Is beag cainteoir Gaeilge i gCúige Uladh nó, go dearfa, sa tír nár chuala iomrá ar Shéamus Ó Grianna as Rinn na Feirste i nGaeltacht Rosa Thír Chonaill. Bhí sé i measc na scríbhneoirí is bisiúla, is filiúnta agus is saibhre Gaeilge dar mhair.
Rugadh Séamus, a scríobh faoin ainm cleite Máire, in 1889 agus fuair sé bás in 1969. Scríobh sé 28 leabhar, idir úrscéalta, chnuasaigh gearrscéalta agus dhírbheathaisnéisí le cois an iomad amhráin, dánta agus ailt.
Chuir sé fána choinne féin scéal a mhuintire, a pharóiste agus a thíre a insint sa chanúint inar tógadh é. Ní ardlitríocht a chum sé ach scéalta áille, stairiúla, rómánsúla.
Ach thar gach ní eile, sholáthair sé dúinn foinse agus taisce den chuid is saibhre de Ghaeilge Rinn na Feirste mar a labhraítí í san 19ú agus san 20ú haois. Is iomaí cor a chuir an teanga di ó bhí Séamus ina neart ach maireann an Ghaeilge go fóill agus maireann cuimhne ar Shéamus mar cheannródaí a mheall na mílte foghlaimeoir Gaeilge chuig tobar na teanga is binne dar scríobh Ultach sa Nua-Ghaeilge.
Is é is rún don tionscadal seo an saibhreas a chuir Séamus ar pár agus a chur ar fáil do phobal Gaeilge Chúige Uladh go háirithe agus don tír agus do chainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne.
Tá meitheal an tionscadail tiomanta d’áis a chur ar fáil a bheas le leas lucht foghlama – daltaí Scoileanna Gaeltachta, daltaí Gaelscoileanna, mic léinn fochéime agus iarchéime, lucht taighde agus an iomad duine a fhreastalaíonn ar ranganna a chuireann lucht na cúise ar fáil i ngach cearn de Chúige Uladh agus ar fud na tíre.
Lena chois sin, ba mhaith linn áis nó taisce a chur ar fáil a dtig le muintir Rinn na Feirste go háirithe agus bunadh Ghaeltacht Thír Chonaill go ginearálta a bheith bródúil aisti.
Is é an cuspóir againn suíomh gréasáin a chruthú ina dtiocfadh cora cainte, natháin agus focail aonair atá i saothar Mháire a chuardach agus iad a fheiceáil sa chomhthéacs chuí.
Is gá, ar ndóigh, leagan caighdeánach a chur ar fáil den téacs ar fad. Gan sin, bheadh sé ina earra coimhthíoch ag bunús phobal Gaeilge na tíre, go háirithe ag an aos óg. Chuige sin, is é a bheas ar fáil ar an suíomh an buntéacs mar a scríobh Máire é agus téacs caighdeánach chomh maith le haistriúchán Béarla taobh leis. Ar an dóigh seo, beidh sé inláimhsithe ag an ghnáth-Ghaeilgeoir ach bheadh an litriú canúnach ar fáil chomh maith don té ar ansa leis é agus don té ar suim leis staidéar a dhéanamh ar ghnéithe den chanúint agus den litriú réamhchaighdeánach.
I gComhpháirt le: