Is as Doire ó cheart mé ach tógtha ar altramas ag Béal Feirste le fada an lá. Is múinteoir agus aistritheoir déanta mé, agus taithí agam ar obair rialtais fosta. Tá mé ag obair i rólanna éagsúla sa Chumann le cúig bliana déag, agus is ann a d’fhoghlaim mé bunús mo chuid Gaeilge. San am i láthair, is mé an tOifigeach Oideachais, ag féacháil le hacmhainní foghlama/teagaisc a chruthú don tríú hearnáil agus le clár cúrsaí an Chumainn a mhéadú. Fear céile, athair triúir níonach dhátheangach agus dadaí madaidh.
Is as Béal Feirste ó dhúchas mé, áit a bhfuil mé i gcónaí ar feadh mó shaoil. Ball de Cumann Chluain Ard le coradh le deich mbliana mé, agus is ann a d’fhoglaim mé mo chuid Gaeilge. De bharr mo thaithí i gCumann Chluain Árd, chuaigh mé ar aghaidh le céim BA a dheanamh i nGaeilge, agus i ndiaidh na mblianta fada de bheith ag obair sa tseirbhís sláinte, tá mé anois ag obair in earnáil na Gaelscolaíochta. Tá mé ar an choiste bainistíthe agus ar an fhoireann teagaisc. Is údar mór bróid dom a rá gur máthair mé le seisear clainne agus duine déag de chlann clainne.
Rugadh agus tógadh i mBéal Feirste mé, áit ar thóg mé mo pháistí féin. Bhí mé ar Bhunscoil Phobal Feirste, agus tá mé ag foghlaim na Gaeilge ó shin. Tá mé ag teagasc le Cumann Chluain Árd le cúpla bliain anuas, agus is ansin a bhím ag foghlaim go fóill. Thoisigh mé a dh’obair in earnáil na Gaelscolaíochta le fíordheireanas.
——
Is as Béal Feirste ó dhucais mé – áit ar rugadh agus togadh mé. Is fear céile agus athair mé.
Cé nár togadh mé leis an Ghaeilge, bhí suim agam i gconaí inti agus i dteangacha eile. Tar éis domh bliain a chaitheamh i Tír na mBascach, phill mé go hÉirinn agus thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i gCumann Chluain Árd. Tá baint agam leis an Chumann ó shin.
Tá mé ar an fhoireann teagaisc le trí bliana anuas agus thaitin sé go mór liom.
Is áit iontach speisialta é Cumann Chluain Árd. Tá spiorad agus traidisiún Gaelach iontach sa phobal ansin agus cuireann sé bród ar mo chroí a bheith páirteach leis.
Feirsteach, fear pósta, athair agus seanathair atá ag tarraingt ar Chumann Chluain Árd le blianta fada. D’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ó na seanfhondúirí sa Chumann agus mé i m’fhear óg. Tá mé ar an fhoireann teagaisc le 30 bliain, agus, mar sheanfhondúir mé féin anois, bainim an-sult as a bheith ag teagasc ann go fóill. Bím ag súil i gcónaí leis an chéad rang eile, agus leis an chéad duine eile a thiocfas isteach chugainn ina strainséar, ach a fhágfas mar chara. Beidh mé i mo fhoghleoir Gaeilge go deo, agus más feidir liom cuidiú le foghlaimeoirí eile Gaeilge i rith an lae, is fiú go mór éirí ar maidin.