Leathanach 6
Buntéacs
bhí siad críonna gan a bheith ceatharra
Téacs caighdeánach
bhí siad críonna gan a bheith ceachartha
Béarla
they were thrifty but not niggardly
Leathanach 6
Buntéacs
agus fiúntach gan a bheith sgabthach
Téacs caighdeánach
agus fiúntach gan a bheith scaipeach
Béarla
and generous but not prodigal
Leathanach 6
Buntéacs
a mhilleadh sin
Téacs caighdeánach
a mhilleadh sin
Béarla
quite the opposite
Leathanach 6
Buntéacs
ag cur seanchais
Téacs caighdeánach
ag cur seanchais
Béarla
making inquiries
Leathanach 8
Buntéacs
go ndíolfaidh sé i saor-chonnradh í
Téacs caighdeánach
go ndíolfaidh sé i saorchonradh í
Béarla
he would sell it for a bargain
Leathanach 8
Buntéacs
ba mheasa léithe é ná an t-iomlán eile i gcuideachta a cheile
Téacs caighdeánach
ba mheasa léi é ná an t-iomlán eile i gcuideachta a chéile
Béarla
she had the most affection for him above all the others put together
Leathanach 9
Buntéacs
ní thabharfadh sí súil ghruamdha air...
Téacs caighdeánach
ní thabharfadh sí súil ghruama air
Béarla
she would not scold him with a look
Leathanach 9
Buntéacs
gur cheart a’ lá maith a fhreastal nuair a bhí sé aca
Téacs caighdeánach
gur cheart an lá maith a fhreastal nuair a bhí sé acu
Béarla
that they should take advantage of the good weather
Leathanach 9
Buntéacs
níl mé folamh
Téacs caighdeánach
níl mé folamh
Béarla
I’m not without money
Leathanach 11
Buntéacs
ruagaire reatha
Téacs caighdeánach
ruagaire reatha
Béarla
a vagabond, raker
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Tréithe daonna, Bia agus deoch
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 12
Buntéacs
breacuighthe le hoileáin
Téacs caighdeánach
breactha le hoileáin
Béarla
speckled with islands
Téamaí
Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Farraige
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 13
Buntéacs
nuair a bhéas bun ar an aimsir
Téacs caighdeánach
nuair a bheas bun ar an aimsir
Béarla
when the weather is settled
Téamaí
Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 13
Buntéacs
ná cuir saothar a’ tsiubhail ort féin
Téacs caighdeánach
ná cuir saothar an tsiúil ort féin
Béarla
save yourself the journey
Leathanach 14
Buntéacs
liaspáin a tháinig ar a shúile
Téacs caighdeánach
liaspáin a tháinig ar a shúile
Béarla
(struck by) an optical illusion, a mirage
Téamaí
Baill choirp, Bás - beatha - sláinte, Béaloideas agus seanchas
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 14
Buntéacs
cá bhfuil a’ té bhéadh ’na dhiaidh air
Téacs caighdeánach
cá bhfuil an té a bheadh ina dhiaidh air
Béarla
who would blame him
Téamaí
Mothúcháin
Leathanach 15
Buntéacs
ciumhas throm de néall dhorcha
Téacs caighdeánach
ciumhais throm de néal dhorcha
Béarla
a heavy line of dark cloud
Téamaí
Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 15
Buntéacs
fear a bhéadh ‘na shuidhe go te
Téacs caighdeánach
fear a bheadh ina shuí go te
Béarla
a man who would be comfortably off
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Obair agus ceardaíocht
Leathanach 16
Buntéacs
domasach dhubh
Téacs caighdeánach
domasach dhubh
Béarla
black peaty soil
Téamaí
Talmhaíocht, Tíreolaíocht - tírdhreach - áit
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 17
Buntéacs
fágálach
Téacs caighdeánach
fágálach
Béarla
weakling, laggard, a backward, unprogressive person
Téamaí
Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 19
Buntéacs
sé sin mur bhfuil cinneamhaint ann a chumas ár gcuid críoch
Téacs caighdeánach
is é sin mura bhfuil cinniúint ann a chumas ár gcuid críoch
Béarla
that is, unless fate had destined us to be neighbours
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Teach agus baile, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 20
Buntéacs
fear...nach rabh aon sracadh mór ar dhóigh ar bith ann
Téacs caighdeánach
fear...nach rabh aon sracadh mór ar dhóigh ar bith ann
Béarla
a man who possessed no real strength
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 21
Buntéacs
leig sé riamh a mhaidí le sruth
Téacs caighdeánach
lig sé riamh a mhaidí le sruth
Béarla
he always neglected his responsibilities
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Leathanach 23
Buntéacs
ceol cánta a dhéanamh do Shéamus Mhór
Téacs caighdeánach
ceol cáinte a dhéanamh do Shéamus Mhór
Béarla
song rejoicing in Séamus Mór’s loss
Téamaí
Ceol agus filíocht, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 23
Buntéacs
ar a neamhacra
Téacs caighdeánach
ar a neamhacra
Béarla
of independent means
Leathanach 23
Buntéacs
alpán suarach
Téacs caighdeánach
alpán suarach
Béarla
ill-gotten gain
Leathanach 24
Buntéacs
uaill gan éadáil
Téacs caighdeánach
uaill gan éadáil
Béarla
reflective glory
Leathanach 24
Buntéacs
Ní choinnítear cuimhne ar an arán a h-itheadh
Téacs caighdeánach
Ní choinnítear cuimhne ar an arán a itheadh
Béarla
past favours are soon forgotten)
Leathanach 25
Buntéacs
i n-aice na gríosadh
Téacs caighdeánach
i n-aice na gríosaí
Béarla
beside the fire
Leathanach 25
Buntéacs
tús dúbála
Téacs caighdeánach
tús dúblála
Béarla
start of poteen distillation run
Leathanach 26
Buntéacs
...ar a’ chinneamhaint nár leig ariamh dó a theacht i n-éifeacht
Téacs caighdeánach
ar an chinniúint nár lig riamh dó teacht in éifeacht
Béarla
he was destined never to amount to much
Leathanach 27
Buntéacs
féach péire aca sin ort
Téacs caighdeánach
féach péire acu sin ort
Béarla
try a pair of them on you
Leathanach 31
Buntéacs
ní heagal domh iad
Téacs caighdeánach
ní heagal dom iad
Béarla
I have no reason to be afraid of them
Leathanach 32
Buntéacs
marc-shluagh
Téacs caighdeánach
marcshlua
Béarla
cavalry
Leathanach 32
Buntéacs
mheilfeadh sé an tuigh le ceol
Téacs caighdeánach
mheilfeadh sé an tuí le ceol
Béarla
(would lift the roof with) the thatch would burn with music
Leathanach 34
Buntéacs
mar bhéadh an chaoir theineadh ann
Téacs caighdeánach
mar a bheadh an chaor thine ann
Béarla
like a thunder-bolt, meteor
Leathanach 34
Buntéacs
a’ gabháil i dtréis ar an Athair Shíorruidhe
Téacs caighdeánach
ag dul i dtreis ar an Athair Shíoraí
Béarla
going into conflict with the Almighty
Leathanach 34/5
Buntéacs
is fiú do dhuine bheith bocht ach ní fiú do dhuine bheith truaillidhe
Téacs caighdeánach
is fiú do dhuine a bheith bocht ach ní fiú do dhuine a bheith truaillí
Béarla
poverty is no disgrace but miserliness is
Leathanach 35
Buntéacs
ní rachaidh fial go hIfreann
Téacs caighdeánach
ní rachaidh fial go hIfreann
Béarla
generosity is a saving virtue
Leathanach 35
Buntéacs
lig le do ghrásta é
Téacs caighdeánach
lig le do ghrásta é
Béarla
(of beverage) drink it up
Leathanach 35
Buntéacs
tá luaigheacht i gcomhnuidhe daithte don fhéile
Téacs caighdeánach
tá luaíocht i gcónaí daite don fhéile
Béarla
reward always awaits generosity
Leathanach 35
Buntéacs
eadar shúgradh is dáríribh
Téacs caighdeánach
idir shúgradh is dáiríre
Béarla
half joking, half in earnest
Leathanach 35
Buntéacs
binid a chur in airgead
Téacs caighdeánach
binid a chur in airgead
Béarla
to have a craving for money
Leathanach 35
Buntéacs
ní dheárn fear ar bith craos
Téacs caighdeánach
ní dhearna fear ar bith craos
Béarla
no man gorged himself (in drink)
Leathanach 36
Buntéacs
nuair a leig siad le n-a ngrásta an braon
Téacs caighdeánach
nuair a lig siad lena ngrásta an braon
Béarla
...when they didn’t spare the drop
Leathanach 36
Buntéacs
nach rabh tabhuighthe agat
Téacs caighdeánach
nach raibh tabhaithe agat
Béarla
that you didn’t deserve
Leathanach 36
Buntéacs
go mbainfeadh sé a’ mí apaidh as Séamus
Téacs caighdeánach
go mbainfeadh sé an míthapa as Séamus
Béarla
would make S. lose his temper
Leathanach 37
Buntéacs
duine a chur as a ainm
Téacs caighdeánach
duine a chur as a ainm
Béarla
to call sb. by ill-names, revile sb...
Leathanach 37
Buntéacs
an gus a bhaint as duine
Téacs caighdeánach
an gus a bhaint as duine
Béarla
to humble s.o.’s pride
Leathanach 37
Buntéacs
chuir sé ‘un tosaigh ar Shéamus é
Téacs caighdeánach
chuir sé chun tosaigh ar Shéamus é
Béarla
he confronted Seamus with it
Leathanach 37
Buntéacs
d’imigh sé a chleiteacha síos leis
Téacs caighdeánach
d’imigh sé agus a chleití síos leis
Béarla
he left defeated, dejected
Leathanach 38
Buntéacs
go rabh sé ion-rámha le Húdaí Mór agus ion-chorráin le Muiris Pheadair
Téacs caighdeánach
go rabh sé inrámha le Húdaí Mór agus inchorráin le Muiris Pheadair
Béarla
that he was equal in rowing to Húdaí Mór and Muiris Pheadair’s equal in harvesting
Leathanach 39
Buntéacs
tonn-thaosgach
Téacs caighdeánach
tonntaosgadh
Béarla
sudden fit of vomiting
Leathanach 39
Buntéacs
a chuirfeas ó cheap is ó choisidheacht é
Téacs caighdeánach
a chuirfidh ó cheap is ó choisíocht é
Béarla
that will knock him unconscious
Leathanach 41
Buntéacs
gliogar gáibhtheach
Téacs caighdeánach
gliogar gáifeach
Béarla
exaggerated waffle
Leathanach 41
Buntéacs
tá an locadh ort
Téacs caighdeánach
tá an locadh ort
Béarla
the pressure is on you
Leathanach 45
Buntéacs
ag criongán agus ag gliúrascnaigh
Téacs caighdeánach
ag criongán agus ag gliúrascnaigh
Béarla
creaking and groaning
Leathanach 45
Buntéacs
snag
Téacs caighdeánach
snag (i stoirm)
Béarla
lull (in a storm)
Leathanach 45
Buntéacs
le tuilleadh urraidh a chruinniughadh
Téacs caighdeánach
le tuilleadh urra a chruinniú
Béarla
to gather more strength
Leathanach 46
Buntéacs
ag umhlughadh agus ag cneadaigh
Téacs caighdeánach
ag umhlú agus ag cneadach
Béarla
bending and groaning
Leathanach 46
Buntéacs
fuacht faobhrach
Téacs caighdeánach
fuacht faobhrach
Béarla
biting cold
Leathanach 47
Buntéacs
saoghal beag leath-chnapánach
Téacs caighdeánach
saol beag leathchnapánach
Béarla
a rough enough time
Leathanach 47
Buntéacs
níor chuir ceachtar aca an duine eile as a ainm
Téacs caighdeánach
níor chuir ceachtar acu an duine eile as a ainm
Béarla
neither of them called each other names
Leathanach 47
Buntéacs
a’ goineogacht chuig n-a chéile
Téacs caighdeánach
ag goineogacht chuig a chéile
Béarla
making stinging remarks to one and other
Leathanach 48
Buntéacs
i riocht a chéile a stróiceadh
Téacs caighdeánach
i riocht a chéile a strócadh
Béarla
fit to tear each other apart
Leathanach 48
Buntéacs
gabháil i leith
Téacs caighdeánach
dul i leith
Béarla
to favour, tend towards, side with
Leathanach 48
Buntéacs
sreamaide
Téacs caighdeánach
sreamaide
Béarla
slimy creature, slinking, sneaking,
Leathanach 52
Buntéacs
ag cur faisnéis a’ churaigh
Téacs caighdeánach
ag cur faisnéis a’ churaigh
Béarla
inquiring about the currach
Leathanach 52
Buntéacs
miollda maide
Téacs caighdeánach
mille maide
Béarla
an unimaginative person in storytelling
Leathanach 54
Buntéacs
béidh mé ina bhun a choíche duit
Téacs caighdeánach
beidh mé ina bhun choíche duit
Béarla
I shall be eternally grateful to you
Leathanach 54
Buntéacs
bhain an cheathramhadh an ghomh as
Téacs caighdeánach
bhain an cheathrú an ghoimh as
Béarla
the verse took the sting out of...
Leathanach 57
Buntéacs
tá corr lúb ar lár san amhrán seo thall is a bhfos
Téacs caighdeánach
tá corrlúb ar lár san amhrán seo thall is abhus
Béarla
there is the odd flaw here and there in the song
Leathanach 59
Buntéacs
imtheacht i mbéal a gcinn
Téacs caighdeánach
imeacht i mbéal a gcinn
Béarla
to take to the road without knowing where one is going or might end up
Leathanach 60
Buntéacs
chá dtugaim nó a shaothar orm!
Téacs caighdeánach
cha dtugaim nó a shaothar orm!
Béarla
I have no intentions of giving it
Leathanach 63
Buntéacs
bhí cúirt na heigse i ndáilchomhairle
Téacs caighdeánach
bhí cúirt na héigse i ndáilchomhairle
Béarla
the bardic court was gathered in consultation
Leathanach 65
Buntéacs
tá ionracas ós cionn margaidh
Téacs caighdeánach
tá ionracas os cionn margaidh
Béarla
honesty is above deal making
Leathanach 66
Buntéacs
ceamach bheag anásta
Téacs caighdeánach
ceamach bheag anásta
Béarla
a little ragged needy person
Leathanach 66
Buntéacs
gan chuma gan déanamh
Téacs caighdeánach
gan chuma gan déanamh
Béarla
without shape or form
Leathanach 66
Buntéacs
seachrán beag a tháinig air
Téacs caighdeánach
seachrán beag a tháinig air
Béarla
he is a little bit confused
Leathanach 67
Buntéacs
lúircíneach anásta
Téacs caighdeánach
cláiríneach anásta
Béarla
a weak stunted needy person
Leathanach 67
Buntéacs
go bhfuair sé uchtach ceileabhar pósta a chur uirthí
Téacs caighdeánach
go bhfuair sé uchtach ceiliúr pósta a chur uirthi
Béarla
he summoned up the courage to ask her to marry him
Leathanach 67
Buntéacs
béal-bán
Téacs caighdeánach
béal bán
Béarla
flattery,
Leathanach 67
Buntéacs
tá annlann do chodach leat-sa
Téacs caighdeánach
tá annlann do choda leatsa
Béarla
you have food such as fish or meat to add to the basic diet of bread or potatoes
Leathanach 69
Buntéacs
caitheamh an dáil
Téacs caighdeánach
caitheadh an dáil
Béarla
the matchmaking ensued
Leathanach 69
Buntéacs
léigheas na póite
Téacs caighdeánach
leigheas na póite
Béarla
cure for a hangover (hair of the dog)
Leathanach 71
Buntéacs
nuair a tháinig sé cruaidh air
Téacs caighdeánach
nuair a tháinig sé crua air
Béarla
when he was hard pressed
Leathanach 71
Buntéacs
ní rabh a shaoghal ion-mhaoidhte air
Téacs caighdeánach
ní rabh a shaol inmhaíte air
Béarla
his current situation was not enviable
Leathanach 72
Buntéacs
eadar é is léas
Téacs caighdeánach
idir é agus léas
Béarla
silhoutted against the light
Leathanach 72
Buntéacs
gan oiread is bruideadh a fhagháil
Téacs caighdeánach
Gan oiread is broideadh a fháil
Béarla
without as much as a bite
Leathanach 72
Buntéacs
gan de abhras leis acht ...
Téacs caighdeánach
Gan d’abhras leis ach …
Béarla
with nothing more to show than....
Leathanach 73
Buntéacs
éagcaoin dílleachta nó osna baintreabhaighe
Téacs caighdeánach
éagaoin dílleachta nó osna bhaintrí
Béarla
an orphan’s moan or a widow’s sigh
Leathanach 75
Buntéacs
eadar speal is corrán
Téacs caighdeánach
idir speal agus corrán
Béarla
between the haymaking and the harvesting
Leathanach 75
Buntéacs
tháinig a’ tuar fá’n tarngaireacht
Téacs caighdeánach
tháinig an tuar fán tairngreacht
Béarla
the prophecy was fulfilled
Leathanach 79
Buntéacs
ba mheasa leis é
Téacs caighdeánach
ba mheasa leis é
Béarla
the which he thinks the most of
Leathanach 79
Buntéacs
thoisigh duibheagán a chruinniughadh thiar ag bun na spéire
Téacs caighdeánach
thosaigh duibheagán a chruinniú thiar ag bun na spéire
Béarla
dark clouds began to gather on the horizon
Leathanach 80
Buntéacs
má ba taise leis an mhac
Téacs caighdeánach
má ba thaise leis an mhac
Béarla
as was the case with the son
Leathanach 83
Buntéacs
ag colbha na leabtha
Téacs caighdeánach
ag colbha na leapa
Béarla
at the bedside
Leathanach 83
Buntéacs
eadar sin is tráthas
Téacs caighdeánach
idir sin is tráthas
Béarla
in the meantime
Leathanach 83
Buntéacs
cuma...anróidhteach
Téacs caighdeánach
cuma...anróiteach
Béarla
looking the worse for wear
Leathanach 84
Buntéacs
a craobh-fholt cuachach camarsach
Téacs caighdeánach
a craobhfholt cuachach camarsach
Béarla
her flowing wavy curly hair
Leathanach 84
Buntéacs
seádaidhe de mhnaoi
Téacs caighdeánach
seádaí de bhean
Béarla
a heroine, legend (Máire Chonnachta)
Leathanach 85
Buntéacs
na mairbh a chaoi agus a chuimniughadh
Téacs caighdeánach
na mairbh a chaí agus a chuimhneamh
Béarla
to lament and remember the dead
Leathanach 86
Buntéacs
clocha buadhacha agus criostal
Téacs caighdeánach
buachlocha agus criostal
Béarla
precious stones and crystals
Leathanach 88
Buntéacs
nuair nach mbéadh breith ar d’aithreachas agat
Téacs caighdeánach
nuair nach mbeadh breith ar d’aithreachas agat
Béarla
when it would be too late to repent
Leathanach 88
Buntéacs
go rannfadh sé a chnámha ar a chéile
Téacs caighdeánach
go roinnfeadh sé a chnámha ar a chéile
Béarla
he would break every bone in his body
Leathanach 88
Buntéacs
mur’ nglacfaidh tú comhairle glacfaidh tú comhrach
Téacs caighdeánach
mura nglacfaidh tú comhairle, glacfaidh tú comhrac
Béarla
if reason fails, force will prevail
Leathanach 90
Buntéacs
bog-mharbhadh a thabhairt do dhuine
Téacs caighdeánach
bogmharbh a thabhairt do dhuine
Béarla
to beat s.o. into a helpless condition
Leathanach 90
Buntéacs
ní bhéidh tnúth fir le chéile ann
Téacs caighdeánach
ní bheidh tnúth fir le chéile ann
Béarla
it won’t be a fair fight, man to man
Leathanach 90
Buntéacs
níor cailleadh leath a dteachaidh i gcontabhairt
Téacs caighdeánach
níor cailleadh leath dá ndeachaigh i gcontúirt
Béarla
fortune favours the brave
Leathanach 90/1
Buntéacs
nuair a thóg sé an mhalaidh
Téacs caighdeánach
nuair a thóg sé an mhala
Béarla
when he went up the slope
Leathanach 94
Buntéacs
ar fhad bhun na cluaise
Téacs caighdeánach
ar fhad bhun na cluaise
Béarla
across the jaw
Leathanach 94
Buntéacs
shéid a’ teangmháil
Téacs caighdeánach
shéid an teagmháil
Béarla
the battle began
Leathanach 94
Buntéacs
gan deargadh an chreabhair
Téacs caighdeánach
gan deargadh an chreabhair
Béarla
completely unscathed
Leathanach 94
Buntéacs
cusach a dhéanamh de rud
Téacs caighdeánach
cusach a dhéanamh de rud
Béarla
to mutilate, make a hash of sth.
Leathanach 95
Buntéacs
dhiúl sibh an chíoch lochtach
Téacs caighdeánach
dhiúl sibh an chíoch lochtach
Béarla
you inherited your mother’s bad qualities
Leathanach 95
Buntéacs
dáimh a imirt le duine
Téacs caighdeánach
dáimh a imirt le duine
Béarla
to show kindred feeling towards s.o
Leathanach 96
Buntéacs
amhlóirí ainbhfiosacha
Téacs caighdeánach
amhlóirí ainbhiosacha
Béarla
ignorant buffoons, fools
Leathanach 96
Buntéacs
a tháinig i dtír ar a’ mharbh
Téacs caighdeánach
a tháinig i dtír ar an mharbh
Béarla
who prospered at the expense of the dead
Leathanach 96
Buntéacs
léigheasraidhe
Téacs caighdeánach
léigheasra
Béarla
cures
Leathanach 96
Buntéacs
ceirín biolair
Téacs caighdeánach
ceirín biolair
Béarla
a poultice of watercress
Leathanach 96
Buntéacs
sugh fathannáin
Téacs caighdeánach
sú feochadáin
Béarla
thistle juice
Leathanach 96
Buntéacs
báchrán Márta
Téacs caighdeánach
báchrán Mhárta
Béarla
March-trefoil, a bog-bean extract with medicinal properties
Leathanach 96
Buntéacs
luibh na gaoithe
Téacs caighdeánach
luibh na gaoithe
Béarla
wood anemone
Leathanach 96
Buntéacs
cartlann
Téacs caighdeánach
cartlainn
Béarla
mint
Leathanach 96
Buntéacs
sugh cúl-fathaigh
Téacs caighdeánach
sú cál faiche
Béarla
nettle soup
Leathanach 97
Buntéacs
meádhchon na toirte céadna de uisge
Téacs caighdeánach
meáchan na toirte céanna d’uisce
Béarla
the same weight of water as the bulk
Leathanach 97
Buntéacs
ó choirneál go coirneál ar fiar
Téacs caighdeánach
ó choirneál go coirneál ar fiar
Béarla
from corner to corner diagonallly
Leathanach 101
Buntéacs
suidhfidh an dabhach ort
Téacs caighdeánach
suífidh an dabhach ort
Béarla
your mixture will fail to ferment
Téamaí
Bia agus deoch, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 101
Buntéacs
sgallfaidh tú an bhraith
Téacs caighdeánach
scallfaidh tú an bhraith
Béarla
you will scald the malt
Téamaí
Bia agus deoch
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 101
Buntéacs
corp úmhal
Téacs caighdeánach
corp umhal
Béarla
a lithe, supple, active, body
Leathanach 101/2
Buntéacs
i n-aithghiorracht
Téacs caighdeánach
in aicearracht
Béarla
soon, in a short time
Téamaí
Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 102
Buntéacs
bíonn cead iomartais ar dhuine, eadar dáil is pósadh
Téacs caighdeánach
bíonn cead iomartais ar dhuine, idir dáil is pósadh
Béarla
between engagement and marriage one is open to supernatural interference
Téamaí
Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Béaloideas agus seanchas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 102
Buntéacs
lucht na bheistí bán
Téacs caighdeánach
lucht na veistí bána
Béarla
civil servants, saviours of the Irish language, et al
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 102
Buntéacs
rae
Téacs caighdeánach
ré
Béarla
span of moon (month)
Téamaí
Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Aimsir agus am
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 102
Buntéacs
rabhartha d’aimhleas a bheith fút
Téacs caighdeánach
rabharta d’aimhleasa a bheith fút
Béarla
to be rushing towards disaster
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Leathanach 102
Buntéacs
tathughadh fola
Téacs caighdeánach
táthú fola
Béarla
to stem blood flow
Téamaí
Baill choirp, Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 102
Buntéacs
cnámh an smiolagadáin
Téacs caighdeánach
cnámh an smiolgadáin
Béarla
collar-bone
Téamaí
Baill choirp, Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 102
Buntéacs
goidé an deireadh a bhíos ar cheo ghealaighe úire?
Téacs caighdeánach
cad é an deireadh a bhíonn ar cheo gealaí úire?
Béarla
What does a new moon haze portend?
Téamaí
Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Aimsir agus am, Béaloideas agus seanchas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 103
Buntéacs
conairt na Féinne
Téacs caighdeánach
conairt na Féinne
Béarla
the hounds of the Fianna
Téamaí
Ainmhithe agus plandaí, Béaloideas agus seanchas
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 103
Buntéacs
má tá beinn ar d’anam agat
Téacs caighdeánach
má tá beann ar d’anam agat
Béarla
if you care about your soul, if you know what’s good for you
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 103
Buntéacs
ní rabh sé i ndáil nó i ndúthchas agam
Téacs caighdeánach
ní rabh sé i ndáil ná i ndúchas agam
Béarla
it was neither part of my nature or upbringing
Téamaí
Tréithe daonna, Teaghlach - muintir - pobal
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 103
Buntéacs
duine a chur i mborr le bréaga
Téacs caighdeánach
duine a chur i mborr le bréaga
Béarla
to swell someone’s pride with falsehoods
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 104
Buntéacs
bhí déanamh tobáin air
Téacs caighdeánach
bhí déanamh tobáin air
Béarla
he was barrell-shaped
Téamaí
Tréithe daonna, Baill choirp
Leathanach 105
Buntéacs
áirdigh leat é
Téacs caighdeánach
ardaigh leat é
Béarla
take it away with you
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 107
Buntéacs
‘na sgifleogaí marbha dóighte
Téacs caighdeánach
ina scifleoga marbha dóite
Béarla
(leaves) like burnt rags
Téamaí
Ainmhithe agus plandaí
Gnéithe teanga
Samhail
Leathanach 110
Buntéacs
ar shiubhal ó dhoras go doras a dh’iarraidh na déirce
Téacs caighdeánach
ar shiúl ó dhoras go doras ag iarraidh na déirce
Béarla
going from door to door begging
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Teach agus baile
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 110/1
Buntéacs
ar sgéal cómh cosgarthach agus léigh mé riamh
Téacs caighdeánach
ar scéal chomh coscrach agus léigh mé riamh
Béarla
one of the most distressing stories I have ever read
Téamaí
Oideachas, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 114
Buntéacs
i ndiaidh a’ droch-shaoghail
Téacs caighdeánach
i ndiaidh an drochshaoil
Béarla
after the Famine
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Bia agus deoch, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 114
Buntéacs
sgaifte díorfach
Téacs caighdeánach
scata díthreabhach
Béarla
homeless, miserable crowd
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Bás - beatha - sláinte, Bia agus deoch
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 115
Buntéacs
ní bhfuair sé dh’airidh riamh ach ...
Téacs caighdeánach
ní bhfuair sé d’airí riamh ach ...
Béarla
it is just what he deserved ...
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 115
Buntéacs
i n-áit na garaidheachta
Téacs caighdeánach
in áit na garaíochta
Béarla
in the right place to do a favour
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 116
Buntéacs
le fios nó le hamhras
Téacs caighdeánach
le fios nó le hamhras
Béarla
just in case
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 116
Buntéacs
le tréan urraidh
Téacs caighdeánach
le tréan urra
Béarla
with overpowering strength
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Baill choirp, Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 119
Buntéacs
ceileabhar guidheadórachta
Téacs caighdeánach
ceiliúr guíodóireachta
Béarla
prayer before retiring
Leathanach 120
Buntéacs
i ndeireadh na péice
Téacs caighdeánach
i ndeireadh na péice
Béarla
completely exhausted
Téamaí
Tréithe daonna, Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 121
Buntéacs
go n-aithnidh sé eadar béal bán is ionnracas
Téacs caighdeánach
go n-aithníonn sé idir béal bán is ionracas
Béarla
he could distinguish between flattery from honesty
Téamaí
Tréithe daonna, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 121
Buntéacs
níor chuir rud ar bith thara n-a shnáithe riamh é
Téacs caighdeánach
níor chuir rud ar bith thar a shnáithe riamh é
Béarla
nothing ever disconcerted him, ruffled him
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Mothúcháin
Leathanach 122
Buntéacs
rinneadh caorthacha mire de Ned
Téacs caighdeánach
rinneadh caortha mire de Ned
Béarla
Ned flew into a violent rage
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 122
Buntéacs
sgrublach
Téacs caighdeánach
scroblach
Béarla
rabble, riff-raff
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 122
Buntéacs
nach mór a’ chroidhe a gheobhadh sibh!
Téacs caighdeánach
nach mór an croí a gheobhadh sibh!
Béarla
how dare you!
Téamaí
Beannachtaí agus mallachtaí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 124
Buntéacs
thoisigh sé a strócadh mionna mór
Téacs caighdeánach
thosaigh sé a stróiceadh mionnaí móra
Béarla
he started to swear
Leathanach 124
Buntéacs
nár mhó an só ná an t-anró
Téacs caighdeánach
nár mhó an só ná an t-anró
Béarla
there was more to be lost than gained by it
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 124
Buntéacs
D’aithin siad sa bhomaite goidé an siubhal a bhí faoi
Téacs caighdeánach
D’aithin siad sa bhomaite cad é an siúl a bhí faoi
Béarla
they immediately recognised the reason he was coming
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 125
Buntéacs
thoisigh Mósaidh dh’éileamh ar a’ mhnaoi
Téacs caighdeánach
thosaigh Mósaidh a éileamh ar an bhean
Béarla
Mósaidh began to reprimand his wife
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Teaghlach - muintir - pobal, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 128
Buntéacs
urchar iomrallach
Téacs caighdeánach
urchar iomrallach
Béarla
missed throw; missed, random, shot
Téamaí
Caithimh aimsire - cluichí - spóirt, Míleata
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 130
Buntéacs
is é an t-imtheacht é
Téacs caighdeánach
is é an t-imeacht é
Béarla
it’s time to go
Téamaí
Taisteal agus imirce, Beannachtaí agus mallachtaí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 130
Buntéacs
go bhfóiridh Dia air
Téacs caighdeánach
go bhfóire Dia air
Béarla
God help him
Téamaí
Beannachtaí agus mallachtaí
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 131
Buntéacs
ar thús cadhanaidheachta
Téacs caighdeánach
ar thús cadhnaíochta
Béarla
to be among the foremost, in the vanguard
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Míleata
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 132
Buntéacs
cé bé nach rabh ann, (bhí X ann)
Téacs caighdeánach
cibé nach raibh ann, (bhí X ann)
Béarla
X was there, amongst others
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 132
Buntéacs
i n-aghaidh dola
Téacs caighdeánach
in aghaidh dula
Béarla
against nature, against reason
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 132
Buntéacs
...agus chuir ceileabhar ar Eoghan
Téacs caighdeánach
agus chuir ceiliúr ar Eoghan
Béarla
addressed Eoghan
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Leathanach 132
Buntéacs
chan dá éileamh é
Téacs caighdeánach
chan á éileamh é
Béarla
not that I’m complaining about that
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 133
Buntéacs
scotbhach gáirí
Téacs caighdeánach
scotbhach gáire
Béarla
guffaws of laughter
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 133
Buntéacs
nach rabh an chuid mhór le maoidheamh aisti de thairbhe gnaoi
Téacs caighdeánach
nach raibh an chuid mhór le maíomh aisti de thairbhe gnaoi
Béarla
she hadn’t much to boast about because of her beauty
Téamaí
Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Tréithe daonna, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 134
Buntéacs
Éire ar leith-phiginn, acht cá bhfuil a’ leith-phiginn?
Téacs caighdeánach
Éire ar leathphingin, ach cá bhfuil an leath-phingin?
Béarla
it matters not if one can have everything for a halfpenny if one hasn’t got a halfpenny
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 134
Buntéacs
a mhilleadh sin
Téacs caighdeánach
a mhilleadh sin
Béarla
quite the opposite
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 137
Buntéacs
bhí leath-bhróg ar a’ triúr thiar le n-a gcomharsa bhéal dorais
Téacs caighdeánach
bhí leathbhróg ar an triúr thiar lena gcomharsa béal dorais
Béarla
the three of them were biased in favour of their neighbour
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Teach agus baile, Teaghlach - muintir - pobal, Mothúcháin
Leathanach 137
Buntéacs
ar airteagal
Téacs caighdeánach
ar airteagal
Béarla
on a sick call
Téamaí
Bás - beatha - sláinte, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 137
Buntéacs
ba é báire na fola é
Téacs caighdeánach
ba é báire na fola é
Béarla
it was the crucial test
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 138
Buntéacs
bhéinn i mo sháith don tsaoghal
Téacs caighdeánach
bheinn i mo sháith don tsaol
Béarla
I would be well off
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Airgead - maoin - gnó, Obair agus ceardaíocht
Leathanach 139
Buntéacs
comh mór le colpaigh
Téacs caighdeánach
chomh mór le colpach
Béarla
as big as a yearling heifer or bullock
Téamaí
Tréithe daonna, Talmhaíocht, Ainmhithe agus plandaí
Gnéithe teanga
Samhail
Leathanach 139
Buntéacs
ligh tú na liobra ’na dhiaidh
Téacs caighdeánach
ligh tú na liobair ina dhiaidh
Béarla
you licked your lips after it
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Bia agus deoch
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 140
Buntéacs
cróchnáid
Téacs caighdeánach
crócharnaid
Béarla
phantom cortege seen in vision
Téamaí
Béaloideas agus seanchas, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 142
Buntéacs
ar a thásg
Téacs caighdeánach
ar a thásc
Béarla
on the report of his death
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 142
Buntéacs
níor fágadh fuigheall molta air
Téacs caighdeánach
níor fágadh fuíoll molta air
Béarla
he was lavished with praise
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Leathanach 148
Buntéacs
bhí achan duine ar a sháimhín suilt
Téacs caighdeánach
bhí gach aon duine ar a sháimhín suilt
Béarla
everyone was happy and at ease
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 158/9
Buntéacs
Agus i gcionn a chorradh is ceithre sgór thiocfadh leis snáithe a chur i snáithid
Téacs caighdeánach
Agus i gceann a chorradh is ceithre scór thiocfadh leis snáithe a chur i snáthaid
Béarla
he could tread a needle at over eighty years of age
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Aois, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 166
Buntéacs
chuir sé na ribhínigh thaire ’na gcoimheád
Téacs caighdeánach
chuir sé na ribhínigh thar a gcoimheád
Béarla
he took the revenue men by surprise
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Leathanach 166
Buntéacs
shín a’ tóir
Téacs caighdeánach
shín an tóir
Béarla
the chase began
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Cúinsí sóisialta, Míleata, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 167
Buntéacs
ní rabh ramha an ribe eatorra
Téacs caighdeánach
ní rabh raimhre an ribe eatarthu
Béarla
there wasn’t the thickness of a hair between them
Téamaí
Baill choirp
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 167
Buntéacs
ion-súl
Téacs caighdeánach
insúl
Béarla
eye-catching, attractive
Téamaí
Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 167
Buntéacs
broc a dhéanamh de theaghlach
Téacs caighdeánach
broc a dhéanamh de theaghlach
Béarla
to marry off the youngest of family at the expense of the eldest
Téamaí
Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Teaghlach - muintir - pobal
Leathanach 167
Buntéacs
bualadh éadain a thabhairt daobhtha
Téacs caighdeánach
bualadh éadain a thabhairt dóibh
Béarla
to go round them all one by one, to take things in sequence
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Leathanach 168
Buntéacs
fear teangtha
Téacs caighdeánach
fear teanga
Béarla
the man speaking on someone’s behalf
Téamaí
Grá - cleamhnas - rómánsaíocht, Obair agus ceardaíocht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 168
Buntéacs
nach rabh mórán de ghnaoi na ndaoiní uirthí
Téacs caighdeánach
nach raibh mórán de ghnaoi na ndaoine uirthi
Béarla
that she wasn’t attractive
Leathanach 171
Buntéacs
mhairfeadh sé trí sheól mara ag aithris a’ Jail Journal...
Téacs caighdeánach
mhairfeadh sé trí sheol mara ag aithris a’ Jail Journal...
Béarla
you could listen to him for days on end reciting (Mitchell‘s) Jail Journal
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Aimsir agus am, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún
Leathanach 172
Buntéacs
nach rabh aca acht cunamar gránda
Téacs caighdeánach
nach raibh acu ach conamar gránna
Béarla
who only had an smattering (of English)
Téamaí
Oideachas, Cúinsí sóisialta
Leathanach 172
Buntéacs
seirbhísigh na daoirse
Téacs caighdeánach
seirbhísigh na daoirse
Béarla
the servants of slavery, oppression
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Dlí, Polaitíocht - rialtas - tír/náisiún, Stair
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 175
Buntéacs
an dubh a chur ina gheal ar dhuine
Téacs caighdeánach
an dubh a chur ina gheal ar dhuine
Béarla
to pull the wool over s.o.'s eyes
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Leathanach 176
Buntéacs
cupla seanamóir thréamánta
Téacs caighdeánach
cúpla seanmóir thréamánta
Béarla
a couple of powerful sermons
Téamaí
Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 177
Buntéacs
eadar dhá theinidh Bhealtaine
Téacs caighdeánach
idir dhá thine Bhealtaine
Béarla
in a dilemma
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Leathanach 178
Buntéacs
d’imigh tú as maoidheamh
Téacs caighdeánach
d’imigh tú as maíomh
Béarla
you brought disgrace upon your people
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 183
Buntéacs
chuir tú cluain ar an bhás
Téacs caighdeánach
chuir tú cluain ar an Mhárta/ ar an bhás
Béarla
you cheated death
Téamaí
Bás - beatha - sláinte
Leathanach 187
Buntéacs
rud a ligean chun sioparnaigh
Téacs caighdeánach
rud a ligin chun siobarnaí
Béarla
to let sth. fall into a state of neglect
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 187
Buntéacs
cómh mall-triallach le seilide
Téacs caighdeánach
chomh malltriallach le seilide
Béarla
as slow as a snail
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Ainmhithe agus plandaí
Gnéithe teanga
Samhail
Leathanach 189
Buntéacs
níor bheo dó a bheo
Téacs caighdeánach
níor bheo dó a bheo
Béarla
his life wouldn’t be worth living
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 190
Buntéacs
nach mbéadh a shaoghal ion-mhaoidhte air
Téacs caighdeánach
nach mbeadh a shaol inmhaíte air
Béarla
his life wouldn't be an enviable one
Téamaí
Bás - beatha - sláinte, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 191
Buntéacs
go dtugadh siad iarraidh suidhe i mbun (duine)
Téacs caighdeánach
go dtugadh siad iarraidh suí i mbun (duine)
Béarla
they would try to take advantage of s.o.
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Nath
Leathanach 191
Buntéacs
corrlach
Téacs caighdeánach
corrlach
Béarla
odds, profit margin
Téamaí
Airgead - maoin - gnó
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 194
Buntéacs
cómh díreach le feadh
Téacs caighdeánach
chomh díreach le feá
Béarla
as straight as a rush
Téamaí
Tréithe daonna, Ainmhithe agus plandaí
Gnéithe teanga
Samhail
Leathanach 196/7
Buntéacs
roithleach gan snámh
Téacs caighdeánach
roilleach gan snámh
Béarla
odd person out
Téamaí
Tréithe daonna, Ainmhithe agus plandaí
Leathanach 197
Buntéacs
ar maothas le
Téacs caighdeánach
ar maos le
Béarla
drenched in, dripping with, saturated
Leathanach 198
Buntéacs
tolgán trom tinnis
Téacs caighdeánach
tolgan trom tinnis
Béarla
a heavy bout of illness
Téamaí
Bás - beatha - sláinte
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 202
Buntéacs
a’ méidhligh sa dorchadas
Téacs caighdeánach
ag méiligh sa dorchadas
Béarla
whining, bleating in the dark
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Meafar
Leathanach 204
Buntéacs
a’ maoidheamh asta
Téacs caighdeánach
ag maíomh astu
Béarla
boasting about them
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 204
Buntéacs
trasna na Maoile
Téacs caighdeánach
trasna na Maoile
Béarla
across the Moyle Straits between Antrim and Scotland
Téamaí
Taisteal agus imirce, Cúinsí sóisialta, Tíreolaíocht - tírdhreach - áit, Farraige, Obair agus ceardaíocht, Seoltóireacht agus bádóireacht
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 205
Buntéacs
ní mar síltear acht mar cinntighthear
Téacs caighdeánach
ní mar a shíltear ach mar a chinntítear
Béarla
man proposes, God disposes
Téamaí
Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 205
Buntéacs
eisbheartach
Téacs caighdeánach
eisbheartach
Béarla
scantly clad
Téamaí
Éadaí
Gnéithe teanga
Focal aonair
Leathanach 206
Buntéacs
gruag dhiasach
Téacs caighdeánach
gruaig dhiasach
Béarla
shaggy hair
Téamaí
Baill choirp
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 206
Buntéacs
saillte le mionna móra
Téacs caighdeánach
saillte le mionnaí móra
Béarla
peppered with profanities
Téamaí
Iompar agus caidrimh
Leathanach 206
Buntéacs
níor chualaidh aon duine riamh focal graosta nó madramhail as a bhéal
Téacs caighdeánach
níor chuala aon duine riamh focal graosta nó madrúil as a bhéal
Béarla
no one ever heard lewd or obscene talk from him
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 207
Buntéacs
bhí ciall cheannuighthe aige nuair a stealladh an cár as
Téacs caighdeánach
bhí ciall cheannaithe aige nuair a stealladh an cár as
Béarla
he learnt his lesson when his teeth were knocked out
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 208
Buntéacs
ailt mar bhéadh fiacla ráca ann
Téacs caighdeánach
ailt mar a bheadh fiacla ráca ann
Béarla
knuckles like rake teeth
Téamaí
Baill choirp
Gnéithe teanga
Samhail
Leathanach 208
Buntéacs
damnughadh nár thigidh ar m’anam
Téacs caighdeánach
damnú nár thige ar m’anam
Béarla
I’ll be damned
Téamaí
Beannachtaí agus mallachtaí, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Sofhriotal
Leathanach 210
Buntéacs
is beo neach i ndiaidh a bhuailte acht nach beo i ndiaidh a chánta
Téacs caighdeánach
is beo neach i ndiaidh a bhuailte ach nach beo i ndiaidh a chánta
Béarla
words cut more than swords
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Seanfhocal
Leathanach 210
Buntéacs
íoc olc agus iaróg
Téacs caighdeánach
íoc olc agus iaróg
Béarla
the aggressor must take the consequences
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Leathanach 210
Buntéacs
urchar a’ daill fá’n abhaill
Téacs caighdeánach
urchar an daill fán abhaill
Béarla
a shot in the dark
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Leathanach 210
Buntéacs
pearsa eaglasaigh
Téacs caighdeánach
pearsa eaglasta
Béarla
person associated with the Church
Téamaí
Cúinsí sóisialta, Obair agus ceardaíocht, Reiligiún agus creideamh
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 211
Buntéacs
fá rud a chuaidh thara thaomadh
Téacs caighdeánach
fá rud a chuaigh thar a thaomadh
Béarla
about sth. irredeemable
Téamaí
Mothúcháin
Leathanach 213
Buntéacs
uabhar na hóige
Téacs caighdeánach
uabhar na hóige
Béarla
exuberance of youth
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Tréithe daonna, Aois, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch
Leathanach 216
Buntéacs
an té a dhíolfadh a charaid ar a chuid
Téacs caighdeánach
an té a dhíolfadh a chara ar a chuid
Béarla
the one who would betray his friend
Leathanach 216
Buntéacs
sgéal chinn chroim
Téacs caighdeánach
scéal cinn chroim
Béarla
a reason to be ashamed
Téamaí
Mothúcháin
Leathanach 217
Buntéacs
domh is eol a sgeól a sgaoileadh
Téacs caighdeánach
dom is eol a scéal a scaoileadh
Béarla
who better than me to spread its story
Téamaí
Iompar agus caidrimh, Mothúcháin
Gnéithe teanga
Frása suntasach teangeolaíoch