláinte, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 109
Buntéacs
a’ giolamas leis (an leanbh),
Téacs caighdeánach
ag giolamas leis (an leanbh)
Béarla
(act of) caressing (the child)
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Teaghlach - muintir - pobal
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 111
Buntéacs
an fharraige agus a cuid taodann
Téacs caighdeánach
an fharraige agus a cuid taghdanna
Béarla
the sea and her moods, sudden changes
Leathanach 112
Buntéacs
go bhfuil sracadh ann i mbád
Téacs caighdeánach
go bhfuil sracadh ann i mbád
Béarla
he’s well able to handle a boat
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Farraige, Mothúcháin, Obair agus ceardaíocht, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 116
Buntéacs
sgaoith fhaoileann
Téacs caighdeánach
scaoth faoileán
Béarla
flock of gulls
Téamaí
Ainmhithe agus plandaí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 117