Leathanach 7
Buntéacs
(níl) dlígheadh ar a’ riachtanas
Téacs caighdeánach
(níl) dlí ar an riachtanas
Béarla
necessity knows no law
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Dlí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 8
Buntéacs
teilgthe chun báis
Téacs caighdeánach
teilgthe chun báis
Béarla
condemned to death
Téamaí
Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 8
Buntéacs
gan i ndán dóbhtha acht a’ chroich
Téacs caighdeánach
gan i ndán dóibh ach an chroch
Béarla
destined to hang
Téamaí
Bás - beatha - sláinte, Dlí, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 8
Buntéacs
bhí cuid eile de na príosúnaigh ‘á bhféacháil
Téacs caighdeánach
bhí cuid eile de na príosúnaigh á bhféachaint
Béarla
some of the prisoners were being tried
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Dlí, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 9
Buntéacs
gur le mionnaí bréige a daoradh iad
Téacs caighdeánach
gur le mionnaí bréige a daoradh iad
Béarla
they were condemned on false oaths
Téamaí
Dlí, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 10
Buntéacs
laigse bheag a fháil sa cháin dó
Téacs caighdeánach
laigse bheag a fháil sa cháin dó
Béarla
get him a reduction in the fine
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Dlí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 10
Buntéacs
a’ tabhairt dubhshlán breithimh agus goiste agus mionnaí bréige
Téacs caighdeánach
ag tabhairt dúshlán breithimh agus coiste agus mionnaí bréige
Béarla
challenging judge, jury and false oaths
Téamaí
Dlí, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 16
Buntéacs
reacht na Bainríoghna a chur i ngníomh
Téacs caighdeánach
reacht na Banríona a chur i ngníomh
Béarla
to enforce the queen’s rule
Téamaí
Dlí, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 17
Buntéacs
teilgthe ‘un báis
Téacs caighdeánach
teilgthe chun báis
Béarla
condemned to death
Téamaí
Bás - beatha - sláinte, Dlí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 26
Buntéacs
dá gcrostaidhe rud air
Téacs caighdeánach
dá gcrosfaí rud air
Béarla
if he’s forbidden to do s.th
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Dlí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 29
Buntéacs
Is óg sa t-saoghal a fuair Sasain amach go dtiocfadh léithe ár mbuaidh a fhágháil le béal bán nuair a sháireochadh sé uirthí ár gcur faoi shlait le láimh láidir.
Téacs caighdeánach
Is óg sa tsaol a fuair Sasana amach go dtiocfadh léi ár mbua a fháil le béal bán nuair a sháródh sé uirthi dár gcur faoi shlat le lámh láidir.
Béarla
Long ago, England discovered she could conquer us with flattery when she failed to conquer us with force.
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Dlí, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 35
Buntéacs
a chur faoi shlait
Téacs caighdeánach
a chur faoi shlat
Béarla
to rule over, to bring under control
Téamaí
Dlí, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 37
Buntéacs
fuaigheadh do’n ádhmad le spící iarainn é
Téacs caighdeánach
fuadh den adhmad le spící iarainn é
Béarla
he was be nailed to the cross with spikes
Téamaí
Dlí, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 39
Buntéacs
ins an am sin bhí reacht i bhféidhm ag Sasain a dtugann siad Reacht Chill Choinnigh air
Téacs caighdeánach
san am sin bhí reacht i bhfeidhm ag Sasana a dtugann siad Reacht Chill Chainnigh air
Béarla
at that time England had a law called The Statutes Of Kilkenny
Téamaí
Aimsir agus am, Dlí, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 41
Buntéacs
ghoidfeadh siad a’ chros ó’n asail
Téacs caighdeánach
ghoidfeadh siad an chros ón asal
Béarla
they would steal the cross of an ass’s back, the eye out of your head
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Tréithe daonna, Dlí
Leathanach 42
Buntéacs
lucht ionaid na Sasana
Téacs caighdeánach
lucht ionaid Shasana
Béarla
English agents, representatives
Téamaí
Dlí, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 44
Buntéacs
ar cáirde
Téacs caighdeánach
ar cairde
Béarla
on credit
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Dlí, Obair agus ceardaíocht, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 50
Buntéacs
rinneadh sgéala le Sasain air
Téacs caighdeánach
rinneadh scéala le Sasana air
Béarla
he was informed upon to England
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Dlí, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 50
Buntéacs
lorg a choise a fhágáil sa tír seo
Téacs caighdeánach
lorg a choise a fhágáil sa tír seo
Béarla
to leave his mark on this country
Téamaí
Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Dlí, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Leathanach 54
Buntéacs
bhí siad aici mar ghealltaí
Téacs caighdeánach
bhí siad aici mar gheallta
Béarla
(England ) held them as security (in captivity)
Téamaí
Dlí, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 56
Buntéacs
tú féin a theilg thú féin chun báis
Téacs caighdeánach
tú féin a theilg thú féin chun báis
Béarla
you have condemned yourself to death
Téamaí
Bás - beatha - sláinte, Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 56
Buntéacs
Tháinig an coiste amach agus d’fhógair siad a mbreith
Téacs caighdeánach
Tháinig an coiste amach agus d’fhógair siad a mbreith
Béarla
The jury came out and announced its verdict
Téamaí
Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 57
Buntéacs
chuaidh na bliadhanta a chaith sé sa phríosún ar sochar dó ar dhóigh
Téacs caighdeánach
chuaigh na blianta a chaith sé sa phríosún ar sochar dó ar dhóigh
Béarla
the years he spent in prison were to his benefit in a way
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Aimsir agus am, Dlí, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 57
Buntéacs
chuaidh aige imtheacht ortha sa deireadh
Téacs caighdeánach
chuaigh aige imeacht orthu sa deireadh
Béarla
he finally managed to escape from them
Téamaí
Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 57
Buntéacs
teach aitheantais
Téacs caighdeánach
teach aitheantais
Béarla
a safe house (to avoid capture)
Téamaí
Teach agus baile, Dlí, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Leathanach 58
Buntéacs
go dtáinig tú slán as a gcrúba
Téacs caighdeánach
go dtáinig tú slán as a gcrúba
Béarla
that you escaped their clutches
Téamaí
Dlí
Leathanach 66
Buntéacs
airgead na ngeárrthach
Téacs caighdeánach
airgead na ngearrthacha
Béarla
rates money
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Teach agus baile, Dlí, Obair agus ceardaíocht, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 70
Buntéacs
bhí díbirce ar na saighdiúirí ag tiomsú agus ag cuartú
Téacs caighdeánach
bhí díbhirce ar na saighdiúirí ag tiomsú agus ag cuardach
Béarla
the soldiers were feverishly ransacking and searching
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Dlí, Míleata, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 73
Buntéacs
cuil crochadóra
Téacs caighdeánach
cuil chrochadóra
Béarla
fierce, hostile appearance
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Baill choirp, Dlí, Míleata, Mothúcháin, Obair agus ceardaíocht, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Leathanach 75
Buntéacs
Ar a seachnú
Téacs caighdeánach
Ar a seachaint
Béarla
On the run
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Dlí, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 82
Buntéacs
go ndóighfear beo beathaidheach é
Téacs caighdeánach
go ndófar beo beathach é
Béarla
he will be burnt alive
Téamaí
Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 92
Buntéacs
shaoileamar nach mbeadh cáipís ar bith ar fhear as braon beag a dhéanamh
Téacs caighdeánach
shíl muid nach mbeadh cáipéis ar bith ar fhear as braon beag a dhéanamh
Béarla
we thought that no one would be penalised for making poteen
Téamaí
Talmhaíocht, Bia agus deoch, Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 92
Buntéacs
d’fhéadfaidhe dalla mullóg a chur ar na fir dhubha
Téacs caighdeánach
d’fhéadfaí dallamullóg a chur ar na fir dhubha
Béarla
the Police could be hoodwinked
Téamaí
Tréithe daonna, Dlí, Míleata
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 95
Buntéacs
ceathramha anama a iarraidh
Téacs caighdeánach
ceathrú anama a iarraidh
Béarla
to ask for quarter, exemption from death
Téamaí
Bás - beatha - sláinte, Dlí, Míleata, Reiligiún agus creideamh, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 96
Buntéacs
a gcuid talaimh is dlighidh is ranntálacha féin aca
Téacs caighdeánach
a gcuid talaimh is dlí is ranna féin acu
Béarla
they had their own land, law and method of apportionment
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Talmhaíocht, Teaghlach - muintir - pobal, Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Dlí, Obair agus ceardaíocht, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 111
Buntéacs
... a rinne sgéala air
Téacs caighdeánach
... a rinne scéala air
Béarla
... who informed on him
Téamaí
Dlí, Iompar agus caidrimh, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Leathanach 111
Buntéacs
aithiomrádh
Téacs caighdeánach
athiomrá
Béarla
slander
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Dlí
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 113
Buntéacs
bhí croich i n-áirde agus sealán crochta aistí
Téacs caighdeánach
bhí croch in airde agus sealán crochta aisti
Béarla
a gallows was in place and a hangman’s noose hanging from it
Téamaí
Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 115
Buntéacs
ar a sheachnadh
Téacs caighdeánach
ar a sheachaint
Béarla
on the run
Leathanach 115
Buntéacs
cuireadh gléas teithte air
Téacs caighdeánach
cuireadh gléas teite air
Béarla
the opportunity to flee was provided
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 116
Buntéacs
gur chuir mé mo shaoghal i ngeall ar a’ chluiche a bhí mé ‘ brath ‘ imirt
Téacs caighdeánach
gur chuir mé mo shaol i ngeall ar an chluiche a bhí mé ag brath a imirt
Béarla
I dedicated my life to what I intended to do
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Bás - beatha - sláinte, Dlí, Míleata, Mothúcháin, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 117
Buntéacs
an chuing a bhí eadar Éirinn agus Sasain a bhriseadh
Téacs caighdeánach
an chuing a bhí idir Éirinn agus Sasana a bhriseadh
Béarla
to break the bond between Ireland and England
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Dlí, Míleata, Mothúcháin, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 118
Buntéacs
thuig siad go maith gurbh’ é Sasain a ba bhun is lorg de iomlán a gcuid anáis
Téacs caighdeánach
thuig siad go maith gurbh é Sasana ba bhun is lorg d’iomlán a gcuid anáis
Béarla
they fully understood that England was the entire cause of their hardship
Téamaí
Dlí, Míleata, Mothúcháin, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Leathanach 120
Buntéacs
chuir sí reacht i bhféidhm
Téacs caighdeánach
chuir sí reacht i bhfeidhm
Béarla
she (England) enacted a law
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Dlí, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 122/3
Buntéacs
bhí siad tuartha le callán amaideach fá Home Rule
Téacs caighdeánach
bhí siad tuartha le callán amaideach fá Home Rule
Béarla
they’d had their fill of Home Rule nonsense
Téamaí
Dlí, Mothúcháin, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 122
Buntéacs
ní bhíonn dlígheadh ar a’ riachtanas
Téacs caighdeánach
ní bhíonn dlí ar an riachtanas
Béarla
necessity knows no law; there was no alternative
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Dlí
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 123
Buntéacs
níl ach rud amháin ar ceart saoirse a ghoirstin dó
Téacs caighdeánach
níl ach rud amháin ar ceart saoirse a ghairm de
Béarla
there is only one thing that can rightly be called freedom
Téamaí
Dlí, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 127
Buntéacs
bhainfidhe éiric as fada goirid an lá ...
Téacs caighdeánach
bhainfí éiric as fada gairid an lá ...
Béarla
He would pay for it, sooner or later
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Dlí, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 129
Buntéacs
ag déanamh sgéala ar do chómharsa bhéal dorais
Téacs caighdeánach
ag déanamh scéala ar do chomharsa bhéal dorais
Béarla
informing on your neighbours
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Teaghlach - muintir - pobal, Dlí, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 133
Buntéacs
claon-bhreith
Téacs caighdeánach
claonbhreith
Béarla
a perverse judgement
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Dlí, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 137
Buntéacs
dlaoidheóg pheáipear
Téacs caighdeánach
dlaíóg pháipéir
Béarla
sheet of paper
Téamaí
Dlí, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 162
Buntéacs
sealán na croiche
Téacs caighdeánach
sealán na croiche
Béarla
hangman’s noose
Téamaí
Bás - beatha - sláinte, Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 172
Buntéacs
seirbhísigh na daoirse
Téacs caighdeánach
seirbhísigh na daoirse
Béarla
the servants of slavery, oppression
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Dlí, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 214
Buntéacs
bhí siad i n-a mbráighe mur’ beith thú
Téacs caighdeánach
bhí siad ina mbránna murab é thú
Béarla
they were prisoners but for you
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 255
Buntéacs
ní le duine féin a ghníthear aithiomradh
Téacs caighdeánach
ní le duine féin a ghnítear athiomrá
Béarla
you don’t slander s.o. to his face
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Dlí, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 267
Buntéacs
go dteilgfear chun báis é
Téacs caighdeánach
go dteilgfear chun báis é
Béarla
that he will be condemned to death
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 311
Buntéacs
teilgeadh chun bais mé
Téacs caighdeánach
teilgeadh chun bais mé
Béarla
I was condemned to death
Téamaí
Bás - beatha - sláinte, Dlí
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 322
Buntéacs
bhí an breitheamh ag gearradh romham gach aon bhomaite
Téacs caighdeánach
bhí an breitheamh ag gearradh romham gach aon bhomaite
Béarla
the judge constantly interrupted me
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Dlí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 326
Buntéacs
fear gearrthach
Téacs caighdeánach
fear gearrthacha
Béarla
rates collector
Téamaí
Airgead - maoin - gnó, Cúinsí sóisialta, Dlí, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Focal aonair